Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Níor chualamar trácht thar Samoa le breis agus leath
bhliadhain agus do dhearmhad daoine go raibh a leithéid
d'oileán ann, acht bíonn taoide na mara Suaimhnis ag
líonadh agus ag trághadh 'na chuasaibh gach oidhche agus lá, fá
mar do bhí sí le míltibh bliadhain. Tá na hoileáin úd
roinnte indiu idir an nGearmáin, agus America mar do
thug Sasana a chuid féin díobh suas do'n nGearmáin.
Shíl a lán go mbiadh coimheasgar idir na trí Cúmhachta
so mar gheall ar na hoileánaibh úd, leath-bhliadhain ó
shoin, mar do mheas Sasana agus Americá rí dorcha go
raibh báidh acu leis do chur i n-ionad an rí do thoghaidh
na hoileánóirí dhóibh féin. D'eitigh na daoine riaghail
an rí bhréagaigh agus sgaoil Seághan agus Seón na piléir ortha
go fealltach. D'éirigh fearg na Gearmáine agus chómhair-
ligh Seághan Seón a shuaimhneas do ghlacadh agus bhí síothcháin
ann. Chrom an triúr annsain ar chogarnaigh agus i ndeire
na dála bhronn Seághan go fialmhar a chuid sealbhan
ar an nGearmánach. Nár mhaith an mhaise do Sheághan
é sin? Cia dubhairt go raibh sé doicheallach. An fear
sochma, níor mhaith leis bheith amuich le n-a cómharsanaibh.
Mar sin féin ní fhuil a chlú air mar deir páipéir na
hÉorpa gur thug sé an bhúntaiste seo do Ímpire na
Gearmáine i gcás ná biadh seisean ag cur isteach air i
dtaobh na Trannsbhaala. D'á cómhartha beidh an tÍm-
pire ag teacht ar cuaird go Sasana chum a shean-mháthar
an bhainríoghain i gcionn coicthíghis agus meastar ná beidh
cabhair 'ná congnamh do'n Bhórach ó'n nGearmáin.



Is cuma leis an mBórach, ní fhuil beann aige ar aon
acu, tá sé ag dul ar aghaidh go tréan. Tá an Fuíteach
annsúd aige do nós bruic i bpluais cnuic agus má theas-
bánas sé a shoc pléasgann sleaghán buile i ngearracht
slaite dhó. Ní fhuil puínn tuairisge ó'n gcogadh, agus
an méid atá, éitheach is eadh a fhurmhór. Ní bhfuiltear
go maith ag Seághan, mar dá mbeithtí bheimís bodhar ó
challaireacht. Molaim an té go bhfuil an allaoire air
ní chloiseann sé leath an ghleóigh na aimsir seo. Chonn-
camar clár foillsighthe páipéir an lá fá dheireadh agus bhí
cuntus annsúd go mórdhálach gur marbhuigheadh i mbrui-
ghin áirighthe dhá mhíle Bórach agus go raibh trí mhíle eile acu
gabhtha agus gonta. Chreid a lán an tuairisg agus bhíodar
go meidhreach. Ambás ní haon amhras 'ná gur fírinne
é, adubhairt fear abhus agus tall, acht i mbárach 'ná dhiaidh
súd fuarthas amach nách raibh ann acht ráiméis bacaigh.
Bha dhóich leat ná creidfidhe a leithéid arís. Do chreid-
fídhe amh, mar nuair do bheidheas sainnt ar dhaoinibh chum
fola chreidfidís aon nídh. Tá gunna mór ag Ioubert
gur bhaist máirnéalaigh Shasana "Long Tom" air mar
leas-ainm. Caitheann an gunna úd sleaghán buile
isteach i longphort an Fuítigh ar maidin go moch sul a
mbíonn a bpaidreacha ráidhte ag na saighdiúiribh bochta,
acht dar linn briseadh na bhrúsgar an gunna úd deich
n-uaire. Cuireann Kruger le chéile é arís ist-oidhche
go míorbhuileach agus fosglann an gunna gránna úd a
bhéal go moch agus cromann ar búithridh agus ar stealladh
caora teinntreach cheithre mhíle. Deineann Kruger
níos measa 'ná sain, cuireann sé anál ins na corpaibh
agus bíd i gcumas troda gach maidean. Is ionann sain
agus an cheárd draoidheachta do bhí ag sean-mhnaoi i nÉirinn
fadó. Bhí na féinne ag troid le dream éigin agus do
thraochadar iad acht ba bheag an mhaitheas dóibh é, mar
do thagadh an tsean-bhean gach aon oidhche agus searrag
nó buidéal aice, do chuireadh sí anam ins na corpaibh
agu do bhídís teann téagartha lá'r na bhárach. Má tá
an chúmhacht sain ag Kruger ní haon iongnadh go bhfuil
eagla orainn roimis. Acht fan go fóil tá cheithre
fichid míle fear ag déanamh air. Tá an Taoiseach
Buller ag baile poirt Durban agus ba cheart do bheith ar
ceann fiche míle acu fá'n am so. Tabharfar fóirithin
do'n bhFuíteach má's féidir é. Tá fhios ag Ioubert
go bhfuil Buller ag teacht, agus dá réir sin dhruid
sé sluagh Bórach síos chum Colenso baile atá ar
an mbóthar iarainn sé mhíle dhéag dia thíos de'n
Fhuíteach. Rith muinntir Cholenso agus an méid saigh-
diúirí bhí ann le n-a n-anamnachaibh. Rinne an Fuíteach
iarracht ar an mbóthar iarainn do chongbháil réidh
acht bhuaidhidh Ioubert air. Ní fhuil fhios againn an
'mó fear do marbhuigheadh ins an ruagadh úd acht bhí fuil
ann go fulúirseach. Tá colúir múinte chum teachtair-
eacht ins an longphort ag an bhFuíteach. D'eiteall dhá
cheann acu so le teachtaireacht amach agus ní raibh sgéal
maith acu, agus d'éaluigh fear tighe ósda amach leis ins an
oidhche agus dubhairt seisean go raibh gunnaí móra na


L. 562


mBórach ag briseadh na dtighthe, agus gidh go bhfuil an Fuí-
teach dá bhfreagradh le deich ngunna mór agus dá fhichead
ní féidir leis cosg do chur leo. Tá dream eile de na
Bórachaibh timcheall Mhafecing agus Chimberlí agus na bóithre
iarainn geárrtha acu, acht ní fhuil puínn feasa againn
ó na háitibh sin. Deirthear gur chuireadar an ruagadh
ar chipe saighdiúirí bhí ar tí fóirthin do thabhairt ar
Chimberlí agus gur mharbhuighdear sé chéad acu, acht aon
nídh amháin is 'mithid do Sheághan gluaiseacht nó beidh an
báire leis an mBórach. Is ait an sgéal é, maithshluagh
beag feirmeóirí ag cómhrac agus ag buadh ar an Ímpireacht
is mó ar domhan.



Tabharfaidh an méid seo eólas duit ar an saghas fir
an Bórach. Bhí dream acu ar chnocán agus dhá ghunna mór
acu. Ní raibh an dá ghunna díomhaoin, acht fá dheireadh
do b'éigean dóibh sgur ó'n gcómhrac le méid na bpiléar
do bhí ag liughraigh timcheall ortha. Bhí na saighdiúirí
dearga ag druidim leo. "Caillfid an dá ghunna mór,"
ar dream eile Bórach do bhí 'na n-aice agus leis sin do
phreab ochtar acu amach i gcoinnibh na saighdiúirí.
Sgaoileadar ar a chéile, agus fá dheireadh do thuit an
t-ochtar agus ní i n-aisge. D'fhuasgladar an dá ghunna
mór. Dhruid tuarasgóir páipéir i ndiaidh an chatha leis
an t-ochtar laoch na luighe ar ghualainn an chnocáin. Bhí
ceann acu 'na bheathaidh acht bhí an bás ag teacht air go
tiugh, fear mór breágh do b'eadh é i n-aois a dheich
mbliadhan agus trí fichid. Bhí féasóg fhada go caol air.
"Cia thusa?" ar an tuarasgóir. "Coch is ainm dom,
athair an cheannphoirt is eadh mé," ars an gaisgidheach.
Breitheamh imeasg na mBórach do b'eadh an duine uasal
úd, agus féach air annsúd ag fághail bháis le tuitim na
hoidhche, ciúineas agus uaigneas ag teacht d'éis fothram na
bruighne. Sólás na glóire dá anam. Féach sprallaire
iasachta acu i gCúige Connacht darab ainm Dane ag
tabhairt easonóir d'fhear chreideamhnach darab ainm
Míchéal Ó Conchúbhair mar gur thug sé fiadhnuiseacht i
dteanga Mhéidhbhe agus Bhriain. Féach air adeirim leat agus
má tá brígh ionnat cuirfir faobhar ar d'fhiaclaibh. Ní
fhuil acht aon tslighe amháin as, a dhuine. Muna bhfuil
Connradh Gaedhilge i bhfógus duit cuir ar bun ceann
acu. Cá bhfuil spioraid na gceanntar? Bhaileochadh
an Bórach céad fear na cheanntar féin, dhíolfadh gach
duine acu leath raol 'sa tseachtmhain ar feadh bliadhna
agus bhiadh múinteóir Gaedhilge acu féin. Ní chuirfeadh
bodach gair darab ainm Dane 'ná aon ainm fhiadhain
eile an cheann faoi ortha go brath arís. Dúisigh an tír
as a tromsuan a dhuine. Fuasgail an teanga, is í
anam na tíre í. Tá sí 'gá múchadh leis an bodaigh is
bréine do chum an deamhan riamh. Ná bhíodh sé mar
leathsgéal agat go bhfuil an chuid eile na gcodladh.
Is tusa féin amháin a léighteóir an fear i mbearna an
bhaoghail. Buail! ná fan le cách. Go neartuighidh Dia
do chuisle.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services