Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Annso as annsúd ó Lonndain gus na Gailltibh - III na Gailltibh - III
Title
Annso as annsúd ó Lonndain gus na Gailltibh - III na Gailltibh - III
Author(s)
Seaghán Ó Catháin,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Annso as annsúd ó Lonndain gus na Gailltibh - III Ní'l focal annso act focail a dubhairt an fear macánta. Bhíomar anois ar bhárr chnuic. Chroitheas lámh an fhir mhaith fhíor-Ghaedhealaigh, agus suas linn ar ár rothaibh arís. Ní fada thiomáineamar nuair phleusg bonn roithe mo chompánaigh! Bhí an donas ar an sgeul annsin, mar ní raibh aon saghas deasuighthe againn. Faraoir geur, bhíomar sé mhíle ó aon bhaile beag ná mór, ní fhacamar teach duine uasail ná ísil, agus bhí tuirse tart agus ocras mór orainn. Ní raibh againn annsin act siubhal ar ár n-ais. Acht, mo leun, ní tháinig sgeul donasach riamh ina aonar! Ní raibh leath-mhíle siubhalta againn nuair tháinig sgamall trom a's ceó draoidhe- achta ar na sléibhtibh. Annsin do phleusc na lasracha, thoir, thiar, ó neul go neul, as ó shliabh go sliabh agus bhí fothrom an tórnaigh comh árd, comh mór sin gur dhóigh leath gur chnuic mhóra cloiche a bhí dá mbriseadh le neart creatha talmhan agus ag rith anuas de'n tuaigh. Ba ghoirid go teacht na fearthainne, agus níor bháisdeach go dtí sin. Le seo a's le siúd ba dhóigh le duine gur deireadh an domhain a bhí ann. Agus do bheadh cosg comh mór againn ar bhárr crainn luinge i lár na fairrge a's do bhí againn an lá úd i measg sléibhteadh Cnuic Mhaoil Domhnaigh. Rugamar ar an mbaile i slighe éigin, pé i nÉirinn é, agus ar mo bhriathar is beag an fonn dul go Mellerí bhí orm-sa le rith na coda eile dem laethe saoire. B'é sin an Satharn. Go luath ar maidin Luain ina dhiaidh, suas ar mo rotha arís liom agus amach go Cais- leán Ua Liatháin chum an Athar Peadar d'fheicsint. Ní baoghal ná raibh mo ghleus deasuighthe agam. Ag dul amach dom, ghlaodhas ar sgoil Bhaile Póirín ina bhfuil an Ghaedhilg dhá múnadh ag mo charaid Micheál de Neagh. Chuir an chuairt sin an-áthas orm. Tá suas le deich mbuachaillí fichead a foghluim na teangadh ann, agus is blasda binn atá sé acu. Ní mar theanga sgríobhtha atá Mícheál ag múineadh na Gaedhilge dhóibh, acht mar theanga bheo-labhartha agus tá a rian ar an sgeul, is mór an tsuim a chuirid na sgoláirí innti. D'fhágbhas an sgoil ar ghlaodhach na n-anmann agus rothuigheas le deithneas mór tré Chnocaibh Cill Uird agus isteach go Mainistir Fhear-Muighe. I bhfogus do'n bhaile sin cia chasfadh orm acht triúir de 'n "North Cork Militia," agus dá thaobh an bhóthair aca. "B'fhearr dhom a bheith air mo chosaibh anois," ar mise, agus bhíos chum teacht anuas nuair thuit ceann aca am' choinne. Rinneadh díoghbháil mhór dom' rotha, gidh gur thángas féin slán. Ní raibh agam annsin acht thar m'ais go Baile Mhistéala ar an traen agus is ait na paidreacha bhi dhá rádh agam ar son na "North Corks" ag teacht as m'ais dom. Pé air domhan é, níor éirigh liom i n-aon chor mo thriallóireacht ar na sagartaibh an mhí sin. Bhí cruinniughadh ar Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Mhistéala Dia hAoine 'na dhiaidh so, agus bhí imnidhe mór orm chum bheith ann, go mór-mhór mar is ar an Aoine bhíonn ár gcruinniughadh féin ag Forest Gate. Ní fhacamar mórán cunntais ó Bhaile Mhistéala go fóill, agus b'fhéidir go mbeadh cúpla focal air a thaobh óireamhnach annso. Is iad, na Sagairt d'Órd an Fhuascaltóra ro-Naomhtha fa ndeara an chraobh do chur ar bun ann i dtosach an tsamhraidh so thart. Rinne siad mórán maitheasa eile ar son na Gaedhilge ann leis. Bhí céad-tionól mór aca, d'órduigh a n-oifigigh agus ta cruinniughadh seachtmhaine aca ó shoin. Ní raibh acht breis a's fiche dhuine ann an oidhche úd, act bhí an aimsir go h-an-bhrothalach, agus ba mhaith le buachaillibh a bheadh ag obair i dtrom-aer rith an lae fada samhraidh cúpla uaire amuigh fé aer bheodhamhail an tráthnóna. Acht is cinnte liom go mbeidh an chraobh sin ag siubhal go láidir lúthmhar insan ngeimhreadh so chugainn. Tá a luchd stiúrtha ciallmhar, cródhanta, fíor-Ghaedhealach, agus tá súil agam go tiubhradh siad aire do'n obair mhaith naomhtha atá idir lámhaibh aca. Tá grádh mór tíre a's teangadh ag uachtarán na craoibhe, pé i nÉirinn é. Is le brón as trom-chroidhe do bhuaileas ar m'ais arís. Acht, mar sin féin, ní hí an Lonndain ghallda bhí ann dúinn roimhe so atá ann anois. Ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun buainimíd greann a's aoibhneas mór amach as ár dteanga ár gceól agus ár rinncidhe féin. Agus tá spiorad na nGaedheal comh fíor sin i measg muintire an Chonnartha annso gur dhóigh le duine ar uairibh gur i nÉirinn féin - i nÉirinn na féile agus na flaiteamhlachta - do bhí sé. Seaghán Ó Catháin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services