Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Title
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint) (ó Thomás Ua Coincheannainn) Inisaor Cheap Chonnradh na Gaedhilge go mb'fhearr gan dul níos faide leis an obair go mbeadh an toghadh thart, agus ó thárla go raibh sé chomh gar do Dhomhnach Cásg fuair mé cead dul suas go h-Árainn leis an Cháisg a chaitheadh san mbaile. Tháinig mé go h-Inismeadhóin Dé Sathairn agus lá'r na mháireach, Domhnach Cásg, chuaidh mé go hInis-soir le craobh chur in san oileán sin. Seo áit nach ndeunann an toghadh mórán imnídhe dhóibh, sé sin, ní chuireann sé an oiread imnídhe ná sodar ionnta le daoine eile a's go deimhin creidim go bhfuil siad gach uile orlach chom maith as. Iomarca aimsire tá muintir na h-Éireann a thabhairt do chúl-bheartacht. Is amhlaidh tá Éire agus náire go deo ag ar gcuid féisire a' troid agus a' marbhadh a chéile, fear a' fághail locht ar an bhfear eile. A' troid i n-aghaidh a chéile tá siad i leabaidh beith a' troid i n-aghaidh an námhaid agus ceart fhagháil dúinn. 'Sé mo mheas-sa go mb'fheárr go mór dúinn iad a tharraingt abhaile is iad a chongbháil ann, ná mar dubhairt mé cheana bheith dhá náiriúghadh as comhair an tsaoghail móir. Ní ar son Éireann tá siad a troid acht ar son an námhaid mar bhíodh 'fhios againn nuair atá sinn a stracadh muiníl a chéile gur ag cuidiúghadh leis an Sasanach atá- muid. An neart, an spreac agus an misneach budh cheart dhúinn oileamhaint leis an námhaid do throid támuid dhá chaitheadh ag achrann eadrainn féin. Budh cheart dúinn ciall bheith againn anois - tá sinn fada go leor a' dul ar seachrán. Dar m'fhocal go bhfuil mé féin dul ar seachrán anois. Thosuigh mé a' cur síos ar Inis-soir acht d'imthigh mé as sin faoi sgoir, chuaidh mé ar fán mar deireadh an fear fadó, acht má chuas bhéarfaidh mé leath-bhord ar ais arís. Do réir mo thuairim tá timcheall le sé cheud (600) pearsa san n-oileán so, eidir bheag agus mhór agus is beag nach raibh gach uile dhuine de'n mhéid sin ag an gcruinniúghadh. Is iongantach ar fad an tsuim chuireadar i gcúis na Gaedhilge. Níor mhaith leo chor ar bith nach ndeacadh aca roimh an uair seo, agus an roith Ghaedhealach a chasadh deiseal. Ní hé an lá sin amháin a thasbáin siad go raibh suim aca san teanga acht cloisim go bhfuil siad a tabhairt aire maithe do'n sgoil ó shoin agus chím mar an gcéadna go gcuireann siad cúntas ag na páipéir anois agus arís. Seo í an t-aon gheug amháin de chraoibh Árann cuir teachtaire ag an Oireachtas. Ní in gach aon áit gheobhaimíd oifigigh chómh maith is tá ag an gcraoibh seo. Sean-saighdiúir ins an gcúis é an t-Uachdarán Mac Uí Choisdealbhaigh, tá an Leas-Uachdarán Mícheál Ó Meachair chomh práidhinneach céadna, an Pólach cisdeóir na craoibhe, fear an stoca mhóir, an buachaillín atá in-ann an ruaigh chongbháil go dlúth daingean ar an sparán. Ní'l baoghal ar bith má thugann siad na pingneacha dhó nach bhfáisgfidh sé an ruaigh timcheall béil an sparáin. Maidir leis an Rúnaire, ní'l sé a gCondae na Gaillimhe níos fearr. Shaoil cuid againn roimhe seo nach raibh againn a gConnradh na Gaedhilge acht trí Thadhg acht támuid dul i múdha, tá an ceathramhadh ceann féin againn agus de mhuinntir Dhonnchadha é freisin. Nach tráthamail gur de mhuintir Dhonnchadha iad go léir agus nach tráthamhail arís go bhfuil siad na bhfilí ar fad, acht faraoir is file Béarla atá i dTadhg Árann, agus 'na mhnaoi. Tá an bheirt aca ag oibriughadh go treun a' fóghluim na teangan. Cloisim go bhfuil siad dá múnadh 'san sgoil anois agus tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad go bhféadfaidh siad dánta chumadh i dteanga na h-Éireann chómh maith is ghnídheann siad anois é san mBéarla gállda. Go saoghluighidh Dia na Taidhg is go mba fada mhairfidh siad 'nar measg. Creidim nach bhfaca duine ar bith aca a chéile riamh. "Tá Tadhg aca i gCorcaigh agus Tadhg i nÁth Cliath Agus Tadhg na Gaillimhe na sheandhuine liath," Tá Tadhg Inisíor é féin a's a mhnaoi A fóghluim na Gaedhilge ó mhaidin go h-oidhche. (Tuilleadh) (Inis Oirthir an t-ainm do bhí ag lucht léighinn na Gaedhilge fad'ó ar an oileán is fuide thoir de na hÁirnibh. Inisaor an t-ainm atá ag muinntir Árainn air anois.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services