Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Title
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Anonn agus Anall (ar leanamhaint) ó Thomás Ua Concheannainn Níl sé níos mó ná sé seachtmhaine ó bhí an Craoibhín Aoibhin, Liam Yeats, Seaghán Eglington agus mé féin ag teach na mná uaisle fóghluimte, múinte, léigh- annta, an bhean chóir, fhlaitheamhail sin baintighearna ní Ghrioghóra. Bhíomar ag caint ar lán rudaidhe, ar chúis na teagan ar ndóigh, níos minice ná ar rud ar bith eile. Tharraingeamar anuas Raithbeartaigh, an File, an té ar labhair mé 'na thaobh i gClaidheamh na seachtmhaine seo chuaidh tharainn. Dúbhairt an Craoibhín nach bhfuil beo anois acht aon fhear amháin 'bhfuil fios aige ar uaigh an fhile. Tá an fear seo 'na chomhnuidhe i n-aice bhaile Thuama agus sílim gur dhúbhairt an Dochtúir gurab é Seaghán Mag Fhloinn a d'innis dó a dtaoibh an aon fhir amháin beo ar thalamh na h-Éireann ar feasach dó an áit i bhfuil an fear grinn éirimeamhal curtha. B'fhéidir go ndeachaidh Seaghan Mag Fhloinn i n-aondaoi leis an bhfear seo ó shoin gur thaisbain sé an uaigh dhó. Má rinnis, a Sheagháin, innis dúinn é, agus muna ndeárnair, tá súil agam go ndeunfaidh tú é sul má gheobhas an fear bás. Dúbhairt an bhaintighearna go mba mhór an truagh agus an náire nach mbeadh leacht-cuimhne as a chionn a d'innseoch' do'n té thiucfadh an bóthar ná an bealach gur bé an fear áluinn bhfuil sinn a trácht air atá 'na luighe san roilig bheannuighthe. Ní túisge ráidhte ná nuair dúbhairt an Craoibhín agus gach duine timcheall an bhoird go gcuideóch'idis féin le leac chur air. Nach measann sibh a léigheadóiridhe gar sgannalach an sgeul é nach mbeadh comhartha eicínt - siúd as dá mba crois ádhmaid é - os cíonn an fhir ghrinn, an fear éirimeamhail, duine do na fir ba bhreághaichte aigneadh a rugadh riamh, fear a bhfuil a chuid abhráin agus dánta ag déanadh suilt agus pleisiúir do na mílte fós ar fuid na hÉireann agus nach síleann sibh mar an gcéadna go mba cheart dúinne mar Éireannacha cneasta fíor, mar chosantóiridhe ar gach nidh Gae- dhealach, beagán airgid chruinniughadh agus a chur i dteannta a chéile le cuimhneachán a chur os a chionn. Déanamuis é, a cháirde, cuirfidh mé féin an liathróid chum siubhail, bhéarfaidh mé punt uaim. (Tuilleadh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services