Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Deir daoine go bhfuil Sasana ag gríosadh na Sea- pánaigh chum troda le Rúise acht is deacair aon chreideamhaint do thabhairt d'aon nídh do chímid ins na páipéaraibh an aimsir seo. Táid siad ag formad le chéile féachaint cia acu is feárr chum éithigh. Tá an Seapáin glic, gasda, agus ghidh gur fir bhuidhe iad do nós na Síneacha táid siad cruaidh agus tréan go leór, acht beidhid siad ag dul ar aimhleas má chuirid lámh ins an Rúise, mar meilfidh an Cúmhacht sain iad fá mar do mhéilfá cuil. Ghabh na Seapánaigh ar an tSíne ins an gcogadh dheireannach agus tá fuadar fútha ó shoin. Ní maith leó mar chómharsain an Rúise mar tá an beithir sin ag daingniúghadh a ingne agus chrúba ins an leath thuaidh de'n tSíne. Meastar go mbeadh an Seapáin maith a dóthain de'n Rúise ar an bhfairrge acht is feárr dhi a suaimhneas do ghlacadh má's maith léi bheith buan. Tá sgéal eile ó'n mBerlin, príomhchathair na Gearmáine, go bhfuil an Rúise ag druidim leis na hIndiachaibh Thoir agus má's fhíor é beidh Seághan bocht i gcruadh-chás. Tá an teist amuich ar an Rúsach go bhfuil sé ag sanntughadh na tíre úd le fada agus tagann creatha fuachda ar Sheághan bocht nuair do smuaineann sé go mbeidh sé i n-achrann leis an mbeithir uair éigin. Ná bac sain díobh a Sheághain a dhalta, tá buachaillí maithe i nÉirinn do chabhróchaidh leat. Labhair leó ar fad go dána. Ní beag umhlúghadh do'n donas nuair do thiocfaidh sé nbhar gcómhgar. Tá ár ndóthain le déanamh againn cheana gan bheith ár mbodhradh féin le námhaid eile. Tá an Bórach úd ag cur orainn agus ag magadh fúinn. Tá sé ag cur de go háluinn. Tá an Fuíteach fós ins an bpríomh-longphort agus gan teacht as aige agus ní féidir le Seághan fóirthinn air, gidh gur clos dúinn go bhfuil deich míle fichead fear aige i gcaladhphort ins an Aifric theas. Tá trí mhíle dhéag fear leis an bhFuíteach agus na Bóraigh ar gach taobh de ag stealladh piléar air. Nách righin é, adéarfair, nách bhfuil sé marbh ag an mBórach fá'n am so. Is righin, acht seo mar atá an sgéal. Gainimh is eadh an ithir atá fá'n longphort, déanann na saighdiúirí clais abhus agus tall ins an talamh, cuirid frathacha adhmaid ós cionn na claise agus buailid anuas ar an adhmad sé troighthe criadh is í an chré seo do chosanas iad ar na sleagáin bhuile do steallann an Bórach leó. Is beag an iongnadh go bhfuil náire agus fearg ar Sheághan toisg a chuid saighdiúirí bheith annsúd do nós cuiníní i gcuinigéar. Acht ní bhfuil neart air, caithfimíd foidhne bheith againn. Nuair do sgaipeann sleagháin bhuile na mBórach an chré gach lá tagann na saighdiúirí amach 'sa n-oidhche agus cuirid ar n-ais í. Ní bhíd siad go leir fá thalamh ámh, bíonn dream acu lasmuich agus gunnaí móra acu, buaileann siad beart féir ar bheart fhéir go mbíonn claidhe acu deich troighthe ar áirde mar scáth dhóibh ós na piléaraibh agus annsain spriúchaid siad caora teinnte leis na Bórachaibh. Deir na páipéir go dtugaid siadh fogha amach so-uair agus go mbuailid Bórach annso agus annsúd, agus cuireann na páipéir luígh lúthgháireach asda chum meisnigh do chur ar a chéile is dócha. Tá fhios agat ní maith linn admháil go bhfuilmíd i gcúmhangach ag sluagh beag feirmeóirí. Dubhairt an páipéir gur bhuail sgolb sleagáin Ioubert agus go raibh sé marbh agus chuir a lán an ciachán ortha féin ag béicigh le háthas. Acht measaim go bhfuil an taoiseach úd slán. Dá mbadh fhíor an sgéal ba mhór an tionósg do na Bórachaibh a bhás. Briseadh an gunna mór úd "Tomás Fada" aon uair amháin ó shoin acht shlánuigh sé é féin arís go míorbhuileach agus cloisimíd indiu gur tháinig dearbhráthair dó ó Phretoria chum cabhartha leis, agus go mbíonn gach re búithre ag an mbeirt bhuachaillidhe. Is olc na cómharsain an bheirt, dhá chlab ghránna ortha, seilidhe teinnteach ag séide asda le fuaim búithrídhe go gcloisfidhe fiche míle ó bhaile é, agus craos do shlugfadh gearra-cháile. Is clos dúinn go rabhadar araon agus dáfhíchead ceann eile i n-éinfheacht leó ag búitridh i ndeire na seachtmhaine seo ghabh tart ar feadh laé 'gus oidhche gan stad gan sgíth. Níor chodail mac alla na gcnoc puínn an oidhche sin, agus má chodail na saighdiúirí bhí an biorán suain ionnta. Má's féidir le Ioubert beidh greim aige ar chúl cinn ar an bhFuíteach sul a mbeidh an taoiseach Buller agus a shluaighte ar láthair. Tá dream eile as shluagh Ioubert ag Colenso ar an mbóthar iarainn sé mhíle dhéag laistíos de'n Fhuíteach ag feitheamh le Buller i gcómhair fáilte do chur roimis, mar is fír fiala iad. Tá baile eile chúig mhíle fichead síos ó'n áit sin fá dhein na fairrge, Estcourt do
gairmthear ar an mbaile úd. Tá na Sasanaigh ann go láidir. Ba ghnáthach le dream acu gabháil suas fá dhein Cholenso ag iarraidh tuairisg d'fhághail ó'n bhFuíteach acht bhíodh a gcuaird i n-aisdear mar is dian dlúth, an glas atá ag Ioubert ar an bhfear sain. Bhíodh béart agus carbaid lúirighthe acu agus gunnaí móra agus gunnaí gearra acu. Bheannuighdís do na Bórachaibh dhá mhíle ó bhaile le sleagánaibh anois agus arís. An seachtmhadh lá déag de'n mhí seo bhuaileadar suas leo mar ba ghnáthach, dhá chéad go leith acu, Éireannaigh a leath. Ní raibh duine na daonnaidhe ar an mbóthar. Ní fheacadar aon nídh acht fiolair fola ag eiteallaigh go mall ós cionn na gcnoc. Chualadar fóthram gunnaí móra Ioubert agus an Fhuítigh ag gabháil dá chéile a bhfad amach 'sa ghleann. Bhí fhios acu go raibh fir chalma annsúd agus éirleach eatortha, fear annso i gcrothaibh báis, agus fear annsúd agus a ionathar ag tuitim amach, leath plaoisg i n-áit eile agus an inchinn ar sileadh leis, cos fir tré chorp fir eile ó bhuille sgoilb sleagáin. Uch! is gránna é an cogadh, acht tá sainnt chum óir, agus biothamhantais ar bhodachaibh i Lúnduin. Chas na saighdiúirí ar a gcois fá dhein Estcourt. Do rachaduís ar aghaidh go tapaidh chum cabhrughadh leis an bhFuíteach acht bhí Colenso ar a tslighe agus Bóraigh ann. Táid siad na gcodladh adubhradar acht mar sin féin fillfeam ar n-ais. Chuir an bheart fead aisde go mórdhálach agus eo chum siubhail na carbaid. Dhá mhíle ar aghaidh dóibh agus d'éirigh slat iarainn an bhóthair fá rith an charbaid tosuigh agus do shleamhnuigh sí de'n tslait. Leis sin do bhuithre gunnaí ar a ndá thaobh agus do thuit cith piléar ortha. Ní raibh na Bóraigh 'na gcodladh. Do lámhsaigh na saighdiúirí a n-airm agus do sgaoileadar ar na Bórachaibh acht ba bheag an mhaitheas dóibh é. An méid ná'r marbhuigheadh díobh tógadh iad acht amháin aon naonbhar amháin do tharraing an beart lúirighthe léi, mar fuasgladh í sin, acht bhí na carbaid na mbrúsgar, beidh an Transbhaal ceannuighthe le fuil na gcéadta. Dhruid buidhean eile amach ó Estcourt le súil conganta thabhairt do mhuintir na gcarbaid acht níor fhilleadar sain ar n-ais acht chómh beag. Lean cóiste leighis na croise deirge an dream déidh- eannach, dochtúirí agus uirlisí cneádha innte agus meirge geal aici mar chómhartha siothchána. Bhuail na Bóraigh léi ar an mbóthar go ciúin. Labhair ceannphort na mBórach go séimh le h-uachtarán na cóiste leighise, dubhairt sé leis gur cuireadh coirp na Sasanach agus gur thóg an dochtúir leis na fir chréachda acht ní thabharfadh sé a thuilleadh feasa uaidh agus do b'éigean do'n chóiste leighis filleadh abhaile. Ba mhaith an mhaise do'n cheann- phort na coirp do chur mar bhí na h-éin chíocracha lasmuich. Mhol muintir na cóiste leighise a charthanacht agus a urlabhra séimh. Má's leómhan i gcómhrac an Bórach is fear trócaireach é d'éis na bruighne gidh gur b'annamh do thugann Seághan teist mhaith air. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services