Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Title
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint) ó Thomás Ua Coincheannainn Dún Mór Ó Chláir Chloinne Muiris chuaidh mé go Dúnmhór. Ní raibh aon stróbh na rothaidhe a chasadh deisealán 'nso. Tá an Sagart Paráisde an Canónach Loinsgeach na Ghaedhilgeoir mhaith agus na cainteóir chliste líomhtha. Tá trí mháighistir sgoile ann, a's ní furusda fir fhágháil chomh maith leó, mar tá an t-Árd-Mhaighisdir agus a bheith chongantóiridhe Pádraig Casbhaigh agus an Búrcach. Tá siad a' múnadh na Gaedhilge san sgoil seo le trí bliadhna sílim. Bhí leathcheud aca an Samhradh so dá foghluim agus 'sé mo bharamhail gur éirigh leó go maith. Ní'l áireamh ar bith ar an méid maitheasa fhéadfas máighisdir sgoile dhéanamh tá eólasach ar an Ghaedhilge. Mar dubhairt mé cheana tá na h-oididhe sgoile seo (slán a bheidh siad) a' múnadh na teanga do dheich
bpearsanacha agus dá fhichid, agus tá deirbhsiúracha na ngasúr so, ins an leath eile de'n sgoil - gan eatorra acht balla sé orlaighe ar tigheas - as tá an teanga dhá seunadh orra. Cad chuige? Mar nach bhfuil aon eolas ag an máighisdireás ar an teanga, sin é an fáth. Ní ar aon ireadh is féidir neithe athrughadh, acht tá an méid seo le rádh go bhfuil na céadta sgoillteacha i n-Éirinn nach bhfuil na páisdidhe ná a gcuid máighis- diridhe - (slán a' t-samhail) - ábalta ar a chéile thuisgint mar is ceart, go deimhin ní'l ná leath-cheart. Níor mhaith liom féin bheith 'mo ceannphoirt sgoile i n-áit Ghaedhealach agus ainm mháighisdir sgoile thabhairt isteach ann, nach mbeadh 'fhios aige nuair déarfaidhe "go mbeannuighe Dia dhuit" nach amhlaidh bheithidhe ag easgaine air. Milleann an té sin aigneadh na sgoláire, a's ní h-iad sin amháin acht an geinealach thiucfas 'na ndiaidh. Tá fhios agamsa áit i bhfuil deich máighisdirí - idir fir agus mná - i bhfuiseacht fiche míle dhá chéile. Ní thuigeann na h-oididhe Gaedhilge, as maidir le rádh go bhfuil tuisgint ag na sgoláire ar an mbéarla, ní'l aon mhaith a rádh go bhfuil, mar ní'l. Ní thuigeann siad féin a chéile. Ariú nach deas an "t-oideachas" gheobhfas páisde ó dhaoine do'n tsórt sin. Tá na h-oididhe céadhna seo na gcomhnuidhe lé cuig, nó sé bliadhanta, 'seadh agus chuid aca le os cionn dhá bhliadhain deug 'san áit seo, 'cloisint Gaedhilge ó mhaidin go hoidhche agus 'na dhiaidh sin diabhal focal 'na bpluic acht an oirid as tá a gCeann Mionnáin. Cheap- fainn-se muna gcuirfidís cadás ina gcuid cluasa leis an fhuaim a chonghbáil amach nach bhféadfaidís gan an teanga phiocadh suas. Téirigh isteach ins na sgoilltibh céadna so, labhair focal Gaedhilge leis na páisdidhe a's ní bheidh duine san sgoil, idir bheag agus mhór, buachaillí agus cailíní, go speiséalta lucht na gruaige fada, nach dtosóchaidh a' gáire agus a sgigíl, chómh maith is dá ndéarfá rud éigin spríomhail, is tá an oiread iongantais orra a's dá mbeadh dhá cheann ar do cholainn nó cheithre cosa fút i leabaidh péire. 'San áit i bhfuil an teanga dá múnadh tugaim faoi deara nach bhfuil seo amhlaidh. Dá mbeidís gan focal a múnadh di go deo, nach bhféad- faidís an spiorad úiríseal suarach sin a dhíbirt as na páisdidhe. Ní dada eile é acht spiorad suarach, ná rud ar bith chuireas iallach orainn bheith a' magadh faoi ar d-tír féin, ná na sinsearacha tháinig rómhainn. An té gháireas, nó dhéanas fonomhaid dá theanga féin nach bhfuil sé comh follusach leis an tsrón ar ar n-eudan go bhfuil sé a magadh faoi ar n-athaireacha agus ar mathaireacha agus a masladh na ndaoine chuaidh romhainn, na daoine nar chlaoidh riamh do'n spiorad gallda, iad so "Congbhaigh beó i n-ar n-inntinnibh buan-smuainte ná mórdachd; do bhí Agus chongbhaigh teinnte na saoirse go dian a's do te in gach croidhe." Caithfimid seanchas agus teanga na tíre a mhúnadh i sgoiltibh na tíre, lé go bhfásfaidh a gclann suas le eolas ar an dá nídh is riachtanach bheith aige sul má fhéadfaidh sé a rádh gur Éireannach é, sin iad a theanga thíreamhail, agus stáir na tíre. Acht 'na dhiaidh sin féin ní'l sé cúramach iad bheith dhá bhfoghluim ins na sgoilltibh le tír-grádh cur ins na sgoláiridhe. Is féidir le oide sgoile ar bith seanchas na h-Éire- ann agus grádh dá gach nídh Gaedhealach a thabhairt dhá chuid sgoláire aníos ó phóca a shean-chasóige má chuireann sé an oiread sin de strobh nó de thrioblóid air féin. Ní'l aon leath-uair, ní'l ná ceathramha uaire san lá thiucfas thairis nach dtiucfaidh rud éigin treasna air, nuair bheas na sgoláiridhe a léigheadh nó déanamh nídh éigin eile nach bhféadfaidh sé, má's mian leis, gráin ar an nGalldacht, agus grádh agus cionn ar Éirinn agus ar gach nídh Gaedhealach chur ins na páisdidhe, acht ní déantar sin acht i gcorr-áit. Ní bheidh siad mar sin i bhfad, tá súil agam. Ní'l aon lá théidheas tharainn nách bhfuil na h-oididhe sgoile, eidir fir agus mná, a' teacht chugainn, dul ó'n mbealach, cam go dtí an bóthar díreach, agus faoi cheann bliadhna nó dhó, ní bheidh mórán aca nach mbeidh dá foghluim. Muna ndeunaidh siad é lé grádh dá dtír deunfaidh siad é ar mhaithe leó-féin. (Tuilleadh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services