Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Anonn agus Anall (ar leanamhaint)

Teideal
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Údar
Ua Concheannainn, Tomás,
Dáta cumtha
1899
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Anonn agus Anall
(ar leanamhaint)
Ó Thomás Ua Concheannainn



Clár Cloinne Muiris



Ní'l Clár Chloinne Muiris chomh Gaedhealach leis an
oidhche úd a chodail Raithbheartaigh ann, acht muna bhfuil
féin tá Gaedhil mhaithe fós ann, slán a bheidh siad. Tá
seireas fear maith annso, mar atá an Dochtúir
Mag Uidhir, Pádraic de Búrca, Seumas Ua Maolagáin,
Tomás de Brett, Mícheal Ó hEunacháin, an Cillíneach
agus a mhuirghin ar fad, a's go mór mhór a bhean, duine
de na mná is Gaedhealaighe i gConndae Mhuigheó. Tá
an fuinneamh ceart innti, go neartuighe Dia léi, a's
go dtugaidh sé saoghal fada le seun di. Ní raibh sí
sásta le n-a clainn ar fad a theacht 'na sgoile tar éis
an chraobh chur ar bun, acht tháinig sí féin a' tabhairt
sompla mhaith, ní dá clainn amháin, acht dá gach uile
mháthair chloinne i nÉirinn.



Maidir leis na sagairt, ar ndóigh, bhíodar chomh
toileamhail le craobh chur ar bun le duine ar bith, an
tAthair Mac Giolla-Choinnigh agus an t-Athair Mac
Domhnaill.



Bhí an tAthair Mac Domhnaill i nÁrainn tá beagán
bliadhanta ó shoin, agus is minic fiafruighthear díom a'
bhfeicim é, a's má fheiceann, a mbeannacht a thabhairt
dó. "Má tá naomh beo ar an talamh seo indiu, sin é
an t-Athair Mac Domhnaill," "budh é féin, a Thighearna,
an Sagairtín lághach." "Níor tháinig aon Sagart
Béarla ann so ariamh ní ba dheisé ná é, agus ní raibh
aon nduine ann acht an oiread a bhí a' piocadh suas na
Gaedhilge chomh treun a's bhí seisean. Dá mbeadh sé
ann aon leath-bhliadhain amháin eile, bheadh sé in ann
seanmhóir thabhairt dúinn i nGaedhilge gach uile orlach
chomh maith is dá mbeadh sé gan aon fhocal acht í labhairt
ó rugadh é." "Maiseadh ceud slán leis, Is maith
chuimhnigheanns muid ar an cheud lá a dtáinig sé 'na
n-oileáin. Lá aoibhinn bhí ann ar maidin nuair tháinig
an long cogaidh ag Tráigh Litireach as í lán suas le saigh-
diúir agus le pílears. Bhíodar le lán daoine san
n-oileán chur amach, acht le linn é theacht d'árda' an
fhairrge, thosa' an ghaoth a séide' 'n-a caoir theinnte
agus budh éigin dóibh imtheacht arís, agus go n-imthighe
an diabhal leob. Ó'n lá sin go dtí an lá tá indiu
ann níor tháinig aon tsiriam, saighdiúir dhearga ná
locht coltacha gorma dhá gcur amach."



Sin mar adeir muinntir Inis-meadhóin a dtaobh an
Athar Mac Domhnaill, a's go deimhin tuilleann sé
é, mar tá sé ar na firíní is deise agus is cómhairealta
chonnaic mé i n-áit ar bith riamh. Rud ar bith chuirfeadh
sé a lámh ann, is mían leis a chur ar aghaidh. Ní fear
leath-bhealaigh é, tá sé dhá ríribh ann gach uile rud
thógann sé suas. Go saoghluighe Dia é.



An Domhnach indé an lae tháinig mé san mbaile,
labhaireadh ó'n altóir ag an dá Aifrionn go mbeadh
cruinniughadh go dlúth 'na dhiaidh.



Siúd a's go raibh cheithre thionól eile ar fuid an
pharáisde an lá céadna, a dtaobh togha na gComhairle
Conndae, agus Cumainn 'Liam Uí Bhriain, má bhí féin
bhí ar gcruinniúghadh sinne ar an gceann ba mhó ar fadh,
níos mó ná iad go léir a dteannta chéile.



Cé gur tháinig Craobh Chláir Chloinne Muiris ar an
saoghal i n-aimsir dhona, sé sin aimsir togha na gComh-
airle Conndae, nuair bhí gach uile shórt nídh mheasgaighthe
corruighthe fillte fuaighte 'na chíor-thuaithbhil thrí na
chéile, gach duine ag iarraidh buaidh fhagháil ar an bhfear
eile, tá súil agam na dhiaidh sin nach donaide é.



Áit ar bith 'bhfuil an oiread daoine le fághail leis
an spioraid cheart ionnta is tá i muinntir an bhaile
seo, níor chóir gur baoghal do'n chúis. Is beag áit
i bhfuighmís fear bhfuil a chroidhe agus a anam insan
obair chomh mór is go dtiucfadh sé trí mhíle móra fada
ag an sgoil 'san oidhche, is cuma fliuch, fuar ná tirim
í, agus trí mhíle ar n-ais arís é féin agus a bhean. Tá
an fear sin le fagháil 'san gCláir mais', agus Pádraic
de Búrca is ainm dó; oide sgoile is eadh é, i sgoil
Cheathramha an Stialláin. Tá sé múnadh Gaedhilge dhá
chuid sgoláire le trí nó ceathair de bhliadhanta, agus
ní'l aon bhliadhain nach mbíonn síos agus aníos le trí
scóir páisde, fir agus mná a'foghluim na teangan aige.
Grádh mo chroidhe an Búrcach, nach é an truagh nach
bhfuil gach uile mháighisdir sgoile i nÉirinn mar é?



Chuir Craobh an Chláir an Búrcach mar theachtaire ag
an Oireachtas, agus ag cruinniughadh na dteachtairidhe
an lá 'na dhiaidh thógadar é mar dhuine do'n Fhuirinn
ghnótha.



Níor chualamar mórán ó'n gcraoibh le tamall, thuga-
dar cead sgoile uatha tá sé séachtmhaine, nó mar sin,
acht is gearr go dtosnóchaidh siad orra arís.



Muna g-ceapthá Phádraic, a's a Dhochtúir, a Mhic Uí
Mhaolagáin a's a bhfuil agaibh ann, go mbeinn triolúsach
an rud mheabhrughadh dhíbh, d'iarrfhainn go mba mhaith agus
badh dheas an rud díbh an sgoil fhosgailt le feis bhig.
Corróchadh sé cuid de na spriosáin iad seo atá fuar
ins an gcúis.



(Clár Cloinne Muiris = Claremorris)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services