Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Deir daoine go bhfuil Sasana ag gríosadh na Sea-
pánaigh chum troda le Rúise acht is deacair aon
chreideamhaint do thabhairt d'aon nídh do chímid ins na
páipéaraibh an aimsir seo. Táid siad ag formad le
chéile féachaint cia acu is feárr chum éithigh. Tá an
Seapáin glic, gasda, agus ghidh gur fir bhuidhe iad do nós
na Síneacha táid siad cruaidh agus tréan go leór, acht
beidhid siad ag dul ar aimhleas má chuirid lámh ins an
Rúise, mar meilfidh an Cúmhacht sain iad fá mar do
mhéilfá cuil. Ghabh na Seapánaigh ar an tSíne ins an
gcogadh dheireannach agus tá fuadar fútha ó shoin. Ní
maith leó mar chómharsain an Rúise mar tá an beithir
sin ag daingniúghadh a ingne agus chrúba ins an leath
thuaidh de'n tSíne. Meastar go mbeadh an Seapáin
maith a dóthain de'n Rúise ar an bhfairrge acht is feárr
dhi a suaimhneas do ghlacadh má's maith léi bheith buan.
Tá sgéal eile ó'n mBerlin, príomhchathair na Gearmáine,
go bhfuil an Rúise ag druidim leis na hIndiachaibh Thoir
agus má's fhíor é beidh Seághan bocht i gcruadh-chás. Tá an
teist amuich ar an Rúsach go bhfuil sé ag sanntughadh na
tíre úd le fada agus tagann creatha fuachda ar Sheághan
bocht nuair do smuaineann sé go mbeidh sé i n-achrann
leis an mbeithir uair éigin. Ná bac sain díobh a Sheághain
a dhalta, tá buachaillí maithe i nÉirinn do chabhróchaidh
leat. Labhair leó ar fad go dána. Ní beag umhlúghadh
do'n donas nuair do thiocfaidh sé nbhar gcómhgar. Tá
ár ndóthain le déanamh againn cheana gan bheith ár
mbodhradh féin le námhaid eile. Tá an Bórach úd ag
cur orainn agus ag magadh fúinn. Tá sé ag cur de go
háluinn. Tá an Fuíteach fós ins an bpríomh-longphort
agus gan teacht as aige agus ní féidir le Seághan fóirthinn
air, gidh gur clos dúinn go bhfuil deich míle fichead
fear aige i gcaladhphort ins an Aifric theas. Tá trí
mhíle dhéag fear leis an bhFuíteach agus na Bóraigh ar
gach taobh de ag stealladh piléar air. Nách righin é,
adéarfair, nách bhfuil sé marbh ag an mBórach fá'n am
so. Is righin, acht seo mar atá an sgéal. Gainimh is
eadh an ithir atá fá'n longphort, déanann na saighdiúirí
clais abhus agus tall ins an talamh, cuirid frathacha adhmaid
ós cionn na claise agus buailid anuas ar an adhmad sé
troighthe criadh is í an chré seo do chosanas iad ar na
sleagáin bhuile do steallann an Bórach leó. Is beag
an iongnadh go bhfuil náire agus fearg ar Sheághan toisg a
chuid saighdiúirí bheith annsúd do nós cuiníní i gcuinigéar.
Acht ní bhfuil neart air, caithfimíd foidhne bheith againn.
Nuair do sgaipeann sleagháin bhuile na mBórach an chré
gach lá tagann na saighdiúirí amach 'sa n-oidhche agus cuirid
ar n-ais í. Ní bhíd siad go leir fá thalamh ámh, bíonn
dream acu lasmuich agus gunnaí móra acu, buaileann siad
beart féir ar bheart fhéir go mbíonn claidhe acu deich
troighthe ar áirde mar scáth dhóibh ós na piléaraibh agus
annsain spriúchaid siad caora teinnte leis na Bórachaibh.
Deir na páipéir go dtugaid siadh fogha amach so-uair
agus go mbuailid Bórach annso agus annsúd, agus cuireann na
páipéir luígh lúthgháireach asda chum meisnigh do chur ar
a chéile is dócha. Tá fhios agat ní maith linn admháil
go bhfuilmíd i gcúmhangach ag sluagh beag feirmeóirí.
Dubhairt an páipéir gur bhuail sgolb sleagáin Ioubert
agus go raibh sé marbh agus chuir a lán an ciachán ortha féin ag
béicigh le háthas. Acht measaim go bhfuil an taoiseach
úd slán. Dá mbadh fhíor an sgéal ba mhór an tionósg
do na Bórachaibh a bhás. Briseadh an gunna mór úd
"Tomás Fada" aon uair amháin ó shoin acht shlánuigh
sé é féin arís go míorbhuileach agus cloisimíd indiu gur
tháinig dearbhráthair dó ó Phretoria chum cabhartha leis,
agus go mbíonn gach re búithre ag an mbeirt bhuachaillidhe.
Is olc na cómharsain an bheirt, dhá chlab ghránna ortha,
seilidhe teinnteach ag séide asda le fuaim búithrídhe go
gcloisfidhe fiche míle ó bhaile é, agus craos do shlugfadh
gearra-cháile. Is clos dúinn go rabhadar araon agus
dáfhíchead ceann eile i n-éinfheacht leó ag búitridh i
ndeire na seachtmhaine seo ghabh tart ar feadh laé 'gus
oidhche gan stad gan sgíth. Níor chodail mac alla na
gcnoc puínn an oidhche sin, agus má chodail na saighdiúirí
bhí an biorán suain ionnta. Má's féidir le Ioubert
beidh greim aige ar chúl cinn ar an bhFuíteach sul a
mbeidh an taoiseach Buller agus a shluaighte ar láthair.
Tá dream eile as shluagh Ioubert ag Colenso ar an
mbóthar iarainn sé mhíle dhéag laistíos de'n Fhuíteach
ag feitheamh le Buller i gcómhair fáilte do chur roimis,
mar is fír fiala iad. Tá baile eile chúig mhíle fichead
síos ó'n áit sin fá dhein na fairrge, Estcourt do


L. 578


gairmthear ar an mbaile úd. Tá na Sasanaigh ann
go láidir. Ba ghnáthach le dream acu gabháil suas fá
dhein Cholenso ag iarraidh tuairisg d'fhághail ó'n
bhFuíteach acht bhíodh a gcuaird i n-aisdear mar is dian
dlúth, an glas atá ag Ioubert ar an bhfear sain. Bhíodh
béart agus carbaid lúirighthe acu agus gunnaí móra agus gunnaí
gearra acu. Bheannuighdís do na Bórachaibh dhá mhíle
ó bhaile le sleagánaibh anois agus arís. An seachtmhadh lá
déag de'n mhí seo bhuaileadar suas leo mar ba ghnáthach,
dhá chéad go leith acu, Éireannaigh a leath. Ní raibh
duine na daonnaidhe ar an mbóthar. Ní fheacadar aon
nídh acht fiolair fola ag eiteallaigh go mall ós cionn
na gcnoc. Chualadar fóthram gunnaí móra Ioubert agus
an Fhuítigh ag gabháil dá chéile a bhfad amach 'sa ghleann.
Bhí fhios acu go raibh fir chalma annsúd agus éirleach
eatortha, fear annso i gcrothaibh báis, agus fear annsúd agus
a ionathar ag tuitim amach, leath plaoisg i n-áit eile agus
an inchinn ar sileadh leis, cos fir tré chorp fir eile ó
bhuille sgoilb sleagáin. Uch! is gránna é an cogadh,
acht tá sainnt chum óir, agus biothamhantais ar bhodachaibh
i Lúnduin. Chas na saighdiúirí ar a gcois fá dhein
Estcourt. Do rachaduís ar aghaidh go tapaidh chum
cabhrughadh leis an bhFuíteach acht bhí Colenso ar a tslighe
agus Bóraigh ann. Táid siad na gcodladh adubhradar acht
mar sin féin fillfeam ar n-ais. Chuir an bheart fead
aisde go mórdhálach agus eo chum siubhail na carbaid. Dhá
mhíle ar aghaidh dóibh agus d'éirigh slat iarainn an bhóthair
fá rith an charbaid tosuigh agus do shleamhnuigh sí de'n
tslait. Leis sin do bhuithre gunnaí ar a ndá thaobh agus
do thuit cith piléar ortha. Ní raibh na Bóraigh 'na
gcodladh. Do lámhsaigh na saighdiúirí a n-airm agus do
sgaoileadar ar na Bórachaibh acht ba bheag an mhaitheas
dóibh é. An méid ná'r marbhuigheadh díobh tógadh iad
acht amháin aon naonbhar amháin do tharraing an beart
lúirighthe léi, mar fuasgladh í sin, acht bhí na carbaid na
mbrúsgar, beidh an Transbhaal ceannuighthe le fuil na
gcéadta. Dhruid buidhean eile amach ó Estcourt le
súil conganta thabhairt do mhuintir na gcarbaid acht
níor fhilleadar sain ar n-ais acht chómh beag. Lean
cóiste leighis na croise deirge an dream déidh-
eannach, dochtúirí agus uirlisí cneádha innte agus meirge
geal aici mar chómhartha siothchána. Bhuail na Bóraigh
léi ar an mbóthar go ciúin. Labhair ceannphort na
mBórach go séimh le h-uachtarán na cóiste leighise,
dubhairt sé leis gur cuireadh coirp na Sasanach agus gur
thóg an dochtúir leis na fir chréachda acht ní thabharfadh
sé a thuilleadh feasa uaidh agus do b'éigean do'n chóiste
leighis filleadh abhaile. Ba mhaith an mhaise do'n cheann-
phort na coirp do chur mar bhí na h-éin chíocracha
lasmuich. Mhol muintir na cóiste leighise a charthanacht
agus a urlabhra séimh. Má's leómhan i gcómhrac an Bórach
is fear trócaireach é d'éis na bruighne gidh gur b'annamh
do thugann Seághan teist mhaith air.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services