Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anonn agus Anall (ar leanamhaint)

Title
Anonn agus Anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Concheannainn, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Anonn agus Anall
(ar leanamhaint)
ó Thomás Ua Concheannainn



Níl sé níos mó ná sé seachtmhaine ó bhí an Craoibhín
Aoibhin, Liam Yeats, Seaghán Eglington agus mé
féin ag teach na mná uaisle fóghluimte, múinte, léigh-
annta, an bhean chóir, fhlaitheamhail sin baintighearna ní
Ghrioghóra.



Bhíomar ag caint ar lán rudaidhe, ar chúis na teagan
ar ndóigh, níos minice ná ar rud ar bith eile.



Tharraingeamar anuas Raithbeartaigh, an File, an té
ar labhair mé 'na thaobh i gClaidheamh na seachtmhaine seo
chuaidh tharainn. Dúbhairt an Craoibhín nach bhfuil beo anois
acht aon fhear amháin 'bhfuil fios aige ar uaigh an fhile.



Tá an fear seo 'na chomhnuidhe i n-aice bhaile Thuama
agus sílim gur dhúbhairt an Dochtúir gurab é Seaghán
Mag Fhloinn a d'innis dó a dtaoibh an aon fhir amháin
beo ar thalamh na h-Éireann ar feasach dó an áit
i bhfuil an fear grinn éirimeamhal curtha. B'fhéidir go
ndeachaidh Seaghan Mag Fhloinn i n-aondaoi leis an
bhfear seo ó shoin gur thaisbain sé an uaigh dhó.



Má rinnis, a Sheagháin, innis dúinn é, agus muna
ndeárnair, tá súil agam go ndeunfaidh tú é sul
má gheobhas an fear bás.



Dúbhairt an bhaintighearna go mba mhór an truagh
agus an náire nach mbeadh leacht-cuimhne as a chionn a
d'innseoch' do'n té thiucfadh an bóthar ná an bealach gur
bé an fear áluinn bhfuil sinn a trácht air atá 'na luighe
san roilig bheannuighthe. Ní túisge ráidhte ná nuair
dúbhairt an Craoibhín agus gach duine timcheall an
bhoird go gcuideóch'idis féin le leac chur air.



Nach measann sibh a léigheadóiridhe gar sgannalach an
sgeul é nach mbeadh comhartha eicínt - siúd as dá
mba crois ádhmaid é - os cíonn an fhir ghrinn, an fear
éirimeamhail, duine do na fir ba bhreághaichte aigneadh
a rugadh riamh, fear a bhfuil a chuid abhráin agus dánta
ag déanadh suilt agus pleisiúir do na mílte fós ar
fuid na hÉireann agus nach síleann sibh mar an
gcéadna go mba cheart dúinne mar Éireannacha
cneasta fíor, mar chosantóiridhe ar gach nidh Gae-
dhealach, beagán airgid chruinniughadh agus a chur i
dteannta a chéile le cuimhneachán a chur os a chionn.
Déanamuis é, a cháirde, cuirfidh mé féin an liathróid
chum siubhail, bhéarfaidh mé punt uaim.



(Tuilleadh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services