Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Is ait na daoine na Sasanaigh seo. Tá Teach Imeartha thall annsain i Libherpool, an Stock Exchange do gairmthear air i nGallbhéarla. Gnáthuigheann cean- nuightheóirí na catharach ann, le fios d'fhágháil cionnus atá marguidheacht an tsaoghail ag dul ar aghaidh. Bíonn, b'fhéidir, dáil le cur ar bun thall ins an bhFrainc le bóthar iarrainn do dhéanamh, nó dáil i nAmericá cum bealach uisge do bhaint, nó dáil ins an nGearmáin chum loingeas ceannuigheachta do chúmadh, agus mar sin dóibh. Cuireann dáil de'n tsaghas so gairm amach go dteas- duigheann airgead uatha chum a gcuid gnótha do cur ar aghaidh agus go bhfuil súil acu ná thógann daoine roinnt (share) ins an dáil marguidheacht so go mbeidh sochar maith as a gcuid airgid acu. Cuirthear a leith- éidí seo do ghnóthaibh thré na chéile ins an Teach Imeartha. agus an iomad eile de ghnóthaibh mar an gcéadna, agus ba dhóich leat gur géarchúiseach, glic, ciallmhar na daoine na ceannuightheoirí seo, dá réir sin. Mar sin féin bhí ceannuightheoirí Libherpool ag béicigh nós scata asal agus beag nach as a meabhair aon lá amháin de'n tseacht- mhain seo ghabh thart. Cia chuir ar mire iad? Kruger? adéarfair. An fear céadna gidh nár rinne an duine uasal sain pioc as an slighe ortha so acht fógairt do chur chum Seághain Bhuidhe a chuid saighdiúiri do thógaint leis ó theórannaibh na Transbhaala laistigh de h-ocht nuaire agus dá fhichead, nó gur mheasa dhó. Níor leig Riaghaltas Shasana ortha go rabhadar agus ní bhfuilid ar tí géilleadh do Phól. Fuair ceannuightheoirí Libher- pool an sgéal amach agus ba mhór an t-adhbhar suilt bheith ag éisteacht leo. "An bhfuil Kruger as a chéill?" ar ceann acu, "Ambás, ní fhuil fhios aige go gcuir-
feamuis-ne cogadh ar an ndúthaigh." "An spadalach droch-mhúinte," ar fear eile. "An míolán mí-iomchair," ar duine eile. "Beidh an aimsir suas ar ceathair é chlog agus beidh an chéad philéar aige," ar ceann eile. "Ní bheidh sé le rádh go bhrát aige cá bhfuil mo ghunna," do ráidh fear eile. Fuaradar an gunna agus d'fhair- eadar an clog ar feadh dhá uair an chloig gur bhuail sé a ceathair agus sgaoil fear an ghunna piléar thríd an bhfuinneóig. Ghabhadar annsain an t-abhrán breágh sain, "go saoraidh Dia an rígh," agus ba mhór an truagh nach raibh guth coirighthe acu mar thuit ceann díobh as an bhfonn annso agus d'éirigh duine acu as an bhfonn annsúd go raibh uaill ann chómh mór sain gur mealladh maidrín bán do bhí láithreach mar shuidh seisean ar a earball, chaith sé a shoc i n-áirde agus chrom sé ar olagón. Chrom na fir féin ar liughraigh ar bhéicigh ar phutúireacht go raibh ciachán agus easba anáile ortha. Do b'é an lá saothair ba dhéine do chuireadar díobh riamh é agus níor bh'iongnadh gur tháinig fanntais agus laigígheacht ar chuid acu, agus is é mó dhóich nár briseadh cuisle fola i n-aon acu. Ná fiafruigh dhíom cad é an bhrígh bhí leis siúd? Ní fhuil fhios agam acht measaim nách tír-shearc i n-aon chor é acht buile mar bhí Kruger ró-fhad' ó bhaile chum an piléir úd do dhéanamh aon dochair do agus dá thréineacht an uaill ní dhéanfadh sí aon díoghbháil dó. Níor chaith an Bórach piléar sa n-aer agus níor chuir sé liúgh gaoithe as, acht phreab sé thar teorainn agus is clos dúinn go bhfuil sé ag troid fá'n amso cois Mhafecing i dtír Sheághain ins an Cholóine. Ní fhuil tuairisg teinntreach ó'n mbaile sin mar ghearr na Bóraigh na sreanga agus ní fios fós cad tá 'gá dhéanamh cois an bhaile úd. Tá na Bóraigh comhgarach do agus tá cipe Sasanach ann agus ní réidhteochaidh siad le n-a chéile. Bhí beirt agus carbad gaile nó traen ag triall fá dhein Mhafecing Dia h-Aoine seo ghabh tharainn. Bhí an beirt agus na carbaid lúirighthe le cruaidh agus dubhairt páipéir Lúnduin nách raibh aon bheann ag a léithéid sin d'úirlis cogaidh ar philéar gunna, toisg go bhfuil sí cúmtha fá mar do bhiadh dhá láimh dhuine ag rádh paidreacha, sé sin bárr na méireanna i gcoinnibh a chéile agus slighe idir an dá dhearna nó na bosa. Dá réir sin dubhradar go sleamhnóchadh agus go lingfeadh na piléir di fá mar do thuitfeadh an braon de dhruim an ghé. Mar sin féin bhuail dream de na Bórachaibh ar an mbóthar iarainn roimh an gcarbad úd, sgaoileadar na piléir léi agus fá cheann leath-uair an chloig bhí sí na brusgar. Ní fhuil fhios cá mhéad saighdiúir do bhí ar bhórd aici mar deir aon tuairisg amháin nách raibh acht chúig feara déag agus deir ceann eile go raibh céad fear, acht pé sgéal é táid na fir bhochta go léir gabhtha nó marbh. Bhí lacht piléar agus dhá ghunna mór ar bord i gcomhair dhaingne Mhafecing, acht is leis na Bóraigh iad. Cad é an mhaitheas fir bheathuighthe do bheith ag cur alluis díobh i Libherpool ag liúghraigh agus ag tabhairt íde na muc agus na madraí ar Phól Kruger. Nach cóir troid leis ó támuid i n-achrann leis. Fear maith oibre is eadh é. Chuireamar air. Tá an cosdas ag éirghe ghach seachtmhain. Tá chúig milliún punt caithte againn cheana agus tá cúig mhíle dhéag ar fhichid saighdiúir ins an Afric theas anois; go leór ba dhóich leat chum an doirn bhig Bórach sain do shlugadh agus d'alpadh suas i n-aon ghreim amháin. Bhiadh an ceann fá go bráth na beatha orainn agus bhiad an saoghal i dtrithibh fuinn dá gcuirfeadh an sluagh beag cruaidh úd an rith orainn dó nó trí uairibh. Mo náire é, agus an chéad bhuille agus an chéad bhraon fola acu. Deirtheas go bhfuil daoine i Sasana nách áil leo an cogadh so agus go rabhadar ar tí áiteamh ar an Riaghaltas síothcháin do dhéanamh le Pól. Curaidhe an lae cruaidhe is eadh iad adeir Pól acht measann sé go raibh aimsir a ndótháin acu agus nách bhfuil toradh ag an Riaghaltas ortha. Dá réir sin bhain sé de a chasóg an sean duine cheanndána. Tá sé ós cionn chúig bhliadhna déag agus trí fhichid. Tháinig a lá bliadhna tá seachtmhain ó shoin, agus chuir cuid acu i Sasana slánúghadh chuige - "go mairir an lá", ar siadsan, "agus go mbadh sonaidhe bhéidir bliadhain ó 'ndiu." Mar mhagadh faoi do bhíodar, na fir bheasacha, acht níor chuir sé suim ionnta, bhí sé ag glanadh a ghunna. Cloisimíd go bhfuil an Rúise ag cogarnaigh leis an nGearmáin agus 'gá gríosughadh chum snadhmadh do dhéanamh leis an Fhrainc i gcomhair tubáiste éigin do agairt ar Shasana. Is olc an sgéal ó sin má's fíor é, acht cloisimíd a lán nach creidmíd ar a shoin sain féin ní h-aon adhbhar áthais do náisiún a comharsana bheith ag faire uirthi. Oireann an réamh- fhocal náisiún chom maith agus oireann sé duine - "is feárr dhuit madraí an bhaile ag lúthtáil rómhat ná aon cheann amháin a' dranntán rómhat,e" agus ní h-aon mhaitheas é cheilt, bhiadh atal agus lúthghair ar Chúmhach- taibh na hEorpa dá gcuirfeadh an Bórach beag an ruagadh ar an Sasanach mór. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services