Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Coisidhe i bPort Láirge
Title
Coisidhe i bPort Láirge
Author(s)
Ó Caoimh, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Coisidhe i bPort Láirge Maidin bhreágh i bPort Láirge do chuadhas amach chum dul ar Aifreann 'san "Séipéal Mór," mar ghlaodhthar air. Acht ní fheadar an amhlaidh bhí m'uaradóir ró- mhear, nó an tAifreann déidheannach, bhíos timcheall leath-uaire an chluig ró-luath. Chuadhas síos go bruach an Siúire agus mé ag smaoineamh ar chúrsaí an tsao- ghail. Do bhíos ag féachaint ar na báid agus a gcuid brat i n-áirde aca. Gan amhras ba bhreágh an radharc é, acht is amhlaidh do chuir sé brón orm. Is é brat dearg na Sasannach bhí ar ghach árrthach. "Go bhfeiceanm an lá go mbeidh ar mbrat uaine féin againn," adubhart, agus le n-a linn sin do bhuail clog éigint d'a chur i n-umhail dam go raibh an tAifreann ag tosnughadh, agus chuadhas isteach 'san Séipéal. Is é seo an áit do fuair Tadhg Gaedhealach bás. Bhíodh paidir ag Tadhg d'á shíor-rádh .i. "Bás d'fhagháil i n-áit naomhtha, lá naomhtha, ar stad na ngrás," agus do réir deallraidh fuair sé a ghuidhe. Tugadh as sin go dtí Tir na bPaorach é. Tá sé sínte i roilig bhig Bhaile Uí Fhlainín. Tá ceacht no rann ag gach aon'ne nach mór timcheall na háite seo do dhein Tadhg. Ní raibh cloch na cros riamh ar a uaigh go dtí timcheall dhá bhliadhain ó shoin. Do dhein gabha 'san áit cros agus do chuir ar an uaigh é. Tá na focail seo air: - Erected by Andrew Skeehane to Tadhg Ghaedhealach. Tar éis teacht amach as an Séipéal do chuadhas ag cur tuairisg ar Ghaedhilgeoiríbh. Chonnac sean-fhear ar an tsráid. Thógas amach mo phíopa. "Bhfuil cipín soluis agat?" arsa mise. "Thá ceann agam" ar seisean. "Thá Gaedhilg agat" arsa mise. "'Dé 'n chúis ná beadh?" ar seisean, agus ar m'fhocal gur aige bhí an teanga go cliste. Do bhuaileas amach fá'n nduthaidh annsin. Theang- bhuigh go leór daoine liom, acht faríor géar, is é an Béarla bhí d'a spreagadh aca go léir. Bhíos ag im- theacht liom go bhfaca carraig cloiche ar thaobh an bóthair, agus uirri bhí "3 miles from Waterford." Theangbhuigh sean-fhear liom láithreach.
"An féidir leat Gaedhilg a labhairt," ar sa mise. "'Sdó mhuise," ar sé, "an ag magadh fúm atá tú? Is féidir liom Gaedhilg do labhairt agus is mór is fearr liom í ná an Béarla." Bhí caint fhada againn annsin. Tar éis leath-mhíle eile nó mar sin do chur tharm, cia bhuailfeadh im' threo acht beirt Ghaedhilgeoírí breághtha a bhí a' dhéanamh ar aonach Phuirt Láirge. Tagann daoine i bhfad ó bhaile an lá roimh ré ag triall ar an aonach. "Bail ó Dhia oraibh," arsa mise leo. "Dia dhuit is Muire" arsa duine aca. "Cad is dóigh leat do'n bhFoghmhar?" arsa mise. "Tá an Fóghmhar, no mar adeir na daoine im' áit féin, an t-arbhar go breágh, bhuidheachas le Dia," d'fhrea- gair fear aca. Tar éis trí mhíle go leith no mar sin do shiubhal, ní hiongnadh go raibh tart orm. Bhuaileas isteach i dtigh tábhairne. Bhí ceathrar fear istigh agus is é an gnó bhí idir lámhaibh aca, acht ag socarughadh sgéala an chogaidh seo 'san Transbhaal; duine aca ag cur le Crúgar, duine eile 'na choinne, agus an ceathrar aca ag aidh- neas le n-a chéile. Do shuidheas féin síos chomh ciúin is dob' fhéidir agus chuireas cluas orm féin. Tar éis tamaill do chuala fear aca ag rádh rud éigin i nGae- dhilg. Do labhras féin agus go deimhin bhí an Ghaedhilg go breágh blasda aca. Chuir fear aca ceist orm: - "'Dé an méid fear a thógann sé chum grafán do dhéanamh?" ar sé. "Ní fheadar," arsa mise. "Tógann sé ceathrar," ar sé, "san áit seo pé sgéal é." "Cia hiad féin?" arsa mise. "Déanann Mac Uí Naimhín an tsúil; déanann an Hailpíneach an chos; déanann Mac Uí Chathail faobhar do chur air; agus déanann an Muirgheasach an gabha dóighte, é bhreacadh." "O, 's eadh," arsa fear eile aca, "is mar so atá sé:- Súil Naimhín Cos Hailpín Faobhar Cathail Agus breacadh an gabha dóighte." "Ná raibh an fhad san de luigheachán bliadhna ort, agus nár chaillir an fhilidheacht go deo" arsa mise. D'fhágas slán aca annsin agus thugas mo bhóthar orm. Níor bh'fhada dham 'san imtheacht nuair do chonnac sean- fhear ag doras a thighe ar thaobh an bhóthair. Chuireas caint air i nGaedhilg agus is blasda bhí sí aige. Níor labhair sé focal Béarla liom, agus níor ghábhadh dho. Acht is é mo thuairim nuair bheidh na sean-daoine seo imthighthe, ná beidh focal Gaedhilge timcheall Cathrach Phuirt Láirge. Is truaigh agus is dona an sgéal é. Ní'l puinn suime ag an aos óg san nGaedhilg timcheall na cathrach. Mo thruagh iad. Nuair bhíos féin ag dul ar scoil, timcheall seacht mbliadhna déag ó shoin, bhí an Ghaedhilg coitcheann go leór i bPort Láirge. Is mór na míorbhuilltí do thuit amach le seacht mbliadhna déag. Is iomdha obair mhaith do dheineadh, agus droch-obair mar an gcéadna, acht is í an obair is measa a dheineadh riamh ár dteanga náisiúnta do leigean uainn. Nár fheicimíd an lá go bráth go bhfuighidh aon'ne a rádh, "tá an Ghaedhilg imthighthe." Tomás Ó Caoimh Port Láirge
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services