Annso as annsúd ó Lonndain gus
na Gailltibh - III
Ní'l focal annso act focail a dubhairt an fear
macánta. Bhíomar anois ar bhárr chnuic. Chroitheas lámh
an fhir mhaith fhíor-Ghaedhealaigh, agus suas linn ar ár
rothaibh arís.
Ní fada thiomáineamar nuair phleusg bonn roithe
mo chompánaigh! Bhí an donas ar an sgeul annsin,
mar ní raibh aon saghas deasuighthe againn. Faraoir
geur, bhíomar sé mhíle ó aon bhaile beag ná mór, ní
fhacamar teach duine uasail ná ísil, agus bhí tuirse
tart agus ocras mór orainn. Ní raibh againn annsin
act siubhal ar ár n-ais. Acht, mo leun, ní tháinig sgeul
donasach riamh ina aonar! Ní raibh leath-mhíle siubhalta
againn nuair tháinig sgamall trom a's ceó draoidhe-
achta ar na sléibhtibh. Annsin do phleusc na lasracha,
thoir, thiar, ó neul go neul, as ó shliabh go sliabh agus bhí
fothrom an tórnaigh comh árd, comh mór sin gur dhóigh
leath gur chnuic mhóra cloiche a bhí dá mbriseadh le neart
creatha talmhan agus ag rith anuas de'n tuaigh. Ba
ghoirid go teacht na fearthainne, agus níor bháisdeach
go dtí sin. Le seo a's le siúd ba dhóigh le duine gur
deireadh an domhain a bhí ann. Agus do bheadh cosg
comh mór againn ar bhárr crainn luinge i lár na
fairrge a's do bhí againn an lá úd i measg sléibhteadh
Cnuic Mhaoil Domhnaigh. Rugamar ar an mbaile i
slighe éigin, pé i nÉirinn é, agus ar mo bhriathar is beag
an fonn dul go Mellerí bhí orm-sa le rith na coda eile
dem laethe saoire.
B'é sin an Satharn. Go luath ar maidin Luain ina
dhiaidh, suas ar mo rotha arís liom agus amach go Cais-
leán Ua Liatháin chum an Athar Peadar d'fheicsint.
Ní baoghal ná raibh mo ghleus deasuighthe agam. Ag
dul amach dom, ghlaodhas ar sgoil Bhaile Póirín ina
bhfuil an Ghaedhilg dhá múnadh ag mo charaid Micheál
de Neagh. Chuir an chuairt sin an-áthas orm. Tá suas
le deich mbuachaillí fichead a foghluim na teangadh ann,
agus is blasda binn atá sé acu. Ní mar theanga
sgríobhtha atá Mícheál ag múineadh na Gaedhilge dhóibh,
acht mar theanga bheo-labhartha agus tá a rian ar an
sgeul, is mór an tsuim a chuirid na sgoláirí innti.
D'fhágbhas an sgoil ar ghlaodhach na n-anmann agus
rothuigheas le deithneas mór tré Chnocaibh Cill Uird
agus isteach go Mainistir Fhear-Muighe. I bhfogus
do'n bhaile sin cia chasfadh orm acht triúir de 'n "North
Cork Militia," agus dá thaobh an bhóthair aca. "B'fhearr
dhom a bheith air mo chosaibh anois," ar mise, agus bhíos
chum teacht anuas nuair thuit ceann aca am' choinne.
Rinneadh díoghbháil mhór dom' rotha, gidh gur thángas
féin slán. Ní raibh agam annsin acht thar m'ais go
Baile Mhistéala ar an traen agus is ait na paidreacha
bhi dhá rádh agam ar son na "North Corks" ag teacht
as m'ais dom. Pé air domhan é, níor éirigh liom i n-aon
chor mo thriallóireacht ar na sagartaibh an mhí sin.
Bhí cruinniughadh ar Chonnradh na Gaedhilge i mBaile
Mhistéala Dia hAoine 'na dhiaidh so, agus bhí imnidhe
mór orm chum bheith ann, go mór-mhór mar is ar an
Aoine bhíonn ár gcruinniughadh féin ag Forest Gate.
Ní fhacamar mórán cunntais ó Bhaile Mhistéala go
fóill, agus b'fhéidir go mbeadh cúpla focal air a thaobh
óireamhnach annso. Is iad, na Sagairt d'Órd an
Fhuascaltóra ro-Naomhtha fa ndeara an chraobh do chur
ar bun ann i dtosach an tsamhraidh so thart. Rinne
siad mórán maitheasa eile ar son na Gaedhilge ann
leis. Bhí céad-tionól mór aca, d'órduigh a n-oifigigh
agus ta cruinniughadh seachtmhaine aca ó shoin. Ní raibh
acht breis a's fiche dhuine ann an oidhche úd, act bhí an
aimsir go h-an-bhrothalach, agus ba mhaith le buachaillibh
a bheadh ag obair i dtrom-aer rith an lae fada samhraidh
cúpla uaire amuigh fé aer bheodhamhail an tráthnóna.
Acht is cinnte liom go mbeidh an chraobh sin ag siubhal
go láidir lúthmhar insan ngeimhreadh so chugainn. Tá
a luchd stiúrtha ciallmhar, cródhanta, fíor-Ghaedhealach,
agus tá súil agam go tiubhradh siad aire do'n obair
mhaith naomhtha atá idir lámhaibh aca. Tá grádh mór tíre
a's teangadh ag uachtarán na craoibhe, pé i nÉirinn é.
Is le brón as trom-chroidhe do bhuaileas ar m'ais
arís. Acht, mar sin féin, ní hí an Lonndain ghallda
bhí ann dúinn roimhe so atá ann anois. Ó cuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun buainimíd greann a's
aoibhneas mór amach as ár dteanga ár gceól agus ár
rinncidhe féin. Agus tá spiorad na nGaedheal comh
fíor sin i measg muintire an Chonnartha annso gur
dhóigh le duine ar uairibh gur i nÉirinn féin - i nÉirinn
na féile agus na flaiteamhlachta - do bhí sé.
Seaghán Ó Catháin
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11