Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pól Cruger agus Seaghán Buidhe
Title
Pól Cruger agus Seaghán Buidhe
Author(s)
An Gastaire,
Pen Name
An Gastaire
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pól Cruger agus Seaghán Buidhe Is deas cliste an sgribhneoir Gaedhilge é Donán Caol acht ar a shon sain féin níl cothrom ná ceart an sgéil aige ag trácht dó thar sgríbhinn Chonáin Mhaoil i dtaoibh Póil Cruger agus na mBórach. Adeir sé "dá mbéadh Conán ameasg na mBórach faoi smacht Phóil go mbeadh malairt sgéil aige." Is cóir a bharamhail féin do léigint faoi chách, acht ní thugann sé aon shui- dheadh - nídh nach locht air, mar ní'l a leithéid sin le fagháil - gur mar sin do bheadh an sgeul ag Conán. Bíonn dhá innsint ar gach sgeul agus ní'l eolas ag an chuid is mó dhínn acht ar aon taoibh amháin de'n díos- póireacht so .i. ar thaoibh Sheagháin Bhuidhe agus is feasach dhúinn go léir gur duine carthannach fíor-labharthach é Seaghán ag trácht do thar daoinibh a bhíos 'na choinne. Sé mo thuairim féin dá mbeadh Conán insa Transbhaal go mbeadh sé níos déine, dá mb'fhéidir é, ar Sheaghán ná tá sé; óir is annsain d'aireochadh sé níos soléire sáimh-chealg na Sasanch. Ní gan fáth an tuairim seo mar do chaith triúr dem dhearbhráthraibh féin seal faoi smacht Póil agus adeirid gur measa stáid muintire na nGaedheal faoi riaghaltas na Sacsanach ná stáid na n-Allmhúrach faoi riaghaltas na mBórach. Is fíor nach bhfuilmíd ro-ghrádhmhar ar lucht Chromail i nÉirinn acht ní fhágann sain gur cóir dúinn bheith roinn-pháirteach leis an lucht malluighthe ceudna ar cineadh calma cródha saor do thabhairt faoi dhaor- smacht. Ní ar aon dóigh le Donán atá muintir na h-Eorpa nuair adeir sé go bhfuil dí-mheas ag na Búraibh ar dhaoinibh eile an domhain. Is fíor ámh go bhfuil dí-mheas agus tarcuisne aca roimh na Sacsanaibh agus de bhrígh gurab é togha an chinidh dhaonna é Seaghán, dar leis féin, is de sin adeirtear go bhfuil mioscais ag na Búraibh roimh daoinibh gach aon tíre eile. Má's mar sin do bhí an sgeul aca ní bheadh an oiread sin de phráidhinn ag áitreabhaibh allmhúracha eile na Transbhaala seachas na Sacsanaigh amháin, chum lámh chabhruighthe do shíneadh amach chúca i n-aimsir a gconntabhartha. Is dóigh liom gur ag magadh atá Donán nuair adeir sé go bhfuil a fhios ag an saoghal go léir gur fearr slighe bheathadh bhíonn ag na fearaibh dubha faoi Sheaghán na faoi Phól. Munab eadh is suarach a fhios ar imtheach- taibh an tsaoghail i nAifric theas. Ní raibh acht seacht míle fear dubh annsa Transbhaal nuair ghabh na Búraidhe lámhachas ar an dtír. Tá os cionn milliúin díobh ann an lá atá indiu ann. Le n-a linn céadna, beag nach, laguigheadh muintir na nGaedheal i nÉirinn ó ocht milliún go ceithre milliún tré riaghaltas trócaireach daonna chaoin na Sacsanach. Is follus nach feasach do Dhonán go gcaithfidh na daoine dubha dearóile a gcuid saothair do thabhairt ar ais nó ar éigin ar na mianachaibh d'oibriughadh le h-aghaidh a mhaighistrí na Sacsanaigh. Má deuntar iarracht ag duine aca ar eulódh ó'n daoirseacht so, beirtear air agus lasgthar é do réir an dlíghe .i. dlighe caoin ceanamhail na Sacsanach. Ní bhidheann cead ag na fearaibh dubha i mBulumhaigheo ná ins na bailtibh eile de Rhodesia siubhal do dhéanamh ar na casánaibh - caithfidh siad siubhal an lár an bhóthair. Sin é nós Seaghán Bhuidhe i measg na bhfear ndubh. Is gaduigheacht do thug na Sacsanaigh 'nár measg féin agus is gaduigheacht atá dá dtabhairt ameasg na mBórach indiu. Má's ceart dóibh foghluigheachd do dhéanamh ar na Bóraibh is ceart dóibh slad dó dhéanamh orainn féin, acht is baoghal liom nach mbeidh muintir na h-Éirinn ar aon intinn le Seaghán - agus le Donán - i dtaoibh foghluidheachda na mBúrach acht chomh beag a's aontuighidh leis i dtaoibh ár gcréachta féin. An Gastaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services