Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Anonn agus Anall (ar leanamhaint)

Teideal
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Údar
Ua Concheannainn, Tomás,
Dáta cumtha
1899
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Anonn agus Anall
(ar leanamhaint)
(ó Thomás Ua Coincheannainn)



Inisaor



Cheap Chonnradh na Gaedhilge go mb'fhearr gan dul
níos faide leis an obair go mbeadh an toghadh thart,
agus ó thárla go raibh sé chomh gar do Dhomhnach Cásg
fuair mé cead dul suas go h-Árainn leis an Cháisg
a chaitheadh san mbaile.



Tháinig mé go h-Inismeadhóin Dé Sathairn agus lá'r
na mháireach, Domhnach Cásg, chuaidh mé go hInis-soir le
craobh chur in san oileán sin. Seo áit nach ndeunann
an toghadh mórán imnídhe dhóibh, sé sin, ní chuireann sé
an oiread imnídhe ná sodar ionnta le daoine eile a's
go deimhin creidim go bhfuil siad gach uile orlach chom
maith as. Iomarca aimsire tá muintir na h-Éireann a
thabhairt do chúl-bheartacht.



Is amhlaidh tá Éire agus náire go deo ag ar gcuid
féisire a' troid agus a' marbhadh a chéile, fear a' fághail
locht ar an bhfear eile. A' troid i n-aghaidh a chéile tá
siad i leabaidh beith a' troid i n-aghaidh an námhaid agus
ceart fhagháil dúinn. 'Sé mo mheas-sa go mb'fheárr go
mór dúinn iad a tharraingt abhaile is iad a chongbháil
ann, ná mar dubhairt mé cheana bheith dhá náiriúghadh as
comhair an tsaoghail móir.



Ní ar son Éireann tá siad a troid acht ar son an
námhaid mar bhíodh 'fhios againn nuair atá sinn a stracadh
muiníl a chéile gur ag cuidiúghadh leis an Sasanach atá-
muid. An neart, an spreac agus an misneach budh
cheart dhúinn oileamhaint leis an námhaid do throid
támuid dhá chaitheadh ag achrann eadrainn féin.



Budh cheart dúinn ciall bheith againn anois - tá sinn
fada go leor a' dul ar seachrán. Dar m'fhocal go
bhfuil mé féin dul ar seachrán anois. Thosuigh mé a'
cur síos ar Inis-soir acht d'imthigh mé as sin faoi sgoir,
chuaidh mé ar fán mar deireadh an fear fadó, acht má
chuas bhéarfaidh mé leath-bhord ar ais arís.



Do réir mo thuairim tá timcheall le sé cheud (600)
pearsa san n-oileán so, eidir bheag agus mhór agus is
beag nach raibh gach uile dhuine de'n mhéid sin ag an
gcruinniúghadh. Is iongantach ar fad an tsuim
chuireadar i gcúis na Gaedhilge.



Níor mhaith leo chor ar bith nach ndeacadh aca
roimh an uair seo, agus an roith Ghaedhealach a chasadh
deiseal. Ní hé an lá sin amháin a thasbáin siad go
raibh suim aca san teanga acht cloisim go bhfuil siad a
tabhairt aire maithe do'n sgoil ó shoin agus chím mar
an gcéadna go gcuireann siad cúntas ag na páipéir
anois agus arís. Seo í an t-aon gheug amháin de
chraoibh Árann cuir teachtaire ag an Oireachtas. Ní
in gach aon áit gheobhaimíd oifigigh chómh maith is tá ag
an gcraoibh seo.



Sean-saighdiúir ins an gcúis é an t-Uachdarán Mac
Uí Choisdealbhaigh, tá an Leas-Uachdarán Mícheál Ó
Meachair chomh práidhinneach céadna, an Pólach cisdeóir
na craoibhe, fear an stoca mhóir, an buachaillín atá
in-ann an ruaigh chongbháil go dlúth daingean ar an
sparán. Ní'l baoghal ar bith má thugann siad na
pingneacha dhó nach bhfáisgfidh sé an ruaigh timcheall
béil an sparáin. Maidir leis an Rúnaire, ní'l sé a
gCondae na Gaillimhe níos fearr.



Shaoil cuid againn roimhe seo nach raibh againn a
gConnradh na Gaedhilge acht trí Thadhg acht támuid dul
i múdha, tá an ceathramhadh ceann féin againn agus de
mhuinntir Dhonnchadha é freisin. Nach tráthamail gur de
mhuintir Dhonnchadha iad go léir agus nach tráthamhail
arís go bhfuil siad na bhfilí ar fad, acht faraoir is file
Béarla atá i dTadhg Árann, agus 'na mhnaoi.



Tá an bheirt aca ag oibriughadh go treun a' fóghluim
na teangan. Cloisim go bhfuil siad dá múnadh 'san
sgoil anois agus tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad
go bhféadfaidh siad dánta chumadh i dteanga na
h-Éireann chómh maith is ghnídheann siad anois é san
mBéarla gállda.



Go saoghluighidh Dia na Taidhg is go mba fada
mhairfidh siad 'nar measg. Creidim nach bhfaca duine
ar bith aca a chéile riamh.



"Tá Tadhg aca i gCorcaigh agus Tadhg i nÁth Cliath
Agus Tadhg na Gaillimhe na sheandhuine liath,"
Tá Tadhg Inisíor é féin a's a mhnaoi
A fóghluim na Gaedhilge ó mhaidin go h-oidhche.



(Tuilleadh)



(Inis Oirthir an t-ainm do bhí ag lucht léighinn na
Gaedhilge fad'ó ar an oileán is fuide thoir de na
hÁirnibh. Inisaor an t-ainm atá ag muinntir Árainn
air anois.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services