Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anonn agus Anall (ar leanamhaint)

Title
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Anonn agus Anall
(ar leanamhaint)
ó Thomás Ua Coincheannainn



Dún Mór



Ó Chláir Chloinne Muiris chuaidh mé go Dúnmhór. Ní
raibh aon stróbh na rothaidhe a chasadh deisealán 'nso.
Tá an Sagart Paráisde an Canónach Loinsgeach na
Ghaedhilgeoir mhaith agus na cainteóir chliste líomhtha.



Tá trí mháighistir sgoile ann, a's ní furusda fir
fhágháil chomh maith leó, mar tá an t-Árd-Mhaighisdir agus
a bheith chongantóiridhe Pádraig Casbhaigh agus an
Búrcach. Tá siad a' múnadh na Gaedhilge san sgoil
seo le trí bliadhna sílim. Bhí leathcheud aca an Samhradh
so dá foghluim agus 'sé mo bharamhail gur éirigh leó go
maith.



Ní'l áireamh ar bith ar an méid maitheasa fhéadfas
máighisdir sgoile dhéanamh tá eólasach ar an Ghaedhilge.
Mar dubhairt mé cheana tá na h-oididhe sgoile seo
(slán a bheidh siad) a' múnadh na teanga do dheich


L. 499


bpearsanacha agus dá fhichid, agus tá deirbhsiúracha na
ngasúr so, ins an leath eile de'n sgoil - gan eatorra
acht balla sé orlaighe ar tigheas - as tá an teanga dhá
seunadh orra. Cad chuige? Mar nach bhfuil aon eolas
ag an máighisdireás ar an teanga, sin é an fáth.



Ní ar aon ireadh is féidir neithe athrughadh, acht tá an
méid seo le rádh go bhfuil na céadta sgoillteacha i
n-Éirinn nach bhfuil na páisdidhe ná a gcuid máighis-
diridhe - (slán a' t-samhail) - ábalta ar a chéile thuisgint
mar is ceart, go deimhin ní'l ná leath-cheart.



Níor mhaith liom féin bheith 'mo ceannphoirt sgoile i
n-áit Ghaedhealach agus ainm mháighisdir sgoile thabhairt
isteach ann, nach mbeadh 'fhios aige nuair déarfaidhe
"go mbeannuighe Dia dhuit" nach amhlaidh bheithidhe ag
easgaine air.



Milleann an té sin aigneadh na sgoláire, a's ní h-iad
sin amháin acht an geinealach thiucfas 'na ndiaidh. Tá
fhios agamsa áit i bhfuil deich máighisdirí - idir fir agus
mná - i bhfuiseacht fiche míle dhá chéile. Ní thuigeann
na h-oididhe Gaedhilge, as maidir le rádh go bhfuil
tuisgint ag na sgoláire ar an mbéarla, ní'l aon mhaith
a rádh go bhfuil, mar ní'l. Ní thuigeann siad féin a
chéile. Ariú nach deas an "t-oideachas" gheobhfas
páisde ó dhaoine do'n tsórt sin.



Tá na h-oididhe céadhna seo na gcomhnuidhe lé cuig,
nó sé bliadhanta, 'seadh agus chuid aca le os cionn dhá
bhliadhain deug 'san áit seo, 'cloisint Gaedhilge ó
mhaidin go hoidhche agus 'na dhiaidh sin diabhal focal 'na
bpluic acht an oirid as tá a gCeann Mionnáin. Cheap-
fainn-se muna gcuirfidís cadás ina gcuid cluasa leis
an fhuaim a chonghbáil amach nach bhféadfaidís gan an
teanga phiocadh suas.



Téirigh isteach ins na sgoilltibh céadna so, labhair
focal Gaedhilge leis na páisdidhe a's ní bheidh duine
san sgoil, idir bheag agus mhór, buachaillí agus cailíní,
go speiséalta lucht na gruaige fada, nach dtosóchaidh a'
gáire agus a sgigíl, chómh maith is dá ndéarfá rud
éigin spríomhail, is tá an oiread iongantais orra a's
dá mbeadh dhá cheann ar do cholainn nó cheithre cosa
fút i leabaidh péire. 'San áit i bhfuil an teanga dá
múnadh tugaim faoi deara nach bhfuil seo amhlaidh.
Dá mbeidís gan focal a múnadh di go deo, nach bhféad-
faidís an spiorad úiríseal suarach sin a dhíbirt as na
páisdidhe. Ní dada eile é acht spiorad suarach, ná rud
ar bith chuireas iallach orainn bheith a' magadh faoi ar
d-tír féin, ná na sinsearacha tháinig rómhainn.



An té gháireas, nó dhéanas fonomhaid dá theanga
féin nach bhfuil sé comh follusach leis an tsrón ar ar
n-eudan go bhfuil sé a magadh faoi ar n-athaireacha
agus ar mathaireacha agus a masladh na ndaoine chuaidh
romhainn, na daoine nar chlaoidh riamh do'n spiorad
gallda, iad so



"Congbhaigh beó i n-ar n-inntinnibh buan-smuainte ná mórdachd;
do bhí
Agus chongbhaigh teinnte na saoirse go dian a's do te in gach croidhe."



Caithfimid seanchas agus teanga na tíre a mhúnadh i
sgoiltibh na tíre, lé go bhfásfaidh a gclann suas le
eolas ar an dá nídh is riachtanach bheith aige sul má
fhéadfaidh sé a rádh gur Éireannach é, sin iad a theanga
thíreamhail, agus stáir na tíre. Acht 'na dhiaidh sin féin
ní'l sé cúramach iad bheith dhá bhfoghluim ins na sgoilltibh
le tír-grádh cur ins na sgoláiridhe.



Is féidir le oide sgoile ar bith seanchas na h-Éire-
ann agus grádh dá gach nídh Gaedhealach a thabhairt dhá
chuid sgoláire aníos ó phóca a shean-chasóige má
chuireann sé an oiread sin de strobh nó de thrioblóid
air féin.



Ní'l aon leath-uair, ní'l ná ceathramha uaire san lá
thiucfas thairis nach dtiucfaidh rud éigin treasna air,
nuair bheas na sgoláiridhe a léigheadh nó déanamh nídh
éigin eile nach bhféadfaidh sé, má's mian leis, gráin
ar an nGalldacht, agus grádh agus cionn ar Éirinn
agus ar gach nídh Gaedhealach chur ins na páisdidhe, acht
ní déantar sin acht i gcorr-áit.



Ní bheidh siad mar sin i bhfad, tá súil agam.
Ní'l aon lá théidheas tharainn nách bhfuil na h-oididhe
sgoile, eidir fir agus mná, a' teacht chugainn, dul ó'n
mbealach, cam go dtí an bóthar díreach, agus faoi
cheann bliadhna nó dhó, ní bheidh mórán aca nach
mbeidh dá foghluim. Muna ndeunaidh siad é lé grádh
dá dtír deunfaidh siad é ar mhaithe leó-féin.



(Tuilleadh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services