Coisidhe i bPort Láirge
Maidin bhreágh i bPort Láirge do chuadhas amach chum
dul ar Aifreann 'san "Séipéal Mór," mar ghlaodhthar
air. Acht ní fheadar an amhlaidh bhí m'uaradóir ró-
mhear, nó an tAifreann déidheannach, bhíos timcheall
leath-uaire an chluig ró-luath. Chuadhas síos go bruach
an Siúire agus mé ag smaoineamh ar chúrsaí an tsao-
ghail. Do bhíos ag féachaint ar na báid agus a gcuid
brat i n-áirde aca. Gan amhras ba bhreágh an radharc
é, acht is amhlaidh do chuir sé brón orm. Is é brat
dearg na Sasannach bhí ar ghach árrthach. "Go bhfeiceanm
an lá go mbeidh ar mbrat uaine féin againn," adubhart,
agus le n-a linn sin do bhuail clog éigint d'a chur
i n-umhail dam go raibh an tAifreann ag tosnughadh,
agus chuadhas isteach 'san Séipéal.
Is é seo an áit do fuair Tadhg Gaedhealach bás.
Bhíodh paidir ag Tadhg d'á shíor-rádh .i. "Bás d'fhagháil
i n-áit naomhtha, lá naomhtha, ar stad na ngrás," agus
do réir deallraidh fuair sé a ghuidhe. Tugadh as sin
go dtí Tir na bPaorach é. Tá sé sínte i roilig bhig
Bhaile Uí Fhlainín. Tá ceacht no rann ag gach aon'ne
nach mór timcheall na háite seo do dhein Tadhg. Ní
raibh cloch na cros riamh ar a uaigh go dtí timcheall dhá
bhliadhain ó shoin. Do dhein gabha 'san áit cros agus
do chuir ar an uaigh é. Tá na focail seo air: -
Erected by Andrew Skeehane to Tadhg Ghaedhealach.
Tar éis teacht amach as an Séipéal do chuadhas ag
cur tuairisg ar Ghaedhilgeoiríbh. Chonnac sean-fhear
ar an tsráid. Thógas amach mo phíopa.
"Bhfuil cipín soluis agat?" arsa mise.
"Thá ceann agam" ar seisean.
"Thá Gaedhilg agat" arsa mise.
"'Dé 'n chúis ná beadh?" ar seisean, agus ar
m'fhocal gur aige bhí an teanga go cliste.
Do bhuaileas amach fá'n nduthaidh annsin. Theang-
bhuigh go leór daoine liom, acht faríor géar, is é an
Béarla bhí d'a spreagadh aca go léir. Bhíos ag im-
theacht liom go bhfaca carraig cloiche ar thaobh an
bóthair, agus uirri bhí "3 miles from Waterford."
Theangbhuigh sean-fhear liom láithreach.
"An féidir leat Gaedhilg a labhairt," ar sa mise.
"'Sdó mhuise," ar sé, "an ag magadh fúm atá tú?
Is féidir liom Gaedhilg do labhairt agus is mór is
fearr liom í ná an Béarla." Bhí caint fhada againn
annsin.
Tar éis leath-mhíle eile nó mar sin do chur tharm,
cia bhuailfeadh im' threo acht beirt Ghaedhilgeoírí breághtha
a bhí a' dhéanamh ar aonach Phuirt Láirge. Tagann
daoine i bhfad ó bhaile an lá roimh ré ag triall ar an
aonach.
"Bail ó Dhia oraibh," arsa mise leo.
"Dia dhuit is Muire" arsa duine aca.
"Cad is dóigh leat do'n bhFoghmhar?" arsa mise.
"Tá an Fóghmhar, no mar adeir na daoine im' áit
féin, an t-arbhar go breágh, bhuidheachas le Dia," d'fhrea-
gair fear aca.
Tar éis trí mhíle go leith no mar sin do shiubhal, ní
hiongnadh go raibh tart orm. Bhuaileas isteach i dtigh
tábhairne. Bhí ceathrar fear istigh agus is é an gnó bhí
idir lámhaibh aca, acht ag socarughadh sgéala an chogaidh
seo 'san Transbhaal; duine aca ag cur le Crúgar,
duine eile 'na choinne, agus an ceathrar aca ag aidh-
neas le n-a chéile. Do shuidheas féin síos chomh ciúin
is dob' fhéidir agus chuireas cluas orm féin. Tar éis
tamaill do chuala fear aca ag rádh rud éigin i nGae-
dhilg. Do labhras féin agus go deimhin bhí an Ghaedhilg
go breágh blasda aca. Chuir fear aca ceist orm: -
"'Dé an méid fear a thógann sé chum grafán do
dhéanamh?" ar sé.
"Ní fheadar," arsa mise.
"Tógann sé ceathrar," ar sé, "san áit seo pé
sgéal é."
"Cia hiad féin?" arsa mise.
"Déanann Mac Uí Naimhín an tsúil; déanann an
Hailpíneach an chos; déanann Mac Uí Chathail faobhar
do chur air; agus déanann an Muirgheasach an gabha
dóighte, é bhreacadh."
"O, 's eadh," arsa fear eile aca, "is mar so atá
sé:-
Súil Naimhín
Cos Hailpín
Faobhar Cathail
Agus breacadh an gabha dóighte."
"Ná raibh an fhad san de luigheachán bliadhna ort,
agus nár chaillir an fhilidheacht go deo" arsa mise.
D'fhágas slán aca annsin agus thugas mo bhóthar orm.
Níor bh'fhada dham 'san imtheacht nuair do chonnac sean-
fhear ag doras a thighe ar thaobh an bhóthair. Chuireas caint
air i nGaedhilg agus is blasda bhí sí aige. Níor labhair
sé focal Béarla liom, agus níor ghábhadh dho. Acht is
é mo thuairim nuair bheidh na sean-daoine seo imthighthe,
ná beidh focal Gaedhilge timcheall Cathrach Phuirt
Láirge. Is truaigh agus is dona an sgéal é. Ní'l
puinn suime ag an aos óg san nGaedhilg timcheall na
cathrach. Mo thruagh iad. Nuair bhíos féin ag dul ar
scoil, timcheall seacht mbliadhna déag ó shoin, bhí an
Ghaedhilg coitcheann go leór i bPort Láirge. Is mór
na míorbhuilltí do thuit amach le seacht mbliadhna déag.
Is iomdha obair mhaith do dheineadh, agus droch-obair
mar an gcéadna, acht is í an obair is measa a dheineadh
riamh ár dteanga náisiúnta do leigean uainn. Nár
fheicimíd an lá go bráth go bhfuighidh aon'ne a rádh,
"tá an Ghaedhilg imthighthe."
Tomás Ó Caoimh
Port Láirge