Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Deir siad i ndeisceart Shasana gurab iad na trí radhairc is breághdha ar domhan, fear a' smuaineadh, long a' seóladh, agus each a' rás. Is deas an sean-rádh é, agus cumadh é sul a raibh long gaile ann, mar ceapaim gur breághdha an radharc long gaile ag treabhadh na mara i n-aindeóin an ghairbh-shín, ná long fá sheól ag únfairt annso agus annsúd ag iarraidh dul ar aghaidh i n-aghaidh na gaoithe. Tá neart intinne an duine teasbánta ins an long gaile ag crothadh na dtonn di agus ag rómharadh thríd an anfadh. Is treise í 'ná an míol mara, is feárr chum ráis í na an t-each is tréine, agus cumadh agus ceapadh í le hinntleacht agus smuaineadh an fhir. Dá mbuailfeadh long seóil le
fuinneamh i gcoinnibh ailp mhór lic oighre i lár na fairrge bhí gnó na loinge sin déanta. Ní bhiadh sé 'na cumas dul ar gcul i n-am. Ní mar sin de'n long gaile an "City of Rome", an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Bhí sí sin ag triall cois Talaimh an Éisg ar a slighe chum Amériocá. Is contabhartach an fhairrge atá annsúd ins an am so de'n bhliadhain, mar briseann cuid de'n lic oighre as a h-ionad ins an Muir Reóidhte thuaidh d'éis an tsamhraidh agus snámhann sí ó dheas fá dhein na Mara Móire Thiar. Is mairg do'n loing do bhuaileann léi. Má bheidheas an uain an-fhuar bíonn amharas ag máirnéalaigh go bhfuil an leac oighre comh- garach dóibh, agus bíd ag fáireadh go géar. Gidh go raibh beirt fhear súl ar clár tosaigh na loinge úd ag faireadh mar ba ghnáthach níor mhothuigheadar pioc go bhféacadar i ngearracht dáfhichead slat dóibh cnoc leac oighre ag luasgadh sa bhfairrge. Liughadar ar an gcaptaen. Bhí an uain ceómhar agus tonnmhar agus bhí seisean an fear fáil ar droichead na loinge ar feadh trí lá agus trí oidhche gan suan gan sgíth agus ar beagán bidh, mar bhí míle teasdal ar bórd aige. Bhuail sé an cluigín do thugann rabhadh do'n bhéirt- eóir ins an mbéirt-sheómra shíos, tá méar iarainn ceangailte do'n chluigín seo do chasann mar oireas do'n chaptaen. 'Seadh an mhéar iarainn ar an gcómh- artha "ar gcúl." Do thuig an béirteóir an comhartha. Dhruid sé slat, bhí gach roth ins an mbéirt-sheómra ar tuathal láithreach. Dhruid sé slat eile: bhí na rothanna anois ag iarraidh na loinge do thiomáint i ndiaidh a cúil, acht bhí a throimeacht, a luathacht, agus a fuinneamh féin, 'ghá tiomáint ar aghaidh. Shéid agus sgread an gal tré na píoba, chroith an long uaibhreach ó cheann go deireadh, bhris na tonna thairse agus bhí sí ag seadadh nó tabhairt srutháil sáile thré chlár-shúilibh a cliathán. Thiomáin a luathacht ar aghaidh go dúr i n-aindeoin an bheirtóra agus do bhuail sí cnag ar an ualach lice oighre do chaith ar a dtár i n-áirde furmhór na dteasdal, acht i gcionn nóimit bhí sí réidh arís ag sceinneadh ó'n leac-oighre le fuaim. Bhí cuid de na teasdalaibh ar a nglúnaibh agus a thuilleadh acu i bhfanntais le sgannaradh. "Bíodh misneach oraibh" ar an chaptaen, go mín, "tá sí slán acht amháin go bhfuil a soc briste." Níor bh'iongnadh go raibh áthas croidhe ar na teasdalaibh agus gur thugadar árd- mholadh d'fhuirinn na loinge, agus go mór mhór do'n chaptaen ar dteacht go caladh-phort dóibh. Dá seól- faidhe an long úd suas le trí céad míle ó dheas ó thalamh an Éisg ní bhiadh baoghal uirthe ó'n leac oighre mar bhiadh an leac oighre leaghta agus briste sul do sroich- faidh sé an áit sin, acht is giorra an bealach thuaidh, agus dá réir sin do b'é toil na muintire gur leo an long go gcaithfidhe i sheóladh an bealach is giorra, agus ní raibh ag an gcaptaen acht rud do dhéanamh ortha. Tá deabhadh chum airgid do bhailiughadh ar an saoghal indiu. Mian chum mhaoine an taom is coitcheannta indiu, agus cad tá dá bhárr ag an saoghal! Compórd adéarfá. Ní h-eadh acht trioblóid agus amhgar. Féach an fear sain do cuireadh an cúigeadh lá déag de'n mhí seo, Conchúbhar Vanderbilt, deirthear gur bh'fhiú ós cionn fiche milliún púnt é, agus ba dhóich leat go mbiadh a leithéid socair-inntinneach go leór. Ní raibh ámh. Bhí a shuan neamh-shámh, ní raibh goile mhaith aige, bhíodh an losgadh duighe na doigheacha, agus an teinneas- fiacla ag gabháil dó; ní bhfuair sé sult as aon nídh níor mhaith leis leabhair ná léightheoireacht níor bh'áil leis cómhrádh daoine, agus do réir teist fir go raibh aithne aige air, do bh'é an fear ba dhearóilíghe ar druim an domhan é. Ní h-eadh go raibh sé na dhroch-dhuine. Ní h-eadh i n-aon chor. Fear déirceamhail do b'eadh é, acht bhí breis airgid aige, agus bhí an t-ór 'na ualach ar a chroidhe agus ar a inntinn i gcómhnuidhe. Chuirfinn geall gur compórdaighe an fear siúbhail go mbíonn sac ar a dhrom ag bailiughadh mhine. Ní raibh aon easbadh goile ar a leithéid sin am' dhúthaig-se. Is é an mian chum airgid atá ag cur Sheághain Bhuidhe ar buile agus ag cur 'na cheann gur cóir dó an Trans- bhaal do bheith aige. Bhí tionóil puibhlidhe i Manchester ag Seaghán Morley agus ag Leonard Cúrnáin an Aoine seo thart ag iarraidh áiteamh ar Shasana gur chóir leigean do'n Transbhaal, acht is ar éigin do cualathas focal as béalaibh na bhfeisirí seo toisg dreama do bhí láithreach ag liughraigh agus ag béicigh agus dhá rádh leis an mbeirt gur chóir dóibh cabhrughadh leis an Riaghaltas chum na mBórach do chlaoidhe agus do chosgairt. Sin mar atá ag furmhór na muintire thall, agus muna ngéillid na Bóraigh beidh cogadh againn. Dubhairt Seághan Morley leo gurab iad na daoine ba mhó uaill agus glamhuigheal ins an tionóil ba leisgeamhla chum aghaidh do thabhairt ar an mBórach. Is iad a leithéidí do thosnuigh an t-easaontas so idir Shasana agus an Transbhaal. Tá nó bhí an iomad acu ins an Transbhaal acht táid siad ag tabhairt an bhóthair ortha as an dtír sin indiu, ag rith le n-a n-anamaibh nuair atá súil le cath. Bodaigh mheatha do glaoidh páipéar ins an Aifric theas ortha. Tá fir oibre macánta ó Shasana ann leis, agus do gheall Kruger coimirc dóibh dá dtug- aidís aire dhá ngnó, agus táid siad ag fanamhaint ann go fóill. Ní hiad an drong is mó glór do bhaili- gheann an fóghmhar. Beidh fir na sparán agus fir na dteangan bhfada i bhfad ó'n gcath, acht déanfaidh an saighdiúir dearg ar sgilling sa ló an troid dóibh. Tá an gríos ag briseadh amach an aimsir seo i Lúnduin agus is é Dréafus atá ag cur an tochus seo ortha. Dubhairt na páipéir go leir gur daoradh an fear so cheana i n-éagcóir agus go sgaoilfidhe an cor so é, acht in' ionad sain daoradh arís é agus tá deich mbliadhna 'na leith. Is trócaireach, truaghmhéileach, na daoine na Sasanaigh agus ghoill sé go mór ortha nuair daoradh an fear so an dara huair. Ní fhuil aon fhocal acu do'n Fhrainc indiu acht an focal is measa na bpluic. Deir fear liom do léigheann a gcuid páipéar go gcuirfidis ag aiseag tu, gcead a' chuideachta, agus adeir sé fós liom gur fimínigh agus phairisínigh an chuid is mó acu, acht measaim go bhfuil sé ró-dhian ortha. Ceapaim féin gur fear deas diaguidhthe ár gcómharsa Seaghán acht go gcuireann an t-éad ar buile uair- eannta é. Acht ní bhfaghtar Saoi gan locht éigin. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services