An Fhrainnc
Mar adubhart cheana, thug mé cuairt ar an bhFrainnc
tamall ó shoin. Is é ball de'n tír sin ina rabhas ag
taisdeal, i Normainne, an ceanntar ó dtáinig sinnsir
na Sean-Ghall, an dream a thug Strongbó leis go
hÉirinn agus atá riamh ó shoin níos Éireannaighe ná na
hÉireannaigh féin.
Caidé an cineál daoine iad na Franncaigh? Daoine
beaga suaracha, gan éirim gan mhaith gan chalmacht, gan
dúil aca i n-éin-ní acht i gcaint agus i gcaitheamh aimsire
agus i gculaithibh breágha éadaigh. Tamall ar buile gan
fáth agus tamall ag tabhairt saoghail na bhféileacán sa
tsamhradh. Aigneadh gan socracht gan seasmhacht aca,
ag liobarnaigh agus ag luasgadh anonn agus anall, mar bheadh
ceirt ar bhárr tuim nó coileach gaoithe ar stuaic an
teampuill. D'innis Seán Ó Dighe an méid sin dom
fad' ó agus ní innseann Seán bréag gan fáth.
Níor thúisge ghabhas leithead mo dhá bhonn de thalamh
fairsing na Frainnce ná thosuigheas ag lorg na ndaoine
seo. Admhuighim dhaoibh nach bhfuaras iad. Shiubhal mé
na céadta míle suas anuas siar 's aniar acht ní raibh
na Franncaigh - an shaghas ceart - le fagháil ná le
feicsint i n-aon bhall i n-ar ghabhas. Is dóiche nár
chuartuigh mé an ball ceart.
Chonnac Franncaigh eile, Franncaigh bhréige. Tá an
dúthaigh lán díobh. Fir mhóra breághtha cumasacha cean-
nasacha. Feirméirí móra saidhbhre gan spéis aca i
n-éin-ní saoghalta acht ina gcuid oibre. Iasgairí agus
máirnéalaigh nach féidir a sárughadh i n-aon tír ná ar aon
mhuir ar chlisteacht ar chalmacht ná ar lúth a lámh.
Flúirse agus fairsinge ar gach taobh. Shiubhalfá feadh an
lae agus ní fheicfeá duine bocht. Shiubhalfá feadh na seacht-
mhaine agus ní fheicfeá duine ar meisge.
Má chuireann tú forán ar aonduine nó má iarrann
tú an t-eolas air, má's beag mór saidhbhir daidhbhir é,
ní sgarfaidh sé leat gan a hata thógáil duit. Má
thagann strainnséar isteach i seomra an bhídh sa tigh
ósda, agus nach bhfuil ann roimhe acht daoine nach aithnid dó,
ar a shon soin cromann sé a cheann roimh suidhe
síos dó. Sílim féin gur dual do Chlannaibh Gaedheal
bheith chomh múinte céadna, acht gur náireach leó é, agus nach
é nós na Sasanach é.
Ba dóigh liom, sul a ndeachaidh mé thar Muir n-Iocht,
nach gcluinfinn sa bhFrainnc acht teacht thar Dréifus,
na hIúdaithe, taoisigh an airm, agus a leithéide sin, ó bhí na
páipéir i Sasana féin lán de'n sgéal soin. Bhí mé
aon lá déag ann, agus mar adubhart cheana bhí mé ann
an uair a nochtadh breith na cúirte. An uair sin amháin
do chuala mé trácht ar chúis Dréifús, acht an fad do
bhí mé sé bhFrainnc roimh an uair sin agus ina diaidh, níor
áirigheas ainm Dréifús dá luadh ag duine ar bith.
Má tá aon locht agam le fagháil ar mhuinntir na
Frainnce, is é a laighdead spéise chuireann siad i ngnó
na coitcheanntachta nó i bpoilitidheacht a dtíre féin.
Riaghaltas coitcheann do réir gotha na coitcheanntachta,
dar leat, atá ar bun sa bhFrainnc. Go deimhin maiseadh,
ní headh. Teidheann an choitcheanntacht go saothrach
sanntach i gcionn a gcuid oibre, agus fágann siad an
riaghaltas faoi sgata dailtíní agus faoi dhaosgar-shluagh
Phárais. Tá an Creideamh Críostaidhe ag formhór na
coitcheanntachta, agus fágann siad an riaghaltas faoi
dhream gan chreideamh, ní headh acht faoi dhream atá go
nimhneach i n-aghaidh an Chreidimh. Do réir mar airighim,
dá bhfeicfidhe duine ar bith i seirbhís an riaghaltais seo
ag dul chum Aifrinn, nó dá bhfeicfidhe inghean leis ag
dul chum Comaoineach, bheadh sé thart. Ní bheadh ceart
cóir ná céim ar aghaidh le fagháil aige as sin amach.
Tá an choitcheanntacht beartach turbhfaireach cliste
críonna faoi n-a ngnóthaibh féin, agus fágann siad an
riaghaltas ag dream gan taithighe i n-aon ghnó gan eolas
gan gliocas, dream nár theip an tuathal riamh ortha.
Sin é an saghas riaghaltais choitchinn atá sa bhFrainnc.
Budh chóir do gach fear san uile thír aire mhaith do
thabhairt do'n ghnó choitcheann. Ní shaorfainn ar an
gcúram soin acht naomh, amadán, nó bitheamhnach. Muna
dtugaidh an duine críonna macánta aire dhó, fágfar
an gnó faoi'n mbitheamhnach agus faoi'n amadán. Ní
bainfidh an naomh leis.
Ní mó ná go leigeann an náire dhom críoch an sgéil
seo do chur síos. Bhí triúr as Éirinn am fhochair-se ar
an turas soin, agus ní raibh Gaedhilg acht ag duine againn.
B'éigin dúinn Béarla labhairt le chéile. Tugadh Anglais
(.i. Sasanaigh) orainn cibé áit ar ghabhamar. Ní hí an
teanga amháin ba chionntach leis sin. Daoine nár airigh
giog uainn, thugaidís Sasanaigh orainn. Níor thuigeas
riamh roimhe sin an greim do bhí ag nósaibh agus ag gnásaibh
na Sasanach orm féin. Go deimhin shílfeá go bhfuaradar
balaidh éigin Shasanach orainn. Do thuigeadh an gasúirín
beag óg taobh thall de'n tsráid gur Sasanaigh sinn agus
leithead na sráide eadrainn agus é. Bhí aonach ann i
mbaile mór inar ghabhamar. Chonnacamar both ann agus
aisdeóracht éigin ar siubhal istigh. Bhuaileamar isteach.
Thosuigh cialín ag gabháil abhráin. Ag magadh faoi
mhuinntir Shasan a bhí sé. "Voici les Anglais, oh yes!"
(Seo iad na Sasanaigh, oh yes!) Thosuigh a raibh láith-
reach ag gáire fúinne. Ní raibh leigheas air, agus foidhide
b'fhearr air. Ni bheimid i bhfad amhlaidh le congnamh Dé.
Dá mbeadh Éire báithte faoi 'n bhfairrge, níor lugha
an mheas ná an chuimhne bheadh ag an domhan mór uirthi
ná tá anois. Támaoid i bhfoigseacht trí no ceithre
céad míle do thuaisceart na Frainnce, agus féach ní'l
d'ainm ag muinntir na dúithche sin le tabhairt orainn
acht Sasanaigh. Sin a bhfuil gnóthuighthe againn de bhárr
ar gcuid "tíor-ghrádha".
Ultach Beadaidhe
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11