Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cur Síos ar an gCogadh
Title
Cur Síos ar an gCogadh
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Luighe gan éirghe
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cur síos ar an gcogadh Craobh Bhaile Mhúirne, Cúil Aodha, Mí Shamhna 8, 1899 Dia Domhnaigh seo ghabh tharainn do chnuasuigheamar uile lucht leanamhna na craoibhe, agus chaitheamhar seal sultmhar greannmhar ag innsint sgéala nua dá chéile. I dtúis agus i ndeireadh i mbun agus i mbárr gach sgéil do tharluigheadh an cómhrádh ar nuadhacht ó'n gcogadh idir na Sasanaigh agus Pól Crúbach; mar sí seo an leas ainm a ghlaodhann muinntear Chúil Aodha ar Chrúger. Do fhiafruigh Paidí Bán cad iad na fearta le n-a marbhuigheann na Bóraigh a oiread dá námhaid. Iad lámhach go blasta ar Tadhg na Tuinne, mar is maith é a dtaithighe agus a múineadh ar ghuna as a n-óige. Is clos dom, ar Séamus Ua Scannail, nach ina seasamh acht 'na luighe a lámhaid siad, nó ar a leath- ghlúin nó ar a mbolg nó ar a ndrom. Bíonn - ar an Scannalach - an céad chath sínte, an dara cath ar a nglúnaibh, an tríomhadh cath ar a gcoppa-giob. Bíonn an fear aosta nár pósadh riamh i dtúis an bhualadh, an fear pósta gan pháisde 'na ndiaidh sin, agus annsoin na seandaoine liatha leamha. Do chorp ó'n diabhal, a Scannalaigh, ar Jes Eoghain, cuir uait an magadh! Is mé go deimhin le mór-mheas, Luighe gan éirghe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services