Tar Lear
Leigheamar go raibh na Bóraigh go han-charthanach leis
na saighdiúirí úd do ghabhadar ag Log-Nicolson. Roin-
neadar a gcuid tabac leo, thugadar uisge chúca, agus
labhradar leo gan maoidheamh.
Cheangladar creachda na bhfear ngonta chómh maith agus
do b'fhéidir go dtáinig an liaigh. Éistimís le beirt
acu ag caint. B'fhéidir gur mar so do labhradar.
"A Rúinic (Sasanach) ní féidir liom cosg do chur leis
an sruth fola as do cheathramhain, acht bíodh meisneach
maith ort, beidh an liaigh annso láithreach," adeir an
Bórach. "Ní Rúinic mé" deir Tadhg bocht, "acht
Éireannach" agus machtnuigheann sé leis féin annsúd ag
fághail bháis imeasg na gcnoc ins an Natál. Bhí sé ar
aonach Bhaile-na-Slóigh, dhíol sé caoirigh ann do-hoileadh
ar Chruach Phátruig, d'ól sé féin agus Séamus braon agus
agus bhíodar go meidhreach. Chuir Glacaire an Airm súil
ionnta, thaithnigh na guailne leathna leis; theasbáin sé
dhóibh bónna deas gréasda bhí ar a mhuinéal, crios
leathair bhuidhe ar a chaol, agus fáithchim ar a mhuiniltre.
Mhol sé a gcosa agus a ndéanamh, mheall sé agus bhréag sé an
bheirt. Táid siad annsúd, Séamas thíos ins an raithnigh
cois na habhann agus piléar 'na éadan agus Tadhg thuas annsain
ar taobh an chnocáin agus bior a ghunna brisde. Is iomdha
deór do shíl mo mhaithrín am' dhiaidh adeir sé leis féin,
cuimhnightheann sé ar phaidir do mhúin sí dhó nuair do bhí sé
óg. Dia led' anam a Thadhg ní fuil le liaigh annso acht
annsúd thuas imeasg na réaltan, agus chan Tadhg i gcana-
mhain nár chualaidh an Bórach riamh: - A Rí na n-aingeal,
's a chara na dtruagh bhochtán, Déin díon dom' anam-sa
a bhanaltra an uain ghil bháin. Mo chroidhe 'gus m'anam
ag glaodhach ort uair's lá 'gus Ó Mhíchíl naomhtha árd
aingeal bhí am' fhochair ar uair mo gháidh.
Sul a ndéantar mé threasgairt i n-anaithe an bháis
dom, grása an Spiorad Naoimh am' chroidhe 's am'
bréithre. 'S gach athchuinge dá n-iarrfadh Dia dá réidhte.
Conán Maol