Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Is ait na daoine na Sasanaigh seo. Tá Teach
Imeartha thall annsain i Libherpool, an Stock Exchange
do gairmthear air i nGallbhéarla. Gnáthuigheann cean-
nuightheóirí na catharach ann, le fios d'fhágháil cionnus
atá marguidheacht an tsaoghail ag dul ar aghaidh. Bíonn,
b'fhéidir, dáil le cur ar bun thall ins an bhFrainc le
bóthar iarrainn do dhéanamh, nó dáil i nAmericá cum
bealach uisge do bhaint, nó dáil ins an nGearmáin chum
loingeas ceannuigheachta do chúmadh, agus mar sin dóibh.
Cuireann dáil de'n tsaghas so gairm amach go dteas-
duigheann airgead uatha chum a gcuid gnótha do cur ar
aghaidh agus go bhfuil súil acu ná thógann daoine
roinnt (share) ins an dáil marguidheacht so go mbeidh
sochar maith as a gcuid airgid acu. Cuirthear a leith-
éidí seo do ghnóthaibh thré na chéile ins an Teach Imeartha.
agus an iomad eile de ghnóthaibh mar an gcéadna, agus
ba dhóich leat gur géarchúiseach, glic, ciallmhar na daoine
na ceannuightheoirí seo, dá réir sin. Mar sin féin bhí
ceannuightheoirí Libherpool ag béicigh nós scata asal
agus beag nach as a meabhair aon lá amháin de'n tseacht-
mhain seo ghabh thart. Cia chuir ar mire iad? Kruger?
adéarfair. An fear céadna gidh nár rinne an duine
uasal sain pioc as an slighe ortha so acht fógairt do
chur chum Seághain Bhuidhe a chuid saighdiúiri do thógaint
leis ó theórannaibh na Transbhaala laistigh de h-ocht
nuaire agus dá fhichead, nó gur mheasa dhó. Níor leig
Riaghaltas Shasana ortha go rabhadar agus ní bhfuilid
ar tí géilleadh do Phól. Fuair ceannuightheoirí Libher-
pool an sgéal amach agus ba mhór an t-adhbhar suilt
bheith ag éisteacht leo. "An bhfuil Kruger as a chéill?"
ar ceann acu, "Ambás, ní fhuil fhios aige go gcuir-


L. 498


feamuis-ne cogadh ar an ndúthaigh." "An spadalach
droch-mhúinte," ar fear eile. "An míolán mí-iomchair,"
ar duine eile. "Beidh an aimsir suas ar ceathair é
chlog agus beidh an chéad philéar aige," ar ceann eile.
"Ní bheidh sé le rádh go bhrát aige cá bhfuil mo ghunna,"
do ráidh fear eile. Fuaradar an gunna agus d'fhair-
eadar an clog ar feadh dhá uair an chloig gur bhuail sé
a ceathair agus sgaoil fear an ghunna piléar thríd an
bhfuinneóig. Ghabhadar annsain an t-abhrán breágh sain,
"go saoraidh Dia an rígh," agus ba mhór an truagh nach
raibh guth coirighthe acu mar thuit ceann díobh as an
bhfonn annso agus d'éirigh duine acu as an bhfonn
annsúd go raibh uaill ann chómh mór sain gur mealladh
maidrín bán do bhí láithreach mar shuidh seisean ar a
earball, chaith sé a shoc i n-áirde agus chrom sé ar
olagón. Chrom na fir féin ar liughraigh ar bhéicigh ar
phutúireacht go raibh ciachán agus easba anáile ortha.
Do b'é an lá saothair ba dhéine do chuireadar díobh
riamh é agus níor bh'iongnadh gur tháinig fanntais agus
laigígheacht ar chuid acu, agus is é mó dhóich nár briseadh
cuisle fola i n-aon acu. Ná fiafruigh dhíom cad é an
bhrígh bhí leis siúd? Ní fhuil fhios agam acht measaim
nách tír-shearc i n-aon chor é acht buile mar bhí Kruger
ró-fhad' ó bhaile chum an piléir úd do dhéanamh aon
dochair do agus dá thréineacht an uaill ní dhéanfadh sí
aon díoghbháil dó.



Níor chaith an Bórach piléar sa n-aer agus níor
chuir sé liúgh gaoithe as, acht phreab sé thar teorainn
agus is clos dúinn go bhfuil sé ag troid fá'n amso
cois Mhafecing i dtír Sheághain ins an Cholóine. Ní fhuil
tuairisg teinntreach ó'n mbaile sin mar ghearr na
Bóraigh na sreanga agus ní fios fós cad tá 'gá
dhéanamh cois an bhaile úd. Tá na Bóraigh comhgarach
do agus tá cipe Sasanach ann agus ní réidhteochaidh
siad le n-a chéile.



Bhí beirt agus carbad gaile nó traen ag triall fá
dhein Mhafecing Dia h-Aoine seo ghabh tharainn. Bhí an
beirt agus na carbaid lúirighthe le cruaidh agus
dubhairt páipéir Lúnduin nách raibh aon bheann ag a
léithéid sin d'úirlis cogaidh ar philéar gunna, toisg go
bhfuil sí cúmtha fá mar do bhiadh dhá láimh dhuine ag rádh
paidreacha, sé sin bárr na méireanna i gcoinnibh a
chéile agus slighe idir an dá dhearna nó na bosa. Dá
réir sin dubhradar go sleamhnóchadh agus go lingfeadh na
piléir di fá mar do thuitfeadh an braon de dhruim an
ghé. Mar sin féin bhuail dream de na Bórachaibh ar
an mbóthar iarainn roimh an gcarbad úd, sgaoileadar
na piléir léi agus fá cheann leath-uair an chloig bhí sí
na brusgar. Ní fhuil fhios cá mhéad saighdiúir do bhí
ar bhórd aici mar deir aon tuairisg amháin nách raibh
acht chúig feara déag agus deir ceann eile go raibh
céad fear, acht pé sgéal é táid na fir bhochta go léir
gabhtha nó marbh. Bhí lacht piléar agus dhá ghunna mór
ar bord i gcomhair dhaingne Mhafecing, acht is leis na
Bóraigh iad. Cad é an mhaitheas fir bheathuighthe do bheith
ag cur alluis díobh i Libherpool ag liúghraigh agus ag
tabhairt íde na muc agus na madraí ar Phól Kruger.
Nach cóir troid leis ó támuid i n-achrann leis. Fear
maith oibre is eadh é. Chuireamar air. Tá an cosdas
ag éirghe ghach seachtmhain. Tá chúig milliún punt
caithte againn cheana agus tá cúig mhíle dhéag ar fhichid
saighdiúir ins an Afric theas anois; go leór ba dhóich
leat chum an doirn bhig Bórach sain do shlugadh agus
d'alpadh suas i n-aon ghreim amháin. Bhiadh an ceann
fá go bráth na beatha orainn agus bhiad an saoghal i
dtrithibh fuinn dá gcuirfeadh an sluagh beag cruaidh úd
an rith orainn dó nó trí uairibh. Mo náire é, agus an
chéad bhuille agus an chéad bhraon fola acu.



Deirtheas go bhfuil daoine i Sasana nách áil leo an
cogadh so agus go rabhadar ar tí áiteamh ar an
Riaghaltas síothcháin do dhéanamh le Pól. Curaidhe
an lae cruaidhe is eadh iad adeir Pól acht measann sé
go raibh aimsir a ndótháin acu agus nách bhfuil toradh
ag an Riaghaltas ortha.



Dá réir sin bhain sé de a chasóg an sean duine
cheanndána. Tá sé ós cionn chúig bhliadhna déag agus
trí fhichid. Tháinig a lá bliadhna tá seachtmhain ó shoin,
agus chuir cuid acu i Sasana slánúghadh chuige - "go
mairir an lá", ar siadsan, "agus go mbadh sonaidhe
bhéidir bliadhain ó 'ndiu." Mar mhagadh faoi do bhíodar,
na fir bheasacha, acht níor chuir sé suim ionnta, bhí sé
ag glanadh a ghunna. Cloisimíd go bhfuil an Rúise ag
cogarnaigh leis an nGearmáin agus 'gá gríosughadh
chum snadhmadh do dhéanamh leis an Fhrainc i gcomhair
tubáiste éigin do agairt ar Shasana. Is olc an sgéal
ó sin má's fíor é, acht cloisimíd a lán nach creidmíd
ar a shoin sain féin ní h-aon adhbhar áthais do náisiún
a comharsana bheith ag faire uirthi. Oireann an réamh-
fhocal náisiún chom maith agus oireann sé duine - "is
feárr dhuit madraí an bhaile ag lúthtáil rómhat ná aon
cheann amháin a' dranntán rómhat,e" agus ní h-aon
mhaitheas é cheilt, bhiadh atal agus lúthghair ar Chúmhach-
taibh na hEorpa dá gcuirfeadh an Bórach beag an
ruagadh ar an Sasanach mór.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services