Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cur Síos ar an gCogadh

Title
Cur Síos ar an gCogadh
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Luighe gan éirghe
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cur síos ar an gcogadh
Craobh Bhaile Mhúirne,
Cúil Aodha,
Mí Shamhna 8, 1899



Dia Domhnaigh seo ghabh tharainn do chnuasuigheamar
uile lucht leanamhna na craoibhe, agus chaitheamhar seal
sultmhar greannmhar ag innsint sgéala nua dá chéile.
I dtúis agus i ndeireadh i mbun agus i mbárr gach sgéil do
tharluigheadh an cómhrádh ar nuadhacht ó'n gcogadh idir
na Sasanaigh agus Pól Crúbach; mar sí seo an leas ainm
a ghlaodhann muinntear Chúil Aodha ar Chrúger.



Do fhiafruigh Paidí Bán cad iad na fearta le n-a
marbhuigheann na Bóraigh a oiread dá námhaid.



Iad lámhach go blasta ar Tadhg na Tuinne, mar is
maith é a dtaithighe agus a múineadh ar ghuna as a n-óige.



Is clos dom, ar Séamus Ua Scannail, nach ina
seasamh acht 'na luighe a lámhaid siad, nó ar a leath-
ghlúin nó ar a mbolg nó ar a ndrom. Bíonn - ar an
Scannalach - an céad chath sínte, an dara cath ar a
nglúnaibh, an tríomhadh cath ar a gcoppa-giob. Bíonn
an fear aosta nár pósadh riamh i dtúis an bhualadh, an
fear pósta gan pháisde 'na ndiaidh sin, agus annsoin na
seandaoine liatha leamha.



Do chorp ó'n diabhal, a Scannalaigh, ar Jes Eoghain,
cuir uait an magadh!



Is mé go deimhin le mór-mheas,



Luighe gan éirghe

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services