Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Tá Impire Almáine ag dul arn-ais ó Shasana. Bhí saoghal maith aige i Lúnduin ar feadh na seachtmhaine. Adubhart na páipéir linn go minic gur glaigín glugasach an fear so acht deirid indiu gur duine áluinn é. Tuigeann cách an fáth. Ba mhaith le Seághan carada do dhéanamh leis an Impire seo agus bhí cogarnaigh agus fleadh agus féasda acu le seachtmhain, acht buachaill glic is eadh an tImpire agus aithnigheann sé Seághan. Bhí sé ag fiadhach agus lámhach agus deirtheas gur maith an sás piléar do chur i sgiathán creabhair é gidh go bhfuil laigeacht seólachair 'na láimh chlé. Tá inntleacht ghéar aige agus foghluim mhór air. Ba cheart do sain adéarfair mar is rí é, acht ní mar sin é, tugthar cuid mhaith d'á shlighe féin do rí i n-óige agus is annamh ceann acu go mbíonn cion aige ar na leabhraibh. Acht daoine an- chiallmhar is eadh na Gearmánaigh agus bíonn smacht ag an righ ar a gharsún chómh maith le cách, agus do chuirfinn geall gur minic do thug a athair rásdáil le slait do'n Ímpire seo. Tá a rian air, is géarchúiseach, clisde, eólach an fear é. Tá clann mhac agus inghean aige agus deirtheas go gcuireadh an Bhean Ímpire chum codlata iad siúd agus go bhfuil mórán cailíní aimsire agus ban fiothálta aici. Bhí fleadh mhór acu an lá eile i dteach na bainrioghna i Sasana agus dubharthas go raibh luach dhá mhilliúin púnt de thrusgán cláir ar a n-aghaidh amach idir miasa óir, meiginí, crúsgaí agus coirn, agus is deallrathach go raibh an biadh go maith. Sin mar do bhíonn; daoine i n-aon bhail amháin, breis bídh acu agus beag-ghoile, agus daoine eile gan fiú an aráin agus ampladh ortha. Tá an iomad de'n dá shaghas daoine úd i Lúnduin agus ní hiongnadh liom go bhfuil míshástacht ann. Muna mbiadh an dlíghe do stracfadh na daoine ocracha na daoine saidhbhre as a chéile. Bhí Seaghán chómh fial, fáilteach sain leis an Ímpire go ndeirtear gur thairig seisean do shíothcháin do dhéanamh le Pól Kruger ar a shon, acht d'ár ndóich ní fíor an sgéal. Tá Pól ag dul ar aghaidh chómh tréan sain nách furusda síothcháin do dhéanamh leis anois. Chuir Buller dhá mhíle dhéag fear ar siubhal ó chuan Durban i gcómhar fóirithin do thabhairt do'n Fhuíteach acht tá na Bóraigh timcheall ortha do nós na tuile agus ní fhuil fhios againn cadh' tá acu 'gá dhéanamh acht amháin go bhfuil a leath ag Estcourt agus an leath eile i Longphort deich mile dia thíos de'n bhaile sain cois abhann. Tá an dá dhream úd i gcúmhangach do nós an Fhuítigh mar ní leigfidh Ioubert dóibh dul ar aghaidh 'ná dul ar gcúl. Mo thruagh Seághan bocht an aimsir seo. Tá chúig mhíle fichead fear ins an Natál. Roinn Ioubert 'na dtrí gcodaibh iad agus tá sé ag stealladh philéar leó ó mhaidean go h-oidhche, acht tá an ghainimh ann agus is féidir leis na fearaibh poll do dhéanamh innte agus iad féin do chosaint le n-a ngunnaibh móra ar an mBórach ngránna. Táid na saighdiúirí ag troid go calma siúd agus go bhfuil cuid acu dá mharbhadh gach lá acht tá súil acu go dtiocfaidh Buller le sluagh eile chum iad d'fhuasgladh. Is ait an scéal é, ní thuigeann éinneach é, shíleamair go gcuirfimís cogadh ar an ndúthaigh, acht tá dream beag feirmeóirí ag gabháil de chosaibh ionnainn, i n-aindeoin Bhuller leis an taoiseach úd go raibh ár muinighín as. Is leó dhá dtrian de'n Natál úd anois; táid siad ag bailiú- ghadh na mart agus na gcapall cúca féin agus builg ortha ag ithe mhairt-fheola, acht is geárr go mbeidh ár saigh- diúirí ag itheadh na sála dhá chéile le hocras muna sguirfidh Buller iad. Bhí scata capall toghtha i main- reach annsúd 'gá mbeathúghadh i gcómhair cinéal maith capall d'oileadh asda, trí chéad ceann acu, luach chúig mhíle dhéag púnt. Bhuail na Bóraigh na dtreo. "Is linn iad," ar siadsan agus thógadar leo na capaill. Is nós cogaidh é sin agus ní gaduidheacht, bíodh an mhaoin ag an té is treise. Deir Seághan go mbeidh an buaidh leis féin 'sa deireadh gidh náchar shílidh sé go mbainfidhe a leithéid seo do thuisleadh as. Tá sé ag déanamh iarracht ar Chimberlí d'fhuasgladh, baile mór atá trí chéad míle siar ó'n Natál. Tá Crónghe agus a shluaighte ag gabháil de'n chathair úd agus tá sí féin agus a bhfuil innte i ndroch-riocht. Tá an tighearna Metuen agus ocht míle fear ag sodar fá na déin. Fear bladhmannach is eadh é siúd adeirtear. Chuir sé tuairisg uaidh gur bhuail trí mhíle Bórach leis agus go raibh cómhrac garg acu acht gur chuir sé fein an ruagadh ortha. Chaill sé trí chéad fear. Chuir na Sasanaigh an ciachán ortha féin ag liúghraigh - ní raibh aon fhaill acu ar liugh mhaith do chur
asda le coicidheas - agus chuir na páipéir blas ar an dtuairisg úd le héitheach mar ba ghnáthach. Gaoth agus éitheach an chuid is mó atá ins na páipéaraibh an aimsir seo. Muna mbiadh gurab é sin an saghas tuairisge do thaithnigheann le Seághan ní dócha go mbiadh sé ins na páipéaraibh. Is olc an cómhartha é nuair do bheidheas sainnt chum bréagh agus mhaoidheamh ar mhuintir tíre. Is cómhartha soiléir é go bhfuil croidhe agus inntinn na tíre sin lobhtha, acht i n-aindeóin sin is mór an nidh go bhfuil daoine macánta, fírinneacha, annso agus annsúd fós. Is dóigh liom go bhfuil náire ag teacht fá dheireadh ar chuid de na páipéaraibh, go h-áirighthe fo-cheann acu, agus is mithid do'n phobal an mas-mus do bheith ortha ó'n éitheach. Dá réir sin tá súil agam go mbeidh beagán de'n fhírinne againn feasda i dtaobh an chogaidh ghránna, pheacamhail seo, agus gidh go bhfuil an báire fós leis an mBórach úd is deacair a rádh go mbeidh an buaidh leis 'sa deireadh, dá fheabhas é. Fear le fear agus ní bhuadhfaidhe air, acht beidh triúir i gcoinnibh gach fir. Tá an sgéal gá leathadh fós go bhfuil an Rúise ag Herat agus má's fíor é, is geárr go mbeidh an chúmhacht sain ag bagairt ar na hIndiachaibh Thoir. Cad' do dhéanfadh Seághan? Géilleadh no troid? Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services