Tar Lear
Caithfeam trácht thar chogadh. Ní fhuil dul as againn.
Bhíomar ag caitheadh ár gcáibhíní i n-áirde tá seacht-
mhain ó shoin agus i gcontabhairt ár sine seághain do
chaitheamh amach as ár bpíob sgórnuighe le racht liúgh-
raigh, mar dar linn do mharbhuigheamar na Bóraigh
ar fad. Bhí an seanduine sin Kruger ar a ghlúnaibh
ag sileadh na ndeór agus ag éigheamh orainn maithe-
amhnas do thabhairt dó. Is beag an mhaith dhó é an sean
bhiothamhnach, sgriosfam é gan truaghmhéil, mar do thuill
sé é. Arú mo mhallacht ar na páipeáraibh éithigh sin
do mheall sin. Ní h-éin iongnadh go bhfuil gruaim
agus míoshástacht orainn anois mar cloiseam go bhfuil
mórán de na feirmeóirí gránna úd na mbeathaidh fós,
agus iongnadh tar iongantaoibh an tsaoghail, tamuíd ag
rith uatha. An chualabhair riamh a leithéid! Táim chómh
ciúin agus chomh meata anois led' ghadhair go mbuailfeá
speach air. Bhí sluasad agam ar feadh na seachtmhaine
ag sluaisdeáil ualaighe bréag thorm i gcás go bhfuigh-
finn dúradán fírinne bhí ionnta agus fuaras é agus
is é seo é - bhuaidh an Bórach go dtí so ar an Sasanach
gibé nídh do dhéanfaidh an bheirt feasda. An bhruighean
úd Ghleanna Comhain go raibh an t-eirghe 'n-áirde
orainn 'na taobh ní raibh annsúd ag troid linn acht
crúb an Bhóraigh, an chos chlé fá mar déarfá sínte
amach ar tí preabadh orainn. Bhí an ceann, an chabhail,
agus an corp a bhfad siar 'sa tír uainn. Tharraing
sé chuige an chrúb mar do bhíomar ag gabháil uirthe le
caoraibh teineadh. Tá an Bórach gránna ag teicheadh
uainn, leanamuis air, tá sé claoidhte adubhramar ca
bhfuil an eachraidh? Bhí cor capall de'n chath a h-ocht
déag i ngar dúinn, dúil i mbruighin acu, bléana
seanga, sleamhna acu; muineála fada, lúbtha, ortha;
súla rinnce ionnta, agus na fiacla ag cogaint na
mbéalacha. "Gléas! gluais! sgaoil!" ars an ceann-
phort agus phreab an cor capall ba bhreaghdha sa n-arm
ar aghaidh, céad agus trí fichid ceann acu, na marcuigh
thréana ag claonadh chum na muinge, glúin le glúin,
srian le srian, claidheamh fada faobhrach in gach glaic,
an talamh ag crith le fuaim ná cos-in-áirde, agus
fóidíní ag preabadh sa' n-aér le cruidhte deiridh na
gcapall. Chualaidh an Bórach ag teacht air iad, bhí sé
ag druidim leis acht ní raibh sé ag teitheadh. Cad'
imthigh ar an gcor capall úd? Ní deir an Bórach
dadamh 'na dtaobh, acht i gcionn seachtmhaine 'na dhiaidh
siúd cloisimíd go bhfuil na marcaigh úd gabhtha dhá chéad
míle as páirc an bhualadh, i gcathair Phretória. Leig
an Bórach dóibh sgéala chur abhaile go rabhadar slán
agus tá marcaigh eile ar muin na gcapall. Is beag
an iongnadh go bhfuil fearg orainn, agus cathúghadh
i ndiaidh na gcapall úd agus náire leis go bhfuil
tollaire Bóraigh ar marcuigheacht ar gach ceann acu.
Deir sé leis nár marbhuigheadh acht deichneabhar dá
dhaoinibh ins an mbruíghin úd agus nár cuireadh an rith
i n-aon chor air, acht gur dhruid sé leis, agus fágaim
lé h-udhacht go measann gach duine é "chreideamhaint
anois gidh nách maith linn a leigean orainn. Má bhí a
chrúb chlé i ngleann Comhan, thaisbeán sé an chrúb dheas
deich míle fichead ó'n áit sin cois an bhóthair iarainn
thíos ag Elandslaagte i ngearracht sé mhíle de phríomh-
longphort Sheághain. Is ionann Elandslaagte ins an
teanga Dhúisis agus Cúm-an-Fhiadh, ins an Ghaedhilg.
Ladysmith do gairmthear ar an mbaile go bhfuil
príomh-longphort Sheaghain innte agus is é an ceann-
phort atá innte an ridire Seóirse de Fuít. Eireannach
is eadh an Fuíteach. Níor réidhtigh leis go raibh an
Bórach mar chómharsain aige agus do dhruid sé amach
trí míle fear chuige. Ní raibh ins na Bórachaibh ann acht
míle agus do fhearadh caith fuilteach eatortha ar feadh
sé h-uaire an chloig. Marbhuigheadh céad ceann de na
Bóraigh agus ghabh an Fuíteach dhá chéad eile acu, cuid
acu créachda le piléaraibh acht chaill sé féin dhá chéad
agus trí fichid. Bhí na hAlbanaigh i dtosach, le cródhacht
a sinnsear, agus bhí an bualadh chómh dian sain gur
cuireadh ar lár céad agus ocht bhfeara déag díobh. Ní
raibh ann de na hAlbanaigh acht leath-chath dhíobh sé sin
chúig céad fear, agus gidh go rabhadar súd i mbruighe-
anntaibh diana cheana ins na hIndiachaibh thoir deir siad
na feacadar riamh fós a leithéid siúd. Nách cruaidh
iad na feirmeóirí. Cuireadh ar gcúl annsúd leis iad
acht níor lean na gcapaill i bhfad iad. Bíonn an eagla
ar an leanbh a dóightear. Nuair do chífeadh an Bórach
each sleamhain, cothuighthe Sheághain Bhuidhe thiocfadh dúil
aige innte mar is deallrathach nách bhfuil aige féin acht
an staigín giobalach do thóg sé as an gcéachta an lá
eile. Mar sin féin is fuilteach é a philéar agus
áiríghmíd gur cuireadh ar lár cheithre fichid oifigeach
Sasanach idir ceannphort, fo-cheannphort, captaen,
agus ceann-dreama, i dteannta seacht gcéad saigh-
diúir. Ní fhuil annso acht suarachas i gcomórtas leis
an troid atá le teacht. Níor ghábhadh dhúinn an liúghraigh
agus an ghaoth an tseachtmhain fá dheireadh. Ní fheaca-
mar an uair sin acht dhá chrúb an bhóraigh. An lá i ndiaidh
an chatha shuas, nuair do shíleamar go raibh an ruathar-
chlódh air, theasbáin sé a cheann shuas i nGleann Comhan
mar a raibh an cath cheana. Níor mhothuigh an Sasanach
pioc go bhfeacaidh sé fá mar do bhiadh earball mór
ag déanamh air thríd an aer. Thuit an t-earball
i lár an longphoirt agus phléasg sé le fuaim. Stoll
sé na putóga as capall agus mhill sé beirt shaighdiúirí.
Tháinig ceann eile i gceann tamaill, phléasg sé sin
agus bhí sé ag fiuchaigh fá mar do bhiadh barra d'iarann
dhearg do ropfá i soitheach uisge. Caitheadh na sleagáin
bhuile úd ó chnocán dhá mhíle ó bhaile. Bhí na Bóraigh ann
agus Ioubert, taoiseach na mBórach agus Pól Kruger
féin ar a gceann. Cad do rinne ceannphort Shasana?
Ní bhfuilim ag fágháil locht air. Rith sé féin agus a
chúig mhíle saighdiúir le n-a nanamaibh agus chuireadar
da fhicheadh mile dhíobh i lá agus oidhche. Deir na páipéir
gur rinne sé an rud ceart agus gur bhreágh an cleas
cogaidh é. B'fhéidir é acht is feárr an fhírinne d'innsint
ar a shon sain. Tá an fear ratha úd i n-éinfheacht leis
an bhFuíteach anois i ndaingeanaibh an phrímh-longphoirt.
Bhriseadar an droichid dia thiar díobh mar tá Ioubert
ag druidim leo agus beidh an bhruighean is mó acu do
bhí riamh fós ins an Aifric. Tá deich ngunna mór agus
dá fhicheadh acu ins an longphort agus deir na páipéir
nach bhfuil trían an mhéid sin ag Ioubert. Má bhriseann
seisean an chath ortha ní bheidh an cogadh críochnuighthe ar
feadh bliadhna, dá bhriseann siad san air tá gnó na
mBórach déanta dá thréineacht iad, mar beidh ós cionn
céad míle saighdiúir ag Seághan annsúd fá cheann mí.
Tá faitchíos orainn na laetheannta so.
Conán Maol