Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Ní fhuil mac léighinn Gaedhealach ar domhan ná goillfidh
bás Uí Ghramhna air, an sagart séimh, an tÉireannach
grádhmhar, an Gaedhilgeóir léigheannta. Mo chúmhadh 'sa
n-úir é tar bóchna, fear cosanta na teangadh go tréith!
Sgaraimíd leis go dólásach mar ba ghábhadh dhúinn a
chabhair, acht triallamuis ar aghaidh mar ba mhaith leis, le
guidhe dhúthrachtach agus dóchas díoghraiseach go bhfuil
seisean i n-ucht a Thighearna. Is iomdha bean agus fear
d'ár dTreibh atá i nAmericá agus dá mbiadh Gaedhilg
acu go léir mar do bhí ag an sagart atá ar lár ní
leomhfadh an boidichín sin an tUachtarán Mac Fhionn-
laoigh agus a leantóirí baothánta iad áireamh ins an
tSagsan Tréibh. Chím go bhfuil muintear Americá ag
dúisiúghadh fá dheireadh as a suan. Bhí tionól mhór i
Sicágó le h-aghaidh áitimh ar an Riaghaltas cosg do chur
leis an gcosgairt i nInnsibh Filipín. Is mithid é mar
tá aithis tabhartha do'n mheirge réaltannach, siogach, ag
Mac Fionnlaoigh, agus is cor sa tsaoghal a leithéid seo
de bhúndalán do bheith 'na shuidhe i gcathaoir Lincoln.
Deirtheas go ngeallfadh an fear úd an saoghal duit
agus gan súil aige le pioc de do chóimhlíonadh. Bhí gnó
éigin i Sicágó aige an ficheadh lá de'n mhí seo agus
thug sé óráid uaidh mar tá eagla air go bhfuil na
daoine tiurseach de - agus is naoimh nó amadáin iad
muna bhfuilid. Tá teanga líomhtha aige mar tá ag gach
cleasaidhe eile, acht níor innis sé an fhírinne dhóibh gur
mheall sé na Filipíneacha, gur shailigh sé brat uaibhreach
Americá, agus go bhfuil mionna na mbaintreabhach
agus deóra na ndílleacht curtha i dtaisgidh dhó. Tá
cúig ar dhá fhichead míle saighdiúir ag Americá i Manila,
i nInnse Filipín agus deir fear creideamhnach darab
ainm Peyton gur drúisigh, cearrbhaigh, agus poítirí na
saighdiúirí seo, acht fíor-bheagán nách fiu áireamh. Sas-
anach is eadh an fear so. Chuir easpog darab ainm
Doane é mar theachtaire ó Chumann Sasanach atá i
nAmericá go Manila i gcómhair tuairisg do thabhairt
ar n-ais le h-aghaidh an chreidimh Sasanacht do bhunúghadh
ins na nInnisibh. Tugann an fear so teist mhór ar na
Filipínigh. Deir sé gan aon amhras gurab iad na daoine
is banamhla agus is diaguidhthe do bhuail riamh leis iad.
Bhí sé ins na hoileánaibh leath-bhliadhain agus is inchreidthe
a thuairisg. Ní raibh, adeir sé, acht dó nó trí thighthibh
tábhairne i gcathair Mhanila nuair do shroich na saigh-
diúirí ann acht tá cheithre chéad agus deich chinn fhichead
ann indiu, agus ní chuireann sé fiacal ann, deir sé
gurab é "poll ifrinn" anois é. Dá mbadh áil liom
thabharfainn tuairisg taistealaidhe eile le dearbhadh go
bhfuil léigheann ceol, abhráin, gastacht, béasa, banamh-
lacht, macántacht agus fialmhaireacht ag na daoinibh úd
agus gurab é Mac Fhionnlaoigh agus a chomhluadar
fealltach an easgaine an sgrios agus an tubaiste is
mó do tháinig riamh ortha. Cabhair Dé leo chum é féin
agus a dhream mhalluighthe do chlaoidh. Chuir MacFhionn-
laoigh an teist amach ortha gur daoine fiadhaine, aineo-
lacha iad. Chreid an lán é. Is é an sean leathsgéal agus
an sean mhíoscais é; tabhair droch-ainm do'n mhadra má
taoi ar tí a mharbhtha. Is sean scoláire ins an eolas
ár gcomharsa Seághan Buidhe. Támuid bodhar ó na
chuid éithigh sin ar feadh na seachtmhaine ghabh thart. Dá
mbadh fhíor páipéir Lúnduin agus a macpháipéar
i nÉirinn bhí feirmeóirí na Transbhaala go léir marbh.
Ní furusda trian na fírinne amháin do bhaint as an
ngleo ar fad. Tá na feirmeoirí ins an Natál ar
talamh Sheághain le breis agus seachtmhain agus atá
Seághan 'gá chosaint féin ortha agus iadsan ag iarraidh
faill d'fhághail air. Tá trí longphoirt ag Seághan ann
agus thug na Bóraigh iarracht ar cheann acú do bhriseadh.
Níor éirigh leó ámh mar bhris Seághan an cath ortha. Do
theith Seághan uatha as Caiseal Nua baile seasgair
cois teorainn na Transbhaala agus d'fhág acu an baile
sin gan buille. Shuidh sé i mbaile eile na gcómhair,
Gleann Comhan - ainm Albanach - do ghlaodhtear ar an
mbaile sin agus tháinig na Bóraigh fá na dhéin annsud
an ficheadh lá de'n mhí seo. Bhí cheithre mhíle fear acu,
adeir sé, agus bhí an oiread céadna nó níos mó aige
sean. D'éaluigheadar air ar feadh na hoidhche agus
níor mothuigh sé pioc go rabhadar suidhte ar árdán trí
mhíle ó'n longphort agus do sgaoileadar air ó'n áit
sin le cheithre gunna mór le héirghe an laé. D'fhreagair
Seághan iad go calma agus do bhain geit agus gé asda
mar bhí ocht gcínn déag de na gunnaibh móra is
breághdha le fághail aige. Bhí gunnaí móra na mBórach
ciúin i leath-uair an chloig agus ghléas, chóirigh agus
sgaoil an ceannphort na saighdiúirí fá'n árdán ar na
Bóraigh annsain. Bhí sleagáin buile lidite agus
gunnaí gearra ag gabháil de na Bórachaibh ar feadh ocht
n-uaire an chloig acht sheasadar go calma agus d'fhreag-
radar an cath le n-a ngunnaí gearra. Fá dheireadh i
meadhón laé dhruid cath de na saighdiúiribh dearga fá'n
árdán amach, leanadar ar aghaidh go dána i lár lúirigh
na bpiléar, shroicheadar an mullach agus dhruid na
Bóraigh ar gcúl go mall, míochuíbhseach uatha. Bhí an
báire le Seághan ach dhíol sé as go daor. Fuair an
ceannphort piléar i mbéal an sgéithín do chuir ar lár
é agus ní eireochaidh an fear bocht go deo, Simons is
ainm dó, agus fear tréan do b'eadh é. Marbhuigheadh
deich n-oifigeach eile idir captaen agus ceann-dreama
agus tá ós cionn fiche oifigeach créachda, cuid acu i
mbéalaibh báis. Acht na saighdiúirí bochta, adéarfair,
an mó ceann acu sain do leagadh? Och ní mór is fiú
iadsan, trí chéad ceann acu nó mar sin, fir óga do
throidheann ar sgilling sa ló. Do h-oileadh an chuid is
'mó acu i gCúige Laighean, as Cill Dara de'n
bhfurmhór acu dhá dtrian no mar sin. Adeir na páipéir
go gcuirfeadh sé aiteas ort iad d'fheicsint ag preabadh
fá dhéin mullaigh an árdáin úd mar a raibh na Bóraigh
cruinnighthe. Cuireann Seághan, an fear ciallmhar,
mion-gháire as "Nách ait na daoine na hÉireannaigh
seo," adeir sé, "bíonn dream acu i mBaile Áth' Cliath
ag cur leis na Bórachaibh - le caint - agus dream eile
de na fearaibh groidhe ag cur i gcoinnibh na mBórach -
le piléaraibh.



Bhí mo chara Mícheál ag siubhlóid i gCiarruighe. Bhuail
fear teann, téagartha leis ag iarraidh déirce. "Bhíos
óg lá, fuaras piléar sa chromán ins an Arm." "Am-


L. 515


bás," ar Mícheál, "fuairis duais mhaith uatha?"
"Fuaras," ars an bacach, "pádh pluic agus cead
aighnis." Níor chuir Mícheál aighneas níos mó ar an
mbacach toisg an fhaobhair do chonnairc sé 'na shúilibh.
Dála na mBórach cá mhéid acu do thuit sa n-ár? Ní
fhuil fhios againn. Thuit níos 'mó ná thuit ar ár
dtaobh-ne. Cad é sin dúinn-ne má tá bean ag éigheamh
agus leanbh ag gol ins an Transbhaal. Ní bhfuightear
tír mar í siúd gan duadh. Tá ór innte, agus ma
faghann Seághan é tabharfaidh sé dualgus maith d'Éirinn
mar ba ghnáthach leis.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services