Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Ní fhuil mac léighinn Gaedhealach ar domhan ná goillfidh bás Uí Ghramhna air, an sagart séimh, an tÉireannach grádhmhar, an Gaedhilgeóir léigheannta. Mo chúmhadh 'sa n-úir é tar bóchna, fear cosanta na teangadh go tréith! Sgaraimíd leis go dólásach mar ba ghábhadh dhúinn a chabhair, acht triallamuis ar aghaidh mar ba mhaith leis, le guidhe dhúthrachtach agus dóchas díoghraiseach go bhfuil seisean i n-ucht a Thighearna. Is iomdha bean agus fear d'ár dTreibh atá i nAmericá agus dá mbiadh Gaedhilg acu go léir mar do bhí ag an sagart atá ar lár ní leomhfadh an boidichín sin an tUachtarán Mac Fhionn- laoigh agus a leantóirí baothánta iad áireamh ins an tSagsan Tréibh. Chím go bhfuil muintear Americá ag dúisiúghadh fá dheireadh as a suan. Bhí tionól mhór i Sicágó le h-aghaidh áitimh ar an Riaghaltas cosg do chur leis an gcosgairt i nInnsibh Filipín. Is mithid é mar tá aithis tabhartha do'n mheirge réaltannach, siogach, ag Mac Fionnlaoigh, agus is cor sa tsaoghal a leithéid seo de bhúndalán do bheith 'na shuidhe i gcathaoir Lincoln. Deirtheas go ngeallfadh an fear úd an saoghal duit agus gan súil aige le pioc de do chóimhlíonadh. Bhí gnó éigin i Sicágó aige an ficheadh lá de'n mhí seo agus thug sé óráid uaidh mar tá eagla air go bhfuil na daoine tiurseach de - agus is naoimh nó amadáin iad muna bhfuilid. Tá teanga líomhtha aige mar tá ag gach cleasaidhe eile, acht níor innis sé an fhírinne dhóibh gur mheall sé na Filipíneacha, gur shailigh sé brat uaibhreach Americá, agus go bhfuil mionna na mbaintreabhach agus deóra na ndílleacht curtha i dtaisgidh dhó. Tá cúig ar dhá fhichead míle saighdiúir ag Americá i Manila, i nInnse Filipín agus deir fear creideamhnach darab ainm Peyton gur drúisigh, cearrbhaigh, agus poítirí na saighdiúirí seo, acht fíor-bheagán nách fiu áireamh. Sas- anach is eadh an fear so. Chuir easpog darab ainm Doane é mar theachtaire ó Chumann Sasanach atá i nAmericá go Manila i gcómhair tuairisg do thabhairt ar n-ais le h-aghaidh an chreidimh Sasanacht do bhunúghadh ins na nInnisibh. Tugann an fear so teist mhór ar na Filipínigh. Deir sé gan aon amhras gurab iad na daoine is banamhla agus is diaguidhthe do bhuail riamh leis iad. Bhí sé ins na hoileánaibh leath-bhliadhain agus is inchreidthe a thuairisg. Ní raibh, adeir sé, acht dó nó trí thighthibh tábhairne i gcathair Mhanila nuair do shroich na saigh- diúirí ann acht tá cheithre chéad agus deich chinn fhichead ann indiu, agus ní chuireann sé fiacal ann, deir sé gurab é "poll ifrinn" anois é. Dá mbadh áil liom thabharfainn tuairisg taistealaidhe eile le dearbhadh go bhfuil léigheann ceol, abhráin, gastacht, béasa, banamh- lacht, macántacht agus fialmhaireacht ag na daoinibh úd agus gurab é Mac Fhionnlaoigh agus a chomhluadar fealltach an easgaine an sgrios agus an tubaiste is mó do tháinig riamh ortha. Cabhair Dé leo chum é féin agus a dhream mhalluighthe do chlaoidh. Chuir MacFhionn- laoigh an teist amach ortha gur daoine fiadhaine, aineo- lacha iad. Chreid an lán é. Is é an sean leathsgéal agus an sean mhíoscais é; tabhair droch-ainm do'n mhadra má taoi ar tí a mharbhtha. Is sean scoláire ins an eolas ár gcomharsa Seághan Buidhe. Támuid bodhar ó na chuid éithigh sin ar feadh na seachtmhaine ghabh thart. Dá mbadh fhíor páipéir Lúnduin agus a macpháipéar i nÉirinn bhí feirmeóirí na Transbhaala go léir marbh. Ní furusda trian na fírinne amháin do bhaint as an ngleo ar fad. Tá na feirmeoirí ins an Natál ar talamh Sheághain le breis agus seachtmhain agus atá Seághan 'gá chosaint féin ortha agus iadsan ag iarraidh faill d'fhághail air. Tá trí longphoirt ag Seághan ann agus thug na Bóraigh iarracht ar cheann acú do bhriseadh. Níor éirigh leó ámh mar bhris Seághan an cath ortha. Do theith Seághan uatha as Caiseal Nua baile seasgair cois teorainn na Transbhaala agus d'fhág acu an baile sin gan buille. Shuidh sé i mbaile eile na gcómhair, Gleann Comhan - ainm Albanach - do ghlaodhtear ar an mbaile sin agus tháinig na Bóraigh fá na dhéin annsud an ficheadh lá de'n mhí seo. Bhí cheithre mhíle fear acu, adeir sé, agus bhí an oiread céadna nó níos mó aige sean. D'éaluigheadar air ar feadh na hoidhche agus níor mothuigh sé pioc go rabhadar suidhte ar árdán trí mhíle ó'n longphort agus do sgaoileadar air ó'n áit sin le cheithre gunna mór le héirghe an laé. D'fhreagair Seághan iad go calma agus do bhain geit agus gé asda mar bhí ocht gcínn déag de na gunnaibh móra is breághdha le fághail aige. Bhí gunnaí móra na mBórach ciúin i leath-uair an chloig agus ghléas, chóirigh agus sgaoil an ceannphort na saighdiúirí fá'n árdán ar na Bóraigh annsain. Bhí sleagáin buile lidite agus gunnaí gearra ag gabháil de na Bórachaibh ar feadh ocht n-uaire an chloig acht sheasadar go calma agus d'fhreag- radar an cath le n-a ngunnaí gearra. Fá dheireadh i meadhón laé dhruid cath de na saighdiúiribh dearga fá'n árdán amach, leanadar ar aghaidh go dána i lár lúirigh na bpiléar, shroicheadar an mullach agus dhruid na Bóraigh ar gcúl go mall, míochuíbhseach uatha. Bhí an báire le Seághan ach dhíol sé as go daor. Fuair an ceannphort piléar i mbéal an sgéithín do chuir ar lár é agus ní eireochaidh an fear bocht go deo, Simons is ainm dó, agus fear tréan do b'eadh é. Marbhuigheadh deich n-oifigeach eile idir captaen agus ceann-dreama agus tá ós cionn fiche oifigeach créachda, cuid acu i mbéalaibh báis. Acht na saighdiúirí bochta, adéarfair, an mó ceann acu sain do leagadh? Och ní mór is fiú iadsan, trí chéad ceann acu nó mar sin, fir óga do throidheann ar sgilling sa ló. Do h-oileadh an chuid is 'mó acu i gCúige Laighean, as Cill Dara de'n bhfurmhór acu dhá dtrian no mar sin. Adeir na páipéir go gcuirfeadh sé aiteas ort iad d'fheicsint ag preabadh fá dhéin mullaigh an árdáin úd mar a raibh na Bóraigh cruinnighthe. Cuireann Seághan, an fear ciallmhar, mion-gháire as "Nách ait na daoine na hÉireannaigh seo," adeir sé, "bíonn dream acu i mBaile Áth' Cliath ag cur leis na Bórachaibh - le caint - agus dream eile de na fearaibh groidhe ag cur i gcoinnibh na mBórach - le piléaraibh. Bhí mo chara Mícheál ag siubhlóid i gCiarruighe. Bhuail fear teann, téagartha leis ag iarraidh déirce. "Bhíos óg lá, fuaras piléar sa chromán ins an Arm." "Am-
bás," ar Mícheál, "fuairis duais mhaith uatha?" "Fuaras," ars an bacach, "pádh pluic agus cead aighnis." Níor chuir Mícheál aighneas níos mó ar an mbacach toisg an fhaobhair do chonnairc sé 'na shúilibh. Dála na mBórach cá mhéid acu do thuit sa n-ár? Ní fhuil fhios againn. Thuit níos 'mó ná thuit ar ár dtaobh-ne. Cad é sin dúinn-ne má tá bean ag éigheamh agus leanbh ag gol ins an Transbhaal. Ní bhfuightear tír mar í siúd gan duadh. Tá ór innte, agus ma faghann Seághan é tabharfaidh sé dualgus maith d'Éirinn mar ba ghnáthach leis. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services