Historical Irish Corpus
1600 - 1926

San Gheimhreadh ag tuitim na h-oidche (Dhán tuaithe)

Title
San Gheimhreadh ag tuitim na h-oidche (Dhán tuaithe)
Author(s)
Corcamruadh,
Pen Name
Corcamruadh
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


San Gheimhreadh ag tuitim na h-oidche
(Dhán tuaithe)



Tá an foghmhar breágh imthighthe 's éagtha
Is cruadhas a' teacht ins an ghaoith,
Tá uaigneas ar chnuic is ar shléibhte
San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche.



Cá ndeachaidh na héiníní aoibhne
Thug ceol binn is lúthgháir dhár gcroidhe?
Táid éaluighthe roimh fuacht agus easbaidh
San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche.



Tá na beithidhigh ag glaodhach is ag géimnigh
Bhíodh san fhéar glas go suanmhar 'na luighe,
Is na daoine cruinn thart ar an teallach
San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche.



Is cluintear go hárd an gé fiadhain
A' sgreadadh go tréan ar an ghaoith
An naosg is an pilibín aerach
San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche.



Tá an ghrian 'sleamhnughadh síos faoi na sléibhte
'S an spéar ina thimcheall glas buidhe
Tá measgadh 'gus dubhchan 'sna néaltaibh
San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche.



Is gearr uainn oidhche fhada an tsaoghail seo
Tráth nach feicfear an lá geal a choidhche
Bíodh muid ullamh mar sin faoi n-a coinne
San gheimhreadh ag tuitim na hoidhche.



Corcamruadh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services