Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá Impire Almáine ag dul arn-ais ó Shasana. Bhí
saoghal maith aige i Lúnduin ar feadh na seachtmhaine.
Adubhart na páipéir linn go minic gur glaigín
glugasach an fear so acht deirid indiu gur duine
áluinn é. Tuigeann cách an fáth. Ba mhaith le Seághan
carada do dhéanamh leis an Impire seo agus bhí cogarnaigh
agus fleadh agus féasda acu le seachtmhain, acht buachaill glic
is eadh an tImpire agus aithnigheann sé Seághan.



Bhí sé ag fiadhach agus lámhach agus deirtheas gur maith an
sás piléar do chur i sgiathán creabhair é gidh go bhfuil
laigeacht seólachair 'na láimh chlé. Tá inntleacht ghéar
aige agus foghluim mhór air. Ba cheart do sain adéarfair
mar is rí é, acht ní mar sin é, tugthar cuid mhaith d'á
shlighe féin do rí i n-óige agus is annamh ceann acu go
mbíonn cion aige ar na leabhraibh. Acht daoine an-
chiallmhar is eadh na Gearmánaigh agus bíonn smacht ag an
righ ar a gharsún chómh maith le cách, agus do chuirfinn geall
gur minic do thug a athair rásdáil le slait do'n Ímpire
seo. Tá a rian air, is géarchúiseach, clisde, eólach an
fear é. Tá clann mhac agus inghean aige agus deirtheas go
gcuireadh an Bhean Ímpire chum codlata iad siúd agus go
bhfuil mórán cailíní aimsire agus ban fiothálta aici. Bhí
fleadh mhór acu an lá eile i dteach na bainrioghna i
Sasana agus dubharthas go raibh luach dhá mhilliúin púnt de
thrusgán cláir ar a n-aghaidh amach idir miasa óir,
meiginí, crúsgaí agus coirn, agus is deallrathach go raibh an
biadh go maith. Sin mar do bhíonn; daoine i n-aon bhail
amháin, breis bídh acu agus beag-ghoile, agus daoine eile gan
fiú an aráin agus ampladh ortha. Tá an iomad de'n dá
shaghas daoine úd i Lúnduin agus ní hiongnadh liom go
bhfuil míshástacht ann. Muna mbiadh an dlíghe do
stracfadh na daoine ocracha na daoine saidhbhre as a
chéile.



Bhí Seaghán chómh fial, fáilteach sain leis an Ímpire go
ndeirtear gur thairig seisean do shíothcháin do dhéanamh
le Pól Kruger ar a shon, acht d'ár ndóich ní fíor an
sgéal. Tá Pól ag dul ar aghaidh chómh tréan sain nách
furusda síothcháin do dhéanamh leis anois. Chuir Buller
dhá mhíle dhéag fear ar siubhal ó chuan Durban i gcómhar
fóirithin do thabhairt do'n Fhuíteach acht tá na Bóraigh
timcheall ortha do nós na tuile agus ní fhuil fhios againn
cadh' tá acu 'gá dhéanamh acht amháin go bhfuil a leath ag
Estcourt agus an leath eile i Longphort deich mile dia thíos
de'n bhaile sain cois abhann. Tá an dá dhream úd i
gcúmhangach do nós an Fhuítigh mar ní leigfidh Ioubert
dóibh dul ar aghaidh 'ná dul ar gcúl. Mo thruagh Seághan
bocht an aimsir seo. Tá chúig mhíle fichead fear ins an
Natál. Roinn Ioubert 'na dtrí gcodaibh iad agus tá sé
ag stealladh philéar leó ó mhaidean go h-oidhche, acht tá
an ghainimh ann agus is féidir leis na fearaibh poll do
dhéanamh innte agus iad féin do chosaint le n-a ngunnaibh
móra ar an mBórach ngránna. Táid na saighdiúirí
ag troid go calma siúd agus go bhfuil cuid acu dá
mharbhadh gach lá acht tá súil acu go dtiocfaidh Buller
le sluagh eile chum iad d'fhuasgladh. Is ait an scéal
é, ní thuigeann éinneach é, shíleamair go gcuirfimís
cogadh ar an ndúthaigh, acht tá dream beag feirmeóirí
ag gabháil de chosaibh ionnainn, i n-aindeoin Bhuller
leis an taoiseach úd go raibh ár muinighín as. Is leó
dhá dtrian de'n Natál úd anois; táid siad ag bailiú-
ghadh na mart agus na gcapall cúca féin agus builg ortha ag
ithe mhairt-fheola, acht is geárr go mbeidh ár saigh-
diúirí ag itheadh na sála dhá chéile le hocras muna
sguirfidh Buller iad. Bhí scata capall toghtha i main-
reach annsúd 'gá mbeathúghadh i gcómhair cinéal maith
capall d'oileadh asda, trí chéad ceann acu, luach chúig
mhíle dhéag púnt. Bhuail na Bóraigh na dtreo. "Is
linn iad," ar siadsan agus thógadar leo na capaill. Is
nós cogaidh é sin agus ní gaduidheacht, bíodh an mhaoin ag
an té is treise. Deir Seághan go mbeidh an buaidh
leis féin 'sa deireadh gidh náchar shílidh sé go mbainfidhe
a leithéid seo do thuisleadh as. Tá sé ag déanamh
iarracht ar Chimberlí d'fhuasgladh, baile mór atá trí
chéad míle siar ó'n Natál. Tá Crónghe agus a shluaighte
ag gabháil de'n chathair úd agus tá sí féin agus a bhfuil innte
i ndroch-riocht. Tá an tighearna Metuen agus ocht míle
fear ag sodar fá na déin. Fear bladhmannach is eadh
é siúd adeirtear. Chuir sé tuairisg uaidh gur bhuail
trí mhíle Bórach leis agus go raibh cómhrac garg acu acht
gur chuir sé fein an ruagadh ortha. Chaill sé trí chéad
fear. Chuir na Sasanaigh an ciachán ortha féin ag
liúghraigh - ní raibh aon fhaill acu ar liugh mhaith do chur


L. 610


asda le coicidheas - agus chuir na páipéir blas ar an
dtuairisg úd le héitheach mar ba ghnáthach. Gaoth agus
éitheach an chuid is mó atá ins na páipéaraibh an aimsir
seo. Muna mbiadh gurab é sin an saghas tuairisge do
thaithnigheann le Seághan ní dócha go mbiadh sé ins na
páipéaraibh. Is olc an cómhartha é nuair do bheidheas
sainnt chum bréagh agus mhaoidheamh ar mhuintir tíre. Is
cómhartha soiléir é go bhfuil croidhe agus inntinn na tíre
sin lobhtha, acht i n-aindeóin sin is mór an nidh go bhfuil
daoine macánta, fírinneacha, annso agus annsúd fós. Is
dóigh liom go bhfuil náire ag teacht fá dheireadh ar chuid
de na páipéaraibh, go h-áirighthe fo-cheann acu, agus is
mithid do'n phobal an mas-mus do bheith ortha ó'n éitheach.
Dá réir sin tá súil agam go mbeidh beagán de'n
fhírinne againn feasda i dtaobh an chogaidh ghránna,
pheacamhail seo, agus gidh go bhfuil an báire fós leis an
mBórach úd is deacair a rádh go mbeidh an buaidh
leis 'sa deireadh, dá fheabhas é. Fear le fear agus ní
bhuadhfaidhe air, acht beidh triúir i gcoinnibh gach fir. Tá
an sgéal gá leathadh fós go bhfuil an Rúise ag Herat
agus má's fíor é, is geárr go mbeidh an chúmhacht sain
ag bagairt ar na hIndiachaibh Thoir. Cad' do dhéanfadh
Seághan? Géilleadh no troid?



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services