Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dileagra

Title
Dileagra
Author(s)
Ó Baoighill, Conn,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dileagra



Ó lucht náimhde biotailte na Rosaidhe Íochtarach
i gConndae Dhúin na nGall.



Do'n Cháirdineal Ó Maoilmhaodhóg



A Chomharba Phádraic agus Uachtaráin Eaglaise na
hÉirinn - le h-áthas mór inntinne agus grádh iomlán,
cuireann foireann de lucht náimhde biotailte an
pharaisde seo fáilte lúthgháireach ríméadach romhad i
n-ar measg indiu.



Níor imthigh sé as ar gcuimhne gur saothrach dícheallach
d'oibrigh tú, chomh fada 's bhís do shagart 'san Chonndae
seo, leis an deamhain do dhíbirt do bhíodh dh'ár gcreach
agus dh'ár lot go follasach spioradalta agus corpardha.



Le sólás bheirimid i gcuimhne do theagasg do'n tsean,
do'n mheadhon-aois, agus go háirithe do'n aos óg, ar an
ghníomh so, nuair a thightea d'á sgrudadh san Teagasg
Críosdaidhe, agus le lúthgháir comh-measgtha le buaidhreadh
thainic an sgéal chugainn gur toghadh thu 'd uachdarán
ar chléir na hÉireann agus mar chomharba Phádraic i gcathair
Árda Macha. Acht laghduigheadh ar mbuaidhirt ag
cloistin gur cliarach de'n Chonndae seo as Colaisde
mór Muighe Nuadhad a toghadh ls suidhe i gcathaoir
Adhamhnáin sé sin an tEasbog Ó Domhnaill atá i láthair
agus a bhfuil fáilte fíor aige uainn go huile.



Le sólás mór chímid-ne gur lean sé chomh dlisteanach
do'n cheacht foghlama fuair sé faoi do theagasg, mar
chomhairligh sé go coitcheann dúinn an deamhan so do
thréigeadh.



Le brón agus mí-áthas mó chídh sinn na tighe biotailte
a' méadughadh san pharaisde, agus nuair a thoiligh Dia
sleacht beatha do chur ar ar dtimcheall, tá eagla go
mbeidh siad 'na gcúis creacha níos mó níos tréine agus
níos éifeachtaighe ná bhí riamh. Siad so na náimhde is
mó ag ar mbochtanacht san am i láthair. Ar an adhbhar
sin impighmid ort congnamh d'fhágháil ó Dhia a chosnochas
sinn ar na hocáidibh peacaibh atá faraor lán líonmhar
i n-ar measg.



Ní thig linn bhur n-imtheacht indiu do leigean tharainn
gan buidheachas thabhairt daoibh ar bhur saothar a' teacht
annso i measg bhur n-iomad gnotha agus guidhfeamuid.



Go moch is go mall
Gach uair is gach tráth
Gur fad-saoghlach do réim
I gcathair Árdmacha.
Ag staidéar na neithe
A leanas do'n Rígh
Le cíocras is díograis
Amach ó do chroidhe.
Agus cuimhne an ruaig seo
Ní baoghal di bás;
Ag muinntir na Rosaidhe
Ba suarach an cás.
Beidh ag fuireach le foighde
Go dtiucfaidh an lá
Mbéidh sinn cruinn romhad arís
Le díograis agus grádh.



Conn Ó Baoighill do sgríobh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services