Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Chím, dar liom, bean tighe na suidhe i dtigh chinn tuighe amuich ar an dtuaith, bean slachtmhar ag deisiughadh nó ag cur caoi ar bhalcaisídhe na leanbh, an fear tighe cois na teineadh d'éis obair an lae, ag ól píopa, ag smaoi- neadh agus ag féachaint ar an gclabhra, beirt leanbh ag imirt chleas le n-a chéile ar an urlár, leanbh eile 'na shuan ins an gcliabháin, an dorus dúnta agus an oidhche garbh gaothmhar agus fearthainneach. Do chífa a leithéid sin i nÉirinn agus i dtíorthaibh eile chomh maith. Acht trách- tamuid an cor so ar Alasca ins an taobh thiar thuaidh de Américá, agus ar an gcríth talmhan do thárluigh ann an lá eile. Chroith na tighthe go hobann i gceanntar annsúd ar bhruach na fairrge, luaisg trusgán na dtighthe, baineadh geit as na daoinibh gan rabhadh gan fógairt agus sgeinneadar le sgannradh amach sa n-oidhche. Chrith an talamh arís agus arís eile, d'fhosgail sé abhus agus thall, liúghuigh na daoine bochta agus shaoileadar gach nóimit go slugfadh an talamh iad, acht dá olcas a gcás bhí a thuilleadh le teacht ortha. D'fhéachadar amach fá'n bhfairrge chonncadar chúca mór-ualach uisge bhí ós cionn deich dtroighthe fichead ar áirde agus shaoileadar anois nó riamh go raibh a ngnó déanta, acht chrith an talamh aris, corruigh agus bhéic an cuan, agus i ngiorracht seacht slata de'n phort d'fhosgail sconnsa nó díog agus do shlug sé an tonn bhuile mar do shlugfadh gadhar bolguim uisge. Tá an áit úd i bhfad as an tslighe agus ní fios ar marbhuigheadh mórán acu acht do réir na tuairisge deireannaighe bhí an chuid is mó acu fá bhothaibh ar thaobh na gcnoc gan puinn bídh 'ná éadaigh. Is cosmhail leis seo an tuairisg do tháinig chúgainn ó na hIndiachaibh Thoir an tseachtmhain seo ghabh thart. Is mór an tubaiste tá ar an dtír mhóir sain le dhá bhliadhain. Bhí an t-éagcruas anuraidh innte agus gidh gur cheil páipéir Lúnduin go raibh an t-éagcruas chómh h-olc agus do bhí, meastar go bhfuair fiche milliún duine bás de'n bhreoiteacht agus de'n ghábhatar ann. Bhí an séasúr ró-thirm i gcuid de na ceanntraibh agus níor fhás arbhar ná toradh, agus dá dheasgaibh sin bhí an ghorta go cruaidh ann. Beidh an sgéal céadna i mbliadhna acu is baogh- lach agus 'na theannta sain tháinig oidhche uathbhásach ortha i n-aon cheanntar amháin i lár na tiormacht. Do mar- bhuigheadh chúig chéad duine idir óg agus críonna an oidhche sin. Bhris sgamal ós cionn cnoic agus do thuit an bháisdeach nó fearthainn nós uisge thré chriathar. Líon na srutháin agus na h-aibhne, bhailigh an bháisdeach in gach log agus locán, líon sí suas iad agus rith na h-uisgi le fánaidh, ag breith clocha, crainn, agus tighthe leo ins an ruathar sain. Shleamhnuigh sgailp annso agus annsúd ar thaobh na gcnoc agus na n-árdán agus mhúchadar gach tigh agus teaghlach do bhí na gcómhgar. Chualathas ar feadh na hoidhche fuaim na báisdíghe i gcoilltibh móra Rangarún agus mallóga agus failleacha ag sleamhnughadh le fánaidh le neart na tuile. Bhuail an crith-talmhan nó an talamh-chumscúghadh an ceanntar úd an oidhche chéadna agus ba h-uathbhásaighe é sin 'ná na h-uisgí féin, acht do b'é toil Dé nách raibh sé ró-dhian. Toisg na daoine seo bheith chómh fad' ó bhaile ní dócha go ngoilleann a mbás orainn chómh mór agus do ghoillfeadh dá mbeidís nár gcómhgar. Sin é gnáth an tsaoghail, acht "is geal leis an bhfiach dubh a gheárrcach féin" agus tá gaoltha agus cáirde acu súd agus buaidhirt ortha. Is mór an tír na hIndiacha thoir agus ba mhaith liom trácht thairse beagán acht leigfeadh díom an cor so. Tá sí fá riaghaltas Shasana agus atá trí chéad milliún duine innte nách bhfuil cead guthuigheacht acu gidh gur mór an bualadh bás atá ag Seághan bhuidhe mar na tabharfadh Pól Kruger cead guthuigheachta do dhream beag ó Shasana atá ins an Transbhaal. Tá sé féin agus Pól ag druidim le n-a chéile, ní fhuil eatortha anois acht claidhe teórann agus beid siad ar sgorn- achaibh a chéile láithreach. Ní ghéillfidh éinne acu, agus measaim sul a mbeidh na focail seo i gcló go gclois- fear búithreadh na ngunnaí ar teórannaibh na Trans- bhaala. Ní déarfad go bhfuil faithchíos ar Sheághan acht shaoilidh sé go ngéillfeadh Pól agus ní bheidh sé féin ullamh chum troda ar feadh coigthighis eile. Dá réir sin tá eagla air go mbuailfidh Pól roimhe sin. I ndó nó thrí sheacht- mhainibh eile beidh ós cionn trí fichid míle fear ar pháirc an bhualadh ag Seághan agus sin é an tArm is mó d'fhág caladh-phoirt Shasana riamh. Deirthear nach bhfuil fear i mbreis aige mar is calma an buachaill an Bórach.
Chuir sé an rith ar Sheághan cheana acht deir Seághan go mbeidh athrughadh sgéil anois aige. Tá mórán fear dorcha ins an Aifric theas agus is dóich le daoinibh go mbeidh éirghe amach acu ar a son fein. Is beag é a n-ionntaoibh as na fearaibh fionna. Maoidheann na fir fíonna gurab é a n-inntinn amháin eolas agus riaghlas do mhúineadh do na fearaibh dorcha agus do gháirfá muna mbiadh nách cúis gháirídhe é. Ní h-eadh acht cúis ghoil. Bhí fear creideamhnach ag caint le fear eagair pháipéar atá i Lúnduin. Truth is ainm do'n páipéar. Bhí an fear úd na chómhnuidhe i Ródesia ar feadh seal agus atá sé ag baile anois. Is le Sasana an tír úd indiu, chuireadar an ruagadh trí nó ceathair de bhliadh- naibh ó shoin ar an rí dorcha go mbadh leis an tir. "Cionnus do thaithnigheann ár riaghail leis na daoinibh úd?" ar an fear eagair. "Cuibheasach," ar an fear. "An bhfuil tuarasdal maith acu?" "Seo mar tá sé," ar an fear. "Nuair do theasdóchadh fear oibre uait do thabharfá púnt do'n Riaghaltas air agus ba leat-sa an fear go ceann bliadhna. Is é a thuarasdal amháin a chuid bidh agus b'fhéidir go dtabharfá 'na theannta sain, sean-léine dhó nó shean-bhall éadaigh i ndeireadh na bliadhna. Muna bhfuil na fir ag an Riaghaltas an uain áirighthe ní fhuil agat acht dul go dtí an ceann atá ar dhream de na fearaibh dorcha, mar táid roinnte na ndreamaibh, agus do gheobhair an fear ar do phúnt, nó cailín ar bhuin. Má éaluigheann na fear uait cuirfear ar n-ais é agus gheobhaidh sé chúig stialla fichead de lasg." Arú nách daoirseacht é sin!" adeir an fear eagair." "Ní fhuil leigheas nó neart air, adeir an fear, ní oibreóchadh na fir dhorcha dhúinn-ne ar aon chuma eile." Tá mearbhall agus mí-shásamh orm féin d'éis an fhoillsiughadh sin, ins an bpáipéar úd, acht i n-aindeoin sin molaim an sean-mhúineadh do fuaras fadó go bhfuil saoirseacht in gach áit go leathann brat Bhreatain. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services