Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pól Cruger agus Seaghán Buidhe

Title
Pól Cruger agus Seaghán Buidhe
Author(s)
An Gastaire,
Pen Name
An Gastaire
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Pól Cruger agus Seaghán Buidhe



Is deas cliste an sgribhneoir Gaedhilge é Donán
Caol acht ar a shon sain féin níl cothrom ná ceart an
sgéil aige ag trácht dó thar sgríbhinn Chonáin Mhaoil i
dtaoibh Póil Cruger agus na mBórach. Adeir sé "dá
mbéadh Conán ameasg na mBórach faoi smacht Phóil
go mbeadh malairt sgéil aige." Is cóir a bharamhail
féin do léigint faoi chách, acht ní thugann sé aon shui-
dheadh - nídh nach locht air, mar ní'l a leithéid sin le
fagháil - gur mar sin do bheadh an sgeul ag Conán.
Bíonn dhá innsint ar gach sgeul agus ní'l eolas ag an
chuid is mó dhínn acht ar aon taoibh amháin de'n díos-
póireacht so .i. ar thaoibh Sheagháin Bhuidhe agus is feasach
dhúinn go léir gur duine carthannach fíor-labharthach é
Seaghán ag trácht do thar daoinibh a bhíos 'na choinne.
Sé mo thuairim féin dá mbeadh Conán insa Transbhaal
go mbeadh sé níos déine, dá mb'fhéidir é, ar Sheaghán
ná tá sé; óir is annsain d'aireochadh sé níos soléire
sáimh-chealg na Sasanch. Ní gan fáth an tuairim seo
mar do chaith triúr dem dhearbhráthraibh féin seal faoi
smacht Póil agus adeirid gur measa stáid muintire na
nGaedheal faoi riaghaltas na Sacsanach ná stáid na
n-Allmhúrach faoi riaghaltas na mBórach.



Is fíor nach bhfuilmíd ro-ghrádhmhar ar lucht Chromail
i nÉirinn acht ní fhágann sain gur cóir dúinn bheith
roinn-pháirteach leis an lucht malluighthe ceudna ar
cineadh calma cródha saor do thabhairt faoi dhaor-
smacht.



Ní ar aon dóigh le Donán atá muintir na h-Eorpa
nuair adeir sé go bhfuil dí-mheas ag na Búraibh ar
dhaoinibh eile an domhain. Is fíor ámh go bhfuil dí-mheas
agus tarcuisne aca roimh na Sacsanaibh agus de bhrígh gurab
é togha an chinidh dhaonna é Seaghán, dar leis féin, is
de sin adeirtear go bhfuil mioscais ag na Búraibh
roimh daoinibh gach aon tíre eile. Má's mar sin do bhí
an sgeul aca ní bheadh an oiread sin de phráidhinn ag
áitreabhaibh allmhúracha eile na Transbhaala seachas na
Sacsanaigh amháin, chum lámh chabhruighthe do shíneadh amach
chúca i n-aimsir a gconntabhartha.



Is dóigh liom gur ag magadh atá Donán nuair adeir sé
go bhfuil a fhios ag an saoghal go léir gur fearr slighe
bheathadh bhíonn ag na fearaibh dubha faoi Sheaghán na
faoi Phól. Munab eadh is suarach a fhios ar imtheach-
taibh an tsaoghail i nAifric theas. Ní raibh acht seacht
míle fear dubh annsa Transbhaal nuair ghabh na Búraidhe
lámhachas ar an dtír. Tá os cionn milliúin díobh ann
an lá atá indiu ann. Le n-a linn céadna, beag nach,
laguigheadh muintir na nGaedheal i nÉirinn ó ocht
milliún go ceithre milliún tré riaghaltas trócaireach
daonna chaoin na Sacsanach. Is follus nach feasach
do Dhonán go gcaithfidh na daoine dubha dearóile a
gcuid saothair do thabhairt ar ais nó ar éigin ar na
mianachaibh d'oibriughadh le h-aghaidh a mhaighistrí na
Sacsanaigh. Má deuntar iarracht ag duine aca ar
eulódh ó'n daoirseacht so, beirtear air agus lasgthar é do
réir an dlíghe .i. dlighe caoin ceanamhail na Sacsanach.
Ní bhidheann cead ag na fearaibh dubha i mBulumhaigheo
ná ins na bailtibh eile de Rhodesia siubhal do dhéanamh
ar na casánaibh - caithfidh siad siubhal an lár an bhóthair.
Sin é nós Seaghán Bhuidhe i measg na bhfear ndubh.



Is gaduigheacht do thug na Sacsanaigh 'nár measg
féin agus is gaduigheacht atá dá dtabhairt ameasg na
mBórach indiu. Má's ceart dóibh foghluigheachd do
dhéanamh ar na Bóraibh is ceart dóibh slad dó dhéanamh
orainn féin, acht is baoghal liom nach mbeidh muintir na
h-Éirinn ar aon intinn le Seaghán - agus le Donán -
i dtaoibh foghluidheachda na mBúrach acht chomh beag a's
aontuighidh leis i dtaoibh ár gcréachta féin.



An Gastaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services