Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
San Gheimhreadh ag tuitim na h-oidche (Dhán tuaithe)
Title
San Gheimhreadh ag tuitim na h-oidche (Dhán tuaithe)
Author(s)
Corcamruadh,
Pen Name
Corcamruadh
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
San Gheimhreadh ag tuitim na h-oidche (Dhán tuaithe) Tá an foghmhar breágh imthighthe 's éagtha Is cruadhas a' teacht ins an ghaoith, Tá uaigneas ar chnuic is ar shléibhte San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche. Cá ndeachaidh na héiníní aoibhne Thug ceol binn is lúthgháir dhár gcroidhe? Táid éaluighthe roimh fuacht agus easbaidh San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche. Tá na beithidhigh ag glaodhach is ag géimnigh Bhíodh san fhéar glas go suanmhar 'na luighe, Is na daoine cruinn thart ar an teallach San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche. Is cluintear go hárd an gé fiadhain A' sgreadadh go tréan ar an ghaoith An naosg is an pilibín aerach San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche. Tá an ghrian 'sleamhnughadh síos faoi na sléibhte 'S an spéar ina thimcheall glas buidhe Tá measgadh 'gus dubhchan 'sna néaltaibh San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche. Is gearr uainn oidhche fhada an tsaoghail seo Tráth nach feicfear an lá geal a choidhche Bíodh muid ullamh mar sin faoi n-a coinne San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche. Corcamruadh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services