Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Leigheamar go raibh na Bóraigh go han-charthanach leis na saighdiúirí úd do ghabhadar ag Log-Nicolson. Roin- neadar a gcuid tabac leo, thugadar uisge chúca, agus labhradar leo gan maoidheamh. Cheangladar creachda na bhfear ngonta chómh maith agus do b'fhéidir go dtáinig an liaigh. Éistimís le beirt acu ag caint. B'fhéidir gur mar so do labhradar. "A Rúinic (Sasanach) ní féidir liom cosg do chur leis an sruth fola as do cheathramhain, acht bíodh meisneach maith ort, beidh an liaigh annso láithreach," adeir an Bórach. "Ní Rúinic mé" deir Tadhg bocht, "acht Éireannach" agus machtnuigheann sé leis féin annsúd ag fághail bháis imeasg na gcnoc ins an Natál. Bhí sé ar aonach Bhaile-na-Slóigh, dhíol sé caoirigh ann do-hoileadh ar Chruach Phátruig, d'ól sé féin agus Séamus braon agus agus bhíodar go meidhreach. Chuir Glacaire an Airm súil ionnta, thaithnigh na guailne leathna leis; theasbáin sé dhóibh bónna deas gréasda bhí ar a mhuinéal, crios leathair bhuidhe ar a chaol, agus fáithchim ar a mhuiniltre. Mhol sé a gcosa agus a ndéanamh, mheall sé agus bhréag sé an bheirt. Táid siad annsúd, Séamas thíos ins an raithnigh cois na habhann agus piléar 'na éadan agus Tadhg thuas annsain ar taobh an chnocáin agus bior a ghunna brisde. Is iomdha deór do shíl mo mhaithrín am' dhiaidh adeir sé leis féin, cuimhnightheann sé ar phaidir do mhúin sí dhó nuair do bhí sé óg. Dia led' anam a Thadhg ní fuil le liaigh annso acht annsúd thuas imeasg na réaltan, agus chan Tadhg i gcana- mhain nár chualaidh an Bórach riamh: - A Rí na n-aingeal, 's a chara na dtruagh bhochtán, Déin díon dom' anam-sa a bhanaltra an uain ghil bháin. Mo chroidhe 'gus m'anam ag glaodhach ort uair's lá 'gus Ó Mhíchíl naomhtha árd aingeal bhí am' fhochair ar uair mo gháidh. Sul a ndéantar mé threasgairt i n-anaithe an bháis dom, grása an Spiorad Naoimh am' chroidhe 's am' bréithre. 'S gach athchuinge dá n-iarrfadh Dia dá réidhte. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services