Tar Lear
Deir siad i ndeisceart Shasana gurab iad na trí
radhairc is breághdha ar domhan, fear a' smuaineadh, long
a' seóladh, agus each a' rás. Is deas an sean-rádh é,
agus cumadh é sul a raibh long gaile ann, mar ceapaim
gur breághdha an radharc long gaile ag treabhadh na
mara i n-aindeóin an ghairbh-shín, ná long fá sheól ag
únfairt annso agus annsúd ag iarraidh dul ar aghaidh
i n-aghaidh na gaoithe. Tá neart intinne an duine
teasbánta ins an long gaile ag crothadh na dtonn di
agus ag rómharadh thríd an anfadh. Is treise í 'ná an
míol mara, is feárr chum ráis í na an t-each is tréine,
agus cumadh agus ceapadh í le hinntleacht agus
smuaineadh an fhir. Dá mbuailfeadh long seóil le
fuinneamh i gcoinnibh ailp mhór lic oighre i lár na
fairrge bhí gnó na loinge sin déanta. Ní bhiadh sé
'na cumas dul ar gcul i n-am. Ní mar sin de'n long
gaile an "City of Rome", an tseachtmhain seo ghabh
tharainn. Bhí sí sin ag triall cois Talaimh an Éisg ar
a slighe chum Amériocá. Is contabhartach an fhairrge
atá annsúd ins an am so de'n bhliadhain, mar briseann
cuid de'n lic oighre as a h-ionad ins an Muir Reóidhte
thuaidh d'éis an tsamhraidh agus snámhann sí ó dheas fá
dhein na Mara Móire Thiar. Is mairg do'n loing do
bhuaileann léi. Má bheidheas an uain an-fhuar bíonn
amharas ag máirnéalaigh go bhfuil an leac oighre comh-
garach dóibh, agus bíd ag fáireadh go géar. Gidh go
raibh beirt fhear súl ar clár tosaigh na loinge úd ag
faireadh mar ba ghnáthach níor mhothuigheadar pioc go
bhféacadar i ngearracht dáfhichead slat dóibh cnoc leac
oighre ag luasgadh sa bhfairrge. Liughadar ar an
gcaptaen. Bhí an uain ceómhar agus tonnmhar agus
bhí seisean an fear fáil ar droichead na loinge ar
feadh trí lá agus trí oidhche gan suan gan sgíth agus
ar beagán bidh, mar bhí míle teasdal ar bórd aige.
Bhuail sé an cluigín do thugann rabhadh do'n bhéirt-
eóir ins an mbéirt-sheómra shíos, tá méar iarainn
ceangailte do'n chluigín seo do chasann mar oireas
do'n chaptaen. 'Seadh an mhéar iarainn ar an gcómh-
artha "ar gcúl." Do thuig an béirteóir an comhartha.
Dhruid sé slat, bhí gach roth ins an mbéirt-sheómra ar
tuathal láithreach. Dhruid sé slat eile: bhí na rothanna
anois ag iarraidh na loinge do thiomáint i ndiaidh a
cúil, acht bhí a throimeacht, a luathacht, agus a fuinneamh
féin, 'ghá tiomáint ar aghaidh. Shéid agus sgread an
gal tré na píoba, chroith an long uaibhreach ó cheann go
deireadh, bhris na tonna thairse agus bhí sí ag seadadh
nó tabhairt srutháil sáile thré chlár-shúilibh a cliathán.
Thiomáin a luathacht ar aghaidh go dúr i n-aindeoin
an bheirtóra agus do bhuail sí cnag ar an ualach lice
oighre do chaith ar a dtár i n-áirde furmhór na
dteasdal, acht i gcionn nóimit bhí sí réidh arís ag
sceinneadh ó'n leac-oighre le fuaim. Bhí cuid de na
teasdalaibh ar a nglúnaibh agus a thuilleadh acu i
bhfanntais le sgannaradh. "Bíodh misneach oraibh" ar
an chaptaen, go mín, "tá sí slán acht amháin go
bhfuil a soc briste." Níor bh'iongnadh go raibh áthas
croidhe ar na teasdalaibh agus gur thugadar árd-
mholadh d'fhuirinn na loinge, agus go mór mhór do'n
chaptaen ar dteacht go caladh-phort dóibh. Dá seól-
faidhe an long úd suas le trí céad míle ó dheas ó thalamh
an Éisg ní bhiadh baoghal uirthe ó'n leac oighre mar
bhiadh an leac oighre leaghta agus briste sul do sroich-
faidh sé an áit sin, acht is giorra an bealach thuaidh,
agus dá réir sin do b'é toil na muintire gur leo an
long go gcaithfidhe i sheóladh an bealach is giorra, agus
ní raibh ag an gcaptaen acht rud do dhéanamh ortha.
Tá deabhadh chum airgid do bhailiughadh ar an saoghal
indiu. Mian chum mhaoine an taom is coitcheannta
indiu, agus cad tá dá bhárr ag an saoghal! Compórd
adéarfá. Ní h-eadh acht trioblóid agus amhgar. Féach
an fear sain do cuireadh an cúigeadh lá déag de'n mhí
seo, Conchúbhar Vanderbilt, deirthear gur bh'fhiú ós
cionn fiche milliún púnt é, agus ba dhóich leat go
mbiadh a leithéid socair-inntinneach go leór. Ní raibh
ámh. Bhí a shuan neamh-shámh, ní raibh goile mhaith aige,
bhíodh an losgadh duighe na doigheacha, agus an teinneas-
fiacla ag gabháil dó; ní bhfuair sé sult as aon nídh
níor mhaith leis leabhair ná léightheoireacht níor bh'áil
leis cómhrádh daoine, agus do réir teist fir go raibh
aithne aige air, do bh'é an fear ba dhearóilíghe ar druim
an domhan é. Ní h-eadh go raibh sé na dhroch-dhuine.
Ní h-eadh i n-aon chor. Fear déirceamhail do b'eadh é,
acht bhí breis airgid aige, agus bhí an t-ór 'na ualach ar
a chroidhe agus ar a inntinn i gcómhnuidhe. Chuirfinn
geall gur compórdaighe an fear siúbhail go mbíonn
sac ar a dhrom ag bailiughadh mhine. Ní raibh aon easbadh
goile ar a leithéid sin am' dhúthaig-se.
Is é an mian chum airgid atá ag cur Sheághain Bhuidhe
ar buile agus ag cur 'na cheann gur cóir dó an Trans-
bhaal do bheith aige. Bhí tionóil puibhlidhe i Manchester
ag Seaghán Morley agus ag Leonard Cúrnáin an Aoine
seo thart ag iarraidh áiteamh ar Shasana gur chóir
leigean do'n Transbhaal, acht is ar éigin do cualathas
focal as béalaibh na bhfeisirí seo toisg dreama do bhí
láithreach ag liughraigh agus ag béicigh agus dhá rádh leis
an mbeirt gur chóir dóibh cabhrughadh leis an Riaghaltas
chum na mBórach do chlaoidhe agus do chosgairt. Sin
mar atá ag furmhór na muintire thall, agus muna
ngéillid na Bóraigh beidh cogadh againn. Dubhairt
Seághan Morley leo gurab iad na daoine ba mhó uaill
agus glamhuigheal ins an tionóil ba leisgeamhla chum
aghaidh do thabhairt ar an mBórach. Is iad a leithéidí
do thosnuigh an t-easaontas so idir Shasana agus an
Transbhaal. Tá nó bhí an iomad acu ins an Transbhaal
acht táid siad ag tabhairt an bhóthair ortha as an dtír
sin indiu, ag rith le n-a n-anamaibh nuair atá súil le
cath. Bodaigh mheatha do glaoidh páipéar ins an Aifric
theas ortha. Tá fir oibre macánta ó Shasana ann
leis, agus do gheall Kruger coimirc dóibh dá dtug-
aidís aire dhá ngnó, agus táid siad ag fanamhaint ann
go fóill. Ní hiad an drong is mó glór do bhaili-
gheann an fóghmhar. Beidh fir na sparán agus fir
na dteangan bhfada i bhfad ó'n gcath, acht déanfaidh
an saighdiúir dearg ar sgilling sa ló an troid dóibh.
Tá an gríos ag briseadh amach an aimsir seo i
Lúnduin agus is é Dréafus atá ag cur an tochus seo
ortha. Dubhairt na páipéir go leir gur daoradh an
fear so cheana i n-éagcóir agus go sgaoilfidhe an cor
so é, acht in' ionad sain daoradh arís é agus tá deich
mbliadhna 'na leith. Is trócaireach, truaghmhéileach, na
daoine na Sasanaigh agus ghoill sé go mór ortha nuair
daoradh an fear so an dara huair. Ní fhuil aon fhocal
acu do'n Fhrainc indiu acht an focal is measa na bpluic.
Deir fear liom do léigheann a gcuid páipéar go
gcuirfidis ag aiseag tu, gcead a' chuideachta, agus
adeir sé fós liom gur fimínigh agus phairisínigh an chuid
is mó acu, acht measaim go bhfuil sé ró-dhian ortha.
Ceapaim féin gur fear deas diaguidhthe ár gcómharsa
Seaghán acht go gcuireann an t-éad ar buile uair-
eannta é. Acht ní bhfaghtar Saoi gan locht éigin.
Conán Maol