Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Caithfeam trácht thar chogadh. Ní fhuil dul as againn. Bhíomar ag caitheadh ár gcáibhíní i n-áirde tá seacht- mhain ó shoin agus i gcontabhairt ár sine seághain do chaitheamh amach as ár bpíob sgórnuighe le racht liúgh- raigh, mar dar linn do mharbhuigheamar na Bóraigh ar fad. Bhí an seanduine sin Kruger ar a ghlúnaibh ag sileadh na ndeór agus ag éigheamh orainn maithe- amhnas do thabhairt dó. Is beag an mhaith dhó é an sean bhiothamhnach, sgriosfam é gan truaghmhéil, mar do thuill sé é. Arú mo mhallacht ar na páipeáraibh éithigh sin do mheall sin. Ní h-éin iongnadh go bhfuil gruaim agus míoshástacht orainn anois mar cloiseam go bhfuil mórán de na feirmeóirí gránna úd na mbeathaidh fós, agus iongnadh tar iongantaoibh an tsaoghail, tamuíd ag rith uatha. An chualabhair riamh a leithéid! Táim chómh ciúin agus chomh meata anois led' ghadhair go mbuailfeá speach air. Bhí sluasad agam ar feadh na seachtmhaine ag sluaisdeáil ualaighe bréag thorm i gcás go bhfuigh- finn dúradán fírinne bhí ionnta agus fuaras é agus is é seo é - bhuaidh an Bórach go dtí so ar an Sasanach gibé nídh do dhéanfaidh an bheirt feasda. An bhruighean úd Ghleanna Comhain go raibh an t-eirghe 'n-áirde orainn 'na taobh ní raibh annsúd ag troid linn acht crúb an Bhóraigh, an chos chlé fá mar déarfá sínte amach ar tí preabadh orainn. Bhí an ceann, an chabhail, agus an corp a bhfad siar 'sa tír uainn. Tharraing sé chuige an chrúb mar do bhíomar ag gabháil uirthe le caoraibh teineadh. Tá an Bórach gránna ag teicheadh uainn, leanamuis air, tá sé claoidhte adubhramar ca bhfuil an eachraidh? Bhí cor capall de'n chath a h-ocht déag i ngar dúinn, dúil i mbruighin acu, bléana seanga, sleamhna acu; muineála fada, lúbtha, ortha; súla rinnce ionnta, agus na fiacla ag cogaint na mbéalacha. "Gléas! gluais! sgaoil!" ars an ceann- phort agus phreab an cor capall ba bhreaghdha sa n-arm ar aghaidh, céad agus trí fichid ceann acu, na marcuigh thréana ag claonadh chum na muinge, glúin le glúin, srian le srian, claidheamh fada faobhrach in gach glaic, an talamh ag crith le fuaim ná cos-in-áirde, agus fóidíní ag preabadh sa' n-aér le cruidhte deiridh na gcapall. Chualaidh an Bórach ag teacht air iad, bhí sé ag druidim leis acht ní raibh sé ag teitheadh. Cad' imthigh ar an gcor capall úd? Ní deir an Bórach dadamh 'na dtaobh, acht i gcionn seachtmhaine 'na dhiaidh siúd cloisimíd go bhfuil na marcaigh úd gabhtha dhá chéad míle as páirc an bhualadh, i gcathair Phretória. Leig an Bórach dóibh sgéala chur abhaile go rabhadar slán agus tá marcaigh eile ar muin na gcapall. Is beag an iongnadh go bhfuil fearg orainn, agus cathúghadh i ndiaidh na gcapall úd agus náire leis go bhfuil tollaire Bóraigh ar marcuigheacht ar gach ceann acu. Deir sé leis nár marbhuigheadh acht deichneabhar dá dhaoinibh ins an mbruíghin úd agus nár cuireadh an rith i n-aon chor air, acht gur dhruid sé leis, agus fágaim lé h-udhacht go measann gach duine é "chreideamhaint anois gidh nách maith linn a leigean orainn. Má bhí a chrúb chlé i ngleann Comhan, thaisbeán sé an chrúb dheas deich míle fichead ó'n áit sin cois an bhóthair iarainn thíos ag Elandslaagte i ngearracht sé mhíle de phríomh- longphort Sheághain. Is ionann Elandslaagte ins an teanga Dhúisis agus Cúm-an-Fhiadh, ins an Ghaedhilg. Ladysmith do gairmthear ar an mbaile go bhfuil príomh-longphort Sheaghain innte agus is é an ceann- phort atá innte an ridire Seóirse de Fuít. Eireannach is eadh an Fuíteach. Níor réidhtigh leis go raibh an Bórach mar chómharsain aige agus do dhruid sé amach trí míle fear chuige. Ní raibh ins na Bórachaibh ann acht míle agus do fhearadh caith fuilteach eatortha ar feadh sé h-uaire an chloig. Marbhuigheadh céad ceann de na Bóraigh agus ghabh an Fuíteach dhá chéad eile acu, cuid acu créachda le piléaraibh acht chaill sé féin dhá chéad agus trí fichid. Bhí na hAlbanaigh i dtosach, le cródhacht a sinnsear, agus bhí an bualadh chómh dian sain gur cuireadh ar lár céad agus ocht bhfeara déag díobh. Ní raibh ann de na hAlbanaigh acht leath-chath dhíobh sé sin chúig céad fear, agus gidh go rabhadar súd i mbruighe- anntaibh diana cheana ins na hIndiachaibh thoir deir siad na feacadar riamh fós a leithéid siúd. Nách cruaidh iad na feirmeóirí. Cuireadh ar gcúl annsúd leis iad acht níor lean na gcapaill i bhfad iad. Bíonn an eagla ar an leanbh a dóightear. Nuair do chífeadh an Bórach each sleamhain, cothuighthe Sheághain Bhuidhe thiocfadh dúil aige innte mar is deallrathach nách bhfuil aige féin acht an staigín giobalach do thóg sé as an gcéachta an lá eile. Mar sin féin is fuilteach é a philéar agus áiríghmíd gur cuireadh ar lár cheithre fichid oifigeach Sasanach idir ceannphort, fo-cheannphort, captaen, agus ceann-dreama, i dteannta seacht gcéad saigh- diúir. Ní fhuil annso acht suarachas i gcomórtas leis an troid atá le teacht. Níor ghábhadh dhúinn an liúghraigh agus an ghaoth an tseachtmhain fá dheireadh. Ní fheaca- mar an uair sin acht dhá chrúb an bhóraigh. An lá i ndiaidh an chatha shuas, nuair do shíleamar go raibh an ruathar- chlódh air, theasbáin sé a cheann shuas i nGleann Comhan mar a raibh an cath cheana. Níor mhothuigh an Sasanach pioc go bhfeacaidh sé fá mar do bhiadh earball mór ag déanamh air thríd an aer. Thuit an t-earball i lár an longphoirt agus phléasg sé le fuaim. Stoll sé na putóga as capall agus mhill sé beirt shaighdiúirí. Tháinig ceann eile i gceann tamaill, phléasg sé sin agus bhí sé ag fiuchaigh fá mar do bhiadh barra d'iarann dhearg do ropfá i soitheach uisge. Caitheadh na sleagáin bhuile úd ó chnocán dhá mhíle ó bhaile. Bhí na Bóraigh ann agus Ioubert, taoiseach na mBórach agus Pól Kruger féin ar a gceann. Cad do rinne ceannphort Shasana? Ní bhfuilim ag fágháil locht air. Rith sé féin agus a chúig mhíle saighdiúir le n-a nanamaibh agus chuireadar da fhicheadh mile dhíobh i lá agus oidhche. Deir na páipéir
gur rinne sé an rud ceart agus gur bhreágh an cleas cogaidh é. B'fhéidir é acht is feárr an fhírinne d'innsint ar a shon sain. Tá an fear ratha úd i n-éinfheacht leis an bhFuíteach anois i ndaingeanaibh an phrímh-longphoirt. Bhriseadar an droichid dia thiar díobh mar tá Ioubert ag druidim leo agus beidh an bhruighean is mó acu do bhí riamh fós ins an Aifric. Tá deich ngunna mór agus dá fhicheadh acu ins an longphort agus deir na páipéir nach bhfuil trían an mhéid sin ag Ioubert. Má bhriseann seisean an chath ortha ní bheidh an cogadh críochnuighthe ar feadh bliadhna, dá bhriseann siad san air tá gnó na mBórach déanta dá thréineacht iad, mar beidh ós cionn céad míle saighdiúir ag Seághan annsúd fá cheann mí. Tá faitchíos orainn na laetheannta so. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services