Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Níor chualamar trácht thar Samoa le breis agus leath bhliadhain agus do dhearmhad daoine go raibh a leithéid d'oileán ann, acht bíonn taoide na mara Suaimhnis ag líonadh agus ag trághadh 'na chuasaibh gach oidhche agus lá, fá mar do bhí sí le míltibh bliadhain. Tá na hoileáin úd roinnte indiu idir an nGearmáin, agus America mar do thug Sasana a chuid féin díobh suas do'n nGearmáin. Shíl a lán go mbiadh coimheasgar idir na trí Cúmhachta so mar gheall ar na hoileánaibh úd, leath-bhliadhain ó shoin, mar do mheas Sasana agus Americá rí dorcha go raibh báidh acu leis do chur i n-ionad an rí do thoghaidh na hoileánóirí dhóibh féin. D'eitigh na daoine riaghail an rí bhréagaigh agus sgaoil Seághan agus Seón na piléir ortha go fealltach. D'éirigh fearg na Gearmáine agus chómhair- ligh Seághan Seón a shuaimhneas do ghlacadh agus bhí síothcháin ann. Chrom an triúr annsain ar chogarnaigh agus i ndeire na dála bhronn Seághan go fialmhar a chuid sealbhan ar an nGearmánach. Nár mhaith an mhaise do Sheághan é sin? Cia dubhairt go raibh sé doicheallach. An fear sochma, níor mhaith leis bheith amuich le n-a cómharsanaibh. Mar sin féin ní fhuil a chlú air mar deir páipéir na hÉorpa gur thug sé an bhúntaiste seo do Ímpire na Gearmáine i gcás ná biadh seisean ag cur isteach air i dtaobh na Trannsbhaala. D'á cómhartha beidh an tÍm- pire ag teacht ar cuaird go Sasana chum a shean-mháthar an bhainríoghain i gcionn coicthíghis agus meastar ná beidh cabhair 'ná congnamh do'n Bhórach ó'n nGearmáin. Is cuma leis an mBórach, ní fhuil beann aige ar aon acu, tá sé ag dul ar aghaidh go tréan. Tá an Fuíteach annsúd aige do nós bruic i bpluais cnuic agus má theas- bánas sé a shoc pléasgann sleaghán buile i ngearracht slaite dhó. Ní fhuil puínn tuairisge ó'n gcogadh, agus an méid atá, éitheach is eadh a fhurmhór. Ní bhfuiltear go maith ag Seághan, mar dá mbeithtí bheimís bodhar ó challaireacht. Molaim an té go bhfuil an allaoire air ní chloiseann sé leath an ghleóigh na aimsir seo. Chonn- camar clár foillsighthe páipéir an lá fá dheireadh agus bhí cuntus annsúd go mórdhálach gur marbhuigheadh i mbrui- ghin áirighthe dhá mhíle Bórach agus go raibh trí mhíle eile acu gabhtha agus gonta. Chreid a lán an tuairisg agus bhíodar go meidhreach. Ambás ní haon amhras 'ná gur fírinne é, adubhairt fear abhus agus tall, acht i mbárach 'ná dhiaidh súd fuarthas amach nách raibh ann acht ráiméis bacaigh. Bha dhóich leat ná creidfidhe a leithéid arís. Do chreid- fídhe amh, mar nuair do bheidheas sainnt ar dhaoinibh chum fola chreidfidís aon nídh. Tá gunna mór ag Ioubert gur bhaist máirnéalaigh Shasana "Long Tom" air mar leas-ainm. Caitheann an gunna úd sleaghán buile isteach i longphort an Fuítigh ar maidin go moch sul a mbíonn a bpaidreacha ráidhte ag na saighdiúiribh bochta, acht dar linn briseadh na bhrúsgar an gunna úd deich n-uaire. Cuireann Kruger le chéile é arís ist-oidhche go míorbhuileach agus fosglann an gunna gránna úd a bhéal go moch agus cromann ar búithridh agus ar stealladh caora teinntreach cheithre mhíle. Deineann Kruger níos measa 'ná sain, cuireann sé anál ins na corpaibh agus bíd i gcumas troda gach maidean. Is ionann sain agus an cheárd draoidheachta do bhí ag sean-mhnaoi i nÉirinn fadó. Bhí na féinne ag troid le dream éigin agus do thraochadar iad acht ba bheag an mhaitheas dóibh é, mar do thagadh an tsean-bhean gach aon oidhche agus searrag nó buidéal aice, do chuireadh sí anam ins na corpaibh agu do bhídís teann téagartha lá'r na bhárach. Má tá an chúmhacht sain ag Kruger ní haon iongnadh go bhfuil eagla orainn roimis. Acht fan go fóil tá cheithre fichid míle fear ag déanamh air. Tá an Taoiseach Buller ag baile poirt Durban agus ba cheart do bheith ar ceann fiche míle acu fá'n am so. Tabharfar fóirithin do'n bhFuíteach má's féidir é. Tá fhios ag Ioubert go bhfuil Buller ag teacht, agus dá réir sin dhruid sé sluagh Bórach síos chum Colenso baile atá ar an mbóthar iarainn sé mhíle dhéag dia thíos de'n Fhuíteach. Rith muinntir Cholenso agus an méid saigh- diúirí bhí ann le n-a n-anamnachaibh. Rinne an Fuíteach iarracht ar an mbóthar iarainn do chongbháil réidh acht bhuaidhidh Ioubert air. Ní fhuil fhios againn an 'mó fear do marbhuigheadh ins an ruagadh úd acht bhí fuil ann go fulúirseach. Tá colúir múinte chum teachtair- eacht ins an longphort ag an bhFuíteach. D'eiteall dhá cheann acu so le teachtaireacht amach agus ní raibh sgéal maith acu, agus d'éaluigh fear tighe ósda amach leis ins an oidhche agus dubhairt seisean go raibh gunnaí móra na
mBórach ag briseadh na dtighthe, agus gidh go bhfuil an Fuí- teach dá bhfreagradh le deich ngunna mór agus dá fhichead ní féidir leis cosg do chur leo. Tá dream eile de na Bórachaibh timcheall Mhafecing agus Chimberlí agus na bóithre iarainn geárrtha acu, acht ní fhuil puínn feasa againn ó na háitibh sin. Deirthear gur chuireadar an ruagadh ar chipe saighdiúirí bhí ar tí fóirthin do thabhairt ar Chimberlí agus gur mharbhuighdear sé chéad acu, acht aon nídh amháin is 'mithid do Sheághan gluaiseacht nó beidh an báire leis an mBórach. Is ait an sgéal é, maithshluagh beag feirmeóirí ag cómhrac agus ag buadh ar an Ímpireacht is mó ar domhan. Tabharfaidh an méid seo eólas duit ar an saghas fir an Bórach. Bhí dream acu ar chnocán agus dhá ghunna mór acu. Ní raibh an dá ghunna díomhaoin, acht fá dheireadh do b'éigean dóibh sgur ó'n gcómhrac le méid na bpiléar do bhí ag liughraigh timcheall ortha. Bhí na saighdiúirí dearga ag druidim leo. "Caillfid an dá ghunna mór," ar dream eile Bórach do bhí 'na n-aice agus leis sin do phreab ochtar acu amach i gcoinnibh na saighdiúirí. Sgaoileadar ar a chéile, agus fá dheireadh do thuit an t-ochtar agus ní i n-aisge. D'fhuasgladar an dá ghunna mór. Dhruid tuarasgóir páipéir i ndiaidh an chatha leis an t-ochtar laoch na luighe ar ghualainn an chnocáin. Bhí ceann acu 'na bheathaidh acht bhí an bás ag teacht air go tiugh, fear mór breágh do b'eadh é i n-aois a dheich mbliadhan agus trí fichid. Bhí féasóg fhada go caol air. "Cia thusa?" ar an tuarasgóir. "Coch is ainm dom, athair an cheannphoirt is eadh mé," ars an gaisgidheach. Breitheamh imeasg na mBórach do b'eadh an duine uasal úd, agus féach air annsúd ag fághail bháis le tuitim na hoidhche, ciúineas agus uaigneas ag teacht d'éis fothram na bruighne. Sólás na glóire dá anam. Féach sprallaire iasachta acu i gCúige Connacht darab ainm Dane ag tabhairt easonóir d'fhear chreideamhnach darab ainm Míchéal Ó Conchúbhair mar gur thug sé fiadhnuiseacht i dteanga Mhéidhbhe agus Bhriain. Féach air adeirim leat agus má tá brígh ionnat cuirfir faobhar ar d'fhiaclaibh. Ní fhuil acht aon tslighe amháin as, a dhuine. Muna bhfuil Connradh Gaedhilge i bhfógus duit cuir ar bun ceann acu. Cá bhfuil spioraid na gceanntar? Bhaileochadh an Bórach céad fear na cheanntar féin, dhíolfadh gach duine acu leath raol 'sa tseachtmhain ar feadh bliadhna agus bhiadh múinteóir Gaedhilge acu féin. Ní chuirfeadh bodach gair darab ainm Dane 'ná aon ainm fhiadhain eile an cheann faoi ortha go brath arís. Dúisigh an tír as a tromsuan a dhuine. Fuasgail an teanga, is í anam na tíre í. Tá sí 'gá múchadh leis an bodaigh is bréine do chum an deamhan riamh. Ná bhíodh sé mar leathsgéal agat go bhfuil an chuid eile na gcodladh. Is tusa féin amháin a léighteóir an fear i mbearna an bhaoghail. Buail! ná fan le cách. Go neartuighidh Dia do chuisle. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services