Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Chím, dar liom, bean tighe na suidhe i dtigh chinn tuighe
amuich ar an dtuaith, bean slachtmhar ag deisiughadh nó
ag cur caoi ar bhalcaisídhe na leanbh, an fear tighe cois
na teineadh d'éis obair an lae, ag ól píopa, ag smaoi-
neadh agus ag féachaint ar an gclabhra, beirt leanbh ag
imirt chleas le n-a chéile ar an urlár, leanbh eile 'na
shuan ins an gcliabháin, an dorus dúnta agus an oidhche garbh
gaothmhar agus fearthainneach. Do chífa a leithéid sin
i nÉirinn agus i dtíorthaibh eile chomh maith. Acht trách-
tamuid an cor so ar Alasca ins an taobh thiar thuaidh
de Américá, agus ar an gcríth talmhan do thárluigh ann
an lá eile. Chroith na tighthe go hobann i gceanntar
annsúd ar bhruach na fairrge, luaisg trusgán na dtighthe,
baineadh geit as na daoinibh gan rabhadh gan fógairt
agus sgeinneadar le sgannradh amach sa n-oidhche. Chrith
an talamh arís agus arís eile, d'fhosgail sé abhus agus
thall, liúghuigh na daoine bochta agus shaoileadar gach
nóimit go slugfadh an talamh iad, acht dá olcas a gcás
bhí a thuilleadh le teacht ortha. D'fhéachadar amach fá'n
bhfairrge chonncadar chúca mór-ualach uisge bhí ós cionn
deich dtroighthe fichead ar áirde agus shaoileadar anois
nó riamh go raibh a ngnó déanta, acht chrith an talamh
aris, corruigh agus bhéic an cuan, agus i ngiorracht
seacht slata de'n phort d'fhosgail sconnsa nó díog agus
do shlug sé an tonn bhuile mar do shlugfadh gadhar
bolguim uisge. Tá an áit úd i bhfad as an tslighe
agus ní fios ar marbhuigheadh mórán acu acht do réir na
tuairisge deireannaighe bhí an chuid is mó acu fá bhothaibh
ar thaobh na gcnoc gan puinn bídh 'ná éadaigh.
Is cosmhail leis seo an tuairisg do tháinig chúgainn ó
na hIndiachaibh Thoir an tseachtmhain seo ghabh thart. Is
mór an tubaiste tá ar an dtír mhóir sain le dhá bhliadhain.
Bhí an t-éagcruas anuraidh innte agus gidh gur cheil
páipéir Lúnduin go raibh an t-éagcruas chómh h-olc
agus do bhí, meastar go bhfuair fiche milliún duine bás
de'n bhreoiteacht agus de'n ghábhatar ann. Bhí an séasúr
ró-thirm i gcuid de na ceanntraibh agus níor fhás arbhar
ná toradh, agus dá dheasgaibh sin bhí an ghorta go cruaidh
ann. Beidh an sgéal céadna i mbliadhna acu is baogh-
lach agus 'na theannta sain tháinig oidhche uathbhásach ortha
i n-aon cheanntar amháin i lár na tiormacht. Do mar-
bhuigheadh chúig chéad duine idir óg agus críonna an
oidhche sin. Bhris sgamal ós cionn cnoic agus do thuit
an bháisdeach nó fearthainn nós uisge thré chriathar.
Líon na srutháin agus na h-aibhne, bhailigh an bháisdeach
in gach log agus locán, líon sí suas iad agus rith na
h-uisgi le fánaidh, ag breith clocha, crainn, agus tighthe
leo ins an ruathar sain. Shleamhnuigh sgailp annso agus
annsúd ar thaobh na gcnoc agus na n-árdán agus
mhúchadar gach tigh agus teaghlach do bhí na gcómhgar.
Chualathas ar feadh na hoidhche fuaim na báisdíghe i
gcoilltibh móra Rangarún agus mallóga agus failleacha
ag sleamhnughadh le fánaidh le neart na tuile. Bhuail
an crith-talmhan nó an talamh-chumscúghadh an ceanntar
úd an oidhche chéadna agus ba h-uathbhásaighe é sin 'ná
na h-uisgí féin, acht do b'é toil Dé nách raibh sé ró-dhian.
Toisg na daoine seo bheith chómh fad' ó bhaile ní dócha go
ngoilleann a mbás orainn chómh mór agus do ghoillfeadh
dá mbeidís nár gcómhgar. Sin é gnáth an tsaoghail,
acht "is geal leis an bhfiach dubh a gheárrcach féin" agus
tá gaoltha agus cáirde acu súd agus buaidhirt ortha.
Is mór an tír na hIndiacha thoir agus ba mhaith liom
trácht thairse beagán acht leigfeadh díom an cor so.
Tá sí fá riaghaltas Shasana agus atá trí chéad milliún
duine innte nách bhfuil cead guthuigheacht acu gidh gur
mór an bualadh bás atá ag Seághan bhuidhe mar na
tabharfadh Pól Kruger cead guthuigheachta do dhream
beag ó Shasana atá ins an Transbhaal. Tá sé féin
agus Pól ag druidim le n-a chéile, ní fhuil eatortha
anois acht claidhe teórann agus beid siad ar sgorn-
achaibh a chéile láithreach. Ní ghéillfidh éinne acu, agus
measaim sul a mbeidh na focail seo i gcló go gclois-
fear búithreadh na ngunnaí ar teórannaibh na Trans-
bhaala.
Ní déarfad go bhfuil faithchíos ar Sheághan acht shaoilidh
sé go ngéillfeadh Pól agus ní bheidh sé féin ullamh chum
troda ar feadh coigthighis eile. Dá réir sin tá eagla
air go mbuailfidh Pól roimhe sin. I ndó nó thrí sheacht-
mhainibh eile beidh ós cionn trí fichid míle fear ar pháirc
an bhualadh ag Seághan agus sin é an tArm is mó d'fhág
caladh-phoirt Shasana riamh. Deirthear nach bhfuil fear
i mbreis aige mar is calma an buachaill an Bórach.
Chuir sé an rith ar Sheághan cheana acht deir Seághan go
mbeidh athrughadh sgéil anois aige. Tá mórán fear
dorcha ins an Aifric theas agus is dóich le daoinibh go
mbeidh éirghe amach acu ar a son fein. Is beag é a
n-ionntaoibh as na fearaibh fionna. Maoidheann na fir
fíonna gurab é a n-inntinn amháin eolas agus riaghlas
do mhúineadh do na fearaibh dorcha agus do gháirfá
muna mbiadh nách cúis gháirídhe é. Ní h-eadh acht cúis
ghoil.
Bhí fear creideamhnach ag caint le fear eagair
pháipéar atá i Lúnduin. Truth is ainm do'n páipéar.
Bhí an fear úd na chómhnuidhe i Ródesia ar feadh seal
agus atá sé ag baile anois. Is le Sasana an tír úd
indiu, chuireadar an ruagadh trí nó ceathair de bhliadh-
naibh ó shoin ar an rí dorcha go mbadh leis an tir.
"Cionnus do thaithnigheann ár riaghail leis na daoinibh
úd?" ar an fear eagair. "Cuibheasach," ar an fear.
"An bhfuil tuarasdal maith acu?" "Seo mar tá sé,"
ar an fear. "Nuair do theasdóchadh fear oibre uait do
thabharfá púnt do'n Riaghaltas air agus ba leat-sa an
fear go ceann bliadhna. Is é a thuarasdal amháin a
chuid bidh agus b'fhéidir go dtabharfá 'na theannta sain,
sean-léine dhó nó shean-bhall éadaigh i ndeireadh na
bliadhna. Muna bhfuil na fir ag an Riaghaltas an uain
áirighthe ní fhuil agat acht dul go dtí an ceann atá ar
dhream de na fearaibh dorcha, mar táid roinnte na
ndreamaibh, agus do gheobhair an fear ar do phúnt, nó
cailín ar bhuin. Má éaluigheann na fear uait cuirfear
ar n-ais é agus gheobhaidh sé chúig stialla fichead de
lasg." Arú nách daoirseacht é sin!" adeir an fear
eagair." "Ní fhuil leigheas nó neart air, adeir an
fear, ní oibreóchadh na fir dhorcha dhúinn-ne ar aon
chuma eile." Tá mearbhall agus mí-shásamh orm féin
d'éis an fhoillsiughadh sin, ins an bpáipéar úd, acht i
n-aindeoin sin molaim an sean-mhúineadh do fuaras
fadó go bhfuil saoirseacht in gach áit go leathann brat
Bhreatain.
Conán Maol