Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dileagra
Title
Dileagra
Author(s)
Ó Baoighill, Conn,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dileagra Ó lucht náimhde biotailte na Rosaidhe Íochtarach i gConndae Dhúin na nGall. Do'n Cháirdineal Ó Maoilmhaodhóg A Chomharba Phádraic agus Uachtaráin Eaglaise na hÉirinn - le h-áthas mór inntinne agus grádh iomlán, cuireann foireann de lucht náimhde biotailte an pharaisde seo fáilte lúthgháireach ríméadach romhad i n-ar measg indiu. Níor imthigh sé as ar gcuimhne gur saothrach dícheallach d'oibrigh tú, chomh fada 's bhís do shagart 'san Chonndae seo, leis an deamhain do dhíbirt do bhíodh dh'ár gcreach agus dh'ár lot go follasach spioradalta agus corpardha. Le sólás bheirimid i gcuimhne do theagasg do'n tsean, do'n mheadhon-aois, agus go háirithe do'n aos óg, ar an ghníomh so, nuair a thightea d'á sgrudadh san Teagasg Críosdaidhe, agus le lúthgháir comh-measgtha le buaidhreadh thainic an sgéal chugainn gur toghadh thu 'd uachdarán ar chléir na hÉireann agus mar chomharba Phádraic i gcathair Árda Macha. Acht laghduigheadh ar mbuaidhirt ag cloistin gur cliarach de'n Chonndae seo as Colaisde mór Muighe Nuadhad a toghadh ls suidhe i gcathaoir Adhamhnáin sé sin an tEasbog Ó Domhnaill atá i láthair agus a bhfuil fáilte fíor aige uainn go huile. Le sólás mór chímid-ne gur lean sé chomh dlisteanach do'n cheacht foghlama fuair sé faoi do theagasg, mar chomhairligh sé go coitcheann dúinn an deamhan so do thréigeadh. Le brón agus mí-áthas mó chídh sinn na tighe biotailte a' méadughadh san pharaisde, agus nuair a thoiligh Dia sleacht beatha do chur ar ar dtimcheall, tá eagla go mbeidh siad 'na gcúis creacha níos mó níos tréine agus níos éifeachtaighe ná bhí riamh. Siad so na náimhde is mó ag ar mbochtanacht san am i láthair. Ar an adhbhar sin impighmid ort congnamh d'fhágháil ó Dhia a chosnochas sinn ar na hocáidibh peacaibh atá faraor lán líonmhar i n-ar measg. Ní thig linn bhur n-imtheacht indiu do leigean tharainn gan buidheachas thabhairt daoibh ar bhur saothar a' teacht annso i measg bhur n-iomad gnotha agus guidhfeamuid. Go moch is go mall Gach uair is gach tráth Gur fad-saoghlach do réim I gcathair Árdmacha. Ag staidéar na neithe A leanas do'n Rígh Le cíocras is díograis Amach ó do chroidhe. Agus cuimhne an ruaig seo Ní baoghal di bás; Ag muinntir na Rosaidhe Ba suarach an cás. Beidh ag fuireach le foighde Go dtiucfaidh an lá Mbéidh sinn cruinn romhad arís Le díograis agus grádh. Conn Ó Baoighill do sgríobh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services