Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Title
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint) Ó Thomás Ua Concheannainn Clár Cloinne Muiris Ní'l Clár Chloinne Muiris chomh Gaedhealach leis an oidhche úd a chodail Raithbheartaigh ann, acht muna bhfuil féin tá Gaedhil mhaithe fós ann, slán a bheidh siad. Tá seireas fear maith annso, mar atá an Dochtúir Mag Uidhir, Pádraic de Búrca, Seumas Ua Maolagáin, Tomás de Brett, Mícheal Ó hEunacháin, an Cillíneach agus a mhuirghin ar fad, a's go mór mhór a bhean, duine de na mná is Gaedhealaighe i gConndae Mhuigheó. Tá an fuinneamh ceart innti, go neartuighe Dia léi, a's go dtugaidh sé saoghal fada le seun di. Ní raibh sí sásta le n-a clainn ar fad a theacht 'na sgoile tar éis an chraobh chur ar bun, acht tháinig sí féin a' tabhairt sompla mhaith, ní dá clainn amháin, acht dá gach uile mháthair chloinne i nÉirinn. Maidir leis na sagairt, ar ndóigh, bhíodar chomh toileamhail le craobh chur ar bun le duine ar bith, an tAthair Mac Giolla-Choinnigh agus an t-Athair Mac Domhnaill. Bhí an tAthair Mac Domhnaill i nÁrainn tá beagán bliadhanta ó shoin, agus is minic fiafruighthear díom a' bhfeicim é, a's má fheiceann, a mbeannacht a thabhairt dó. "Má tá naomh beo ar an talamh seo indiu, sin é an t-Athair Mac Domhnaill," "budh é féin, a Thighearna, an Sagairtín lághach." "Níor tháinig aon Sagart Béarla ann so ariamh ní ba dheisé ná é, agus ní raibh aon nduine ann acht an oiread a bhí a' piocadh suas na Gaedhilge chomh treun a's bhí seisean. Dá mbeadh sé ann aon leath-bhliadhain amháin eile, bheadh sé in ann seanmhóir thabhairt dúinn i nGaedhilge gach uile orlach chomh maith is dá mbeadh sé gan aon fhocal acht í labhairt ó rugadh é." "Maiseadh ceud slán leis, Is maith chuimhnigheanns muid ar an cheud lá a dtáinig sé 'na n-oileáin. Lá aoibhinn bhí ann ar maidin nuair tháinig an long cogaidh ag Tráigh Litireach as í lán suas le saigh- diúir agus le pílears. Bhíodar le lán daoine san n-oileán chur amach, acht le linn é theacht d'árda' an fhairrge, thosa' an ghaoth a séide' 'n-a caoir theinnte agus budh éigin dóibh imtheacht arís, agus go n-imthighe an diabhal leob. Ó'n lá sin go dtí an lá tá indiu ann níor tháinig aon tsiriam, saighdiúir dhearga ná locht coltacha gorma dhá gcur amach." Sin mar adeir muinntir Inis-meadhóin a dtaobh an Athar Mac Domhnaill, a's go deimhin tuilleann sé é, mar tá sé ar na firíní is deise agus is cómhairealta chonnaic mé i n-áit ar bith riamh. Rud ar bith chuirfeadh sé a lámh ann, is mían leis a chur ar aghaidh. Ní fear leath-bhealaigh é, tá sé dhá ríribh ann gach uile rud thógann sé suas. Go saoghluighe Dia é. An Domhnach indé an lae tháinig mé san mbaile, labhaireadh ó'n altóir ag an dá Aifrionn go mbeadh cruinniughadh go dlúth 'na dhiaidh. Siúd a's go raibh cheithre thionól eile ar fuid an pharáisde an lá céadna, a dtaobh togha na gComhairle Conndae, agus Cumainn 'Liam Uí Bhriain, má bhí féin bhí ar gcruinniúghadh sinne ar an gceann ba mhó ar fadh, níos mó ná iad go léir a dteannta chéile. Cé gur tháinig Craobh Chláir Chloinne Muiris ar an saoghal i n-aimsir dhona, sé sin aimsir togha na gComh- airle Conndae, nuair bhí gach uile shórt nídh mheasgaighthe corruighthe fillte fuaighte 'na chíor-thuaithbhil thrí na chéile, gach duine ag iarraidh buaidh fhagháil ar an bhfear eile, tá súil agam na dhiaidh sin nach donaide é. Áit ar bith 'bhfuil an oiread daoine le fághail leis an spioraid cheart ionnta is tá i muinntir an bhaile seo, níor chóir gur baoghal do'n chúis. Is beag áit i bhfuighmís fear bhfuil a chroidhe agus a anam insan obair chomh mór is go dtiucfadh sé trí mhíle móra fada ag an sgoil 'san oidhche, is cuma fliuch, fuar ná tirim í, agus trí mhíle ar n-ais arís é féin agus a bhean. Tá an fear sin le fagháil 'san gCláir mais', agus Pádraic de Búrca is ainm dó; oide sgoile is eadh é, i sgoil Cheathramha an Stialláin. Tá sé múnadh Gaedhilge dhá chuid sgoláire le trí nó ceathair de bhliadhanta, agus ní'l aon bhliadhain nach mbíonn síos agus aníos le trí scóir páisde, fir agus mná a'foghluim na teangan aige. Grádh mo chroidhe an Búrcach, nach é an truagh nach bhfuil gach uile mháighisdir sgoile i nÉirinn mar é? Chuir Craobh an Chláir an Búrcach mar theachtaire ag an Oireachtas, agus ag cruinniughadh na dteachtairidhe an lá 'na dhiaidh thógadar é mar dhuine do'n Fhuirinn ghnótha. Níor chualamar mórán ó'n gcraoibh le tamall, thuga- dar cead sgoile uatha tá sé séachtmhaine, nó mar sin, acht is gearr go dtosnóchaidh siad orra arís. Muna g-ceapthá Phádraic, a's a Dhochtúir, a Mhic Uí Mhaolagáin a's a bhfuil agaibh ann, go mbeinn triolúsach an rud mheabhrughadh dhíbh, d'iarrfhainn go mba mhaith agus badh dheas an rud díbh an sgoil fhosgailt le feis bhig. Corróchadh sé cuid de na spriosáin iad seo atá fuar ins an gcúis. (Clár Cloinne Muiris = Claremorris)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services