Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Fhrainnc
Title
An Fhrainnc
Author(s)
Ultach Beadaidhe,
Pen Name
Ultach Beadaidhe
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Fhrainnc Mar adubhart cheana, thug mé cuairt ar an bhFrainnc tamall ó shoin. Is é ball de'n tír sin ina rabhas ag taisdeal, i Normainne, an ceanntar ó dtáinig sinnsir na Sean-Ghall, an dream a thug Strongbó leis go hÉirinn agus atá riamh ó shoin níos Éireannaighe ná na hÉireannaigh féin. Caidé an cineál daoine iad na Franncaigh? Daoine beaga suaracha, gan éirim gan mhaith gan chalmacht, gan dúil aca i n-éin-ní acht i gcaint agus i gcaitheamh aimsire agus i gculaithibh breágha éadaigh. Tamall ar buile gan fáth agus tamall ag tabhairt saoghail na bhféileacán sa tsamhradh. Aigneadh gan socracht gan seasmhacht aca, ag liobarnaigh agus ag luasgadh anonn agus anall, mar bheadh ceirt ar bhárr tuim nó coileach gaoithe ar stuaic an teampuill. D'innis Seán Ó Dighe an méid sin dom fad' ó agus ní innseann Seán bréag gan fáth. Níor thúisge ghabhas leithead mo dhá bhonn de thalamh fairsing na Frainnce ná thosuigheas ag lorg na ndaoine seo. Admhuighim dhaoibh nach bhfuaras iad. Shiubhal mé na céadta míle suas anuas siar 's aniar acht ní raibh na Franncaigh - an shaghas ceart - le fagháil ná le feicsint i n-aon bhall i n-ar ghabhas. Is dóiche nár chuartuigh mé an ball ceart. Chonnac Franncaigh eile, Franncaigh bhréige. Tá an dúthaigh lán díobh. Fir mhóra breághtha cumasacha cean- nasacha. Feirméirí móra saidhbhre gan spéis aca i n-éin-ní saoghalta acht ina gcuid oibre. Iasgairí agus máirnéalaigh nach féidir a sárughadh i n-aon tír ná ar aon mhuir ar chlisteacht ar chalmacht ná ar lúth a lámh. Flúirse agus fairsinge ar gach taobh. Shiubhalfá feadh an lae agus ní fheicfeá duine bocht. Shiubhalfá feadh na seacht- mhaine agus ní fheicfeá duine ar meisge. Má chuireann tú forán ar aonduine nó má iarrann tú an t-eolas air, má's beag mór saidhbhir daidhbhir é, ní sgarfaidh sé leat gan a hata thógáil duit. Má thagann strainnséar isteach i seomra an bhídh sa tigh ósda, agus nach bhfuil ann roimhe acht daoine nach aithnid dó, ar a shon soin cromann sé a cheann roimh suidhe síos dó. Sílim féin gur dual do Chlannaibh Gaedheal bheith chomh múinte céadna, acht gur náireach leó é, agus nach é nós na Sasanach é. Ba dóigh liom, sul a ndeachaidh mé thar Muir n-Iocht, nach gcluinfinn sa bhFrainnc acht teacht thar Dréifus, na hIúdaithe, taoisigh an airm, agus a leithéide sin, ó bhí na páipéir i Sasana féin lán de'n sgéal soin. Bhí mé aon lá déag ann, agus mar adubhart cheana bhí mé ann an uair a nochtadh breith na cúirte. An uair sin amháin do chuala mé trácht ar chúis Dréifús, acht an fad do bhí mé sé bhFrainnc roimh an uair sin agus ina diaidh, níor áirigheas ainm Dréifús dá luadh ag duine ar bith. Má tá aon locht agam le fagháil ar mhuinntir na Frainnce, is é a laighdead spéise chuireann siad i ngnó na coitcheanntachta nó i bpoilitidheacht a dtíre féin. Riaghaltas coitcheann do réir gotha na coitcheanntachta, dar leat, atá ar bun sa bhFrainnc. Go deimhin maiseadh, ní headh. Teidheann an choitcheanntacht go saothrach sanntach i gcionn a gcuid oibre, agus fágann siad an
riaghaltas faoi sgata dailtíní agus faoi dhaosgar-shluagh Phárais. Tá an Creideamh Críostaidhe ag formhór na coitcheanntachta, agus fágann siad an riaghaltas faoi dhream gan chreideamh, ní headh acht faoi dhream atá go nimhneach i n-aghaidh an Chreidimh. Do réir mar airighim, dá bhfeicfidhe duine ar bith i seirbhís an riaghaltais seo ag dul chum Aifrinn, nó dá bhfeicfidhe inghean leis ag dul chum Comaoineach, bheadh sé thart. Ní bheadh ceart cóir ná céim ar aghaidh le fagháil aige as sin amach. Tá an choitcheanntacht beartach turbhfaireach cliste críonna faoi n-a ngnóthaibh féin, agus fágann siad an riaghaltas ag dream gan taithighe i n-aon ghnó gan eolas gan gliocas, dream nár theip an tuathal riamh ortha. Sin é an saghas riaghaltais choitchinn atá sa bhFrainnc. Budh chóir do gach fear san uile thír aire mhaith do thabhairt do'n ghnó choitcheann. Ní shaorfainn ar an gcúram soin acht naomh, amadán, nó bitheamhnach. Muna dtugaidh an duine críonna macánta aire dhó, fágfar an gnó faoi'n mbitheamhnach agus faoi'n amadán. Ní bainfidh an naomh leis. Ní mó ná go leigeann an náire dhom críoch an sgéil seo do chur síos. Bhí triúr as Éirinn am fhochair-se ar an turas soin, agus ní raibh Gaedhilg acht ag duine againn. B'éigin dúinn Béarla labhairt le chéile. Tugadh Anglais (.i. Sasanaigh) orainn cibé áit ar ghabhamar. Ní hí an teanga amháin ba chionntach leis sin. Daoine nár airigh giog uainn, thugaidís Sasanaigh orainn. Níor thuigeas riamh roimhe sin an greim do bhí ag nósaibh agus ag gnásaibh na Sasanach orm féin. Go deimhin shílfeá go bhfuaradar balaidh éigin Shasanach orainn. Do thuigeadh an gasúirín beag óg taobh thall de'n tsráid gur Sasanaigh sinn agus leithead na sráide eadrainn agus é. Bhí aonach ann i mbaile mór inar ghabhamar. Chonnacamar both ann agus aisdeóracht éigin ar siubhal istigh. Bhuaileamar isteach. Thosuigh cialín ag gabháil abhráin. Ag magadh faoi mhuinntir Shasan a bhí sé. "Voici les Anglais, oh yes!" (Seo iad na Sasanaigh, oh yes!) Thosuigh a raibh láith- reach ag gáire fúinne. Ní raibh leigheas air, agus foidhide b'fhearr air. Ni bheimid i bhfad amhlaidh le congnamh Dé. Dá mbeadh Éire báithte faoi 'n bhfairrge, níor lugha an mheas ná an chuimhne bheadh ag an domhan mór uirthi ná tá anois. Támaoid i bhfoigseacht trí no ceithre céad míle do thuaisceart na Frainnce, agus féach ní'l d'ainm ag muinntir na dúithche sin le tabhairt orainn acht Sasanaigh. Sin a bhfuil gnóthuighthe againn de bhárr ar gcuid "tíor-ghrádha". Ultach Beadaidhe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services