Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Ní dócha gur maith le haon duine bás d'fhághail. Ní fheacas féin go háirighthe aon duine riamh go raibh deabhadh nó deifir air ag fágaint an tsaoghail seo dá olcas an saoghal. Do réir mar thuigim is é an bás obann an bás is measa - go saoraidh Dia sinn air. Is iomdha bás obann i slíghe an chríostaidhe bhoicht ar muir agus tír agus ní dóich liom go bhfuil cuma báis is mo do chuirfeadh crith-eagla orm 'ná sleamnughadh le haghaidh faille cnoic. Ar feadh an tsamhraidh is annamh do ghabhann seachtmhain tharainn ná tuiteann taisteal mí-ádhmharach éigin tar splínc ar shléibhtibh móra na hAlp. Do básgadh triúr acu an seachtmhadh lá de'n tseacht mhí seo agus atá ceathrar eile amúdha, gan fios cá'r ghabhadar. Tá mórán de na taistealaibh seo do théidheann ar bárr cnoc gan gnó, gan fáth, acht go mbiadh sé le rádh acu go rabhadar ann. Dá mhéid duaidh dul i gcoinnibh an fhaobhair, dá chontabhairtighe na mullaighe is é is mó do mhaoidheann na taistealaí as a gcuid sodar, agus is iongnadh liom ná marbhuighthear a thuilleadh acu. Mar sin féin ní ceart do chách gan bheith truaghmhéileach do'n té do basgthar, mar is creatach an bás a leithéid. Seasaimh ar fíor-imeall faille chnoic agus féach síos, smuainigh leat féin dá mbeadhthá ag sleamhnughadh le fánaidh ar do chliabh, fréamha an fhraoich ag briseadh leat, spallaí cloch ag bogadh fád' chosaibh, agus an splínc Dia shíos díot. Do thabharfá a raibh agus a dtáinig ar ghreim docht ar chraoibh righin cuilinn. Deir daoine go bhfuil Kruger ag déanamh go tiugh ar splínc agus go mbeidh sé ar fhaobhar na faille i gcionn coigthigise ó 'ndiu, acht measann seisean ná tuitfidh sé féin le fánaidh agus go bhfuil sé i ndán dó tuisleadh bhaint as Seaghan Bhuidhe do bhrisfidh cnámha an bhuachalla sain. Is mór an misneach é, acht ceapaim dá thréineacht Pól nách féidir do Seaghán do leagadh an cor so. Bhaidh aithis go bráth tabhartha do Sheaghan dá gcuirfeadh Pól an rith air mar tá a thrí oiread daoine i gcathair Bh'l'Át' Chliath agus atá de Bhórachaibh ins an Transbhaal, agus tá fhios ag Seaghan go mbiadh an saoghal ag steallaibh magaidh faoi dá leigfeadh sé do lán doirn daoine mar iad súd buadhachtan air. Do mheas a lán gurab é an fáth go raibh Seaghán ag cur isteach ar Phól mar ná tabharfadh fé cead guthuigheacht do na Sasanaigh atá na gcomhnuidhe ins an Transbhaal, acht ní chreideann éinneach an ráiméis sin anois acht baothán éigin, no fear bréaghach do leigeann air é. Teastuigheann an tír uainn, tá ór go flúirseach fá thalamh innte, tá fir na sparán bhfada agus dream ocrach na sparán bhfollamh go cíocrach ag faireadh uirri. Cad do bhéarfadh go mbiadh an tír bhreágh úd ag Bóraigh gránda, ní fhuil siad ag baint aon mhaitheas aisde, acht dá mbiadh sí againn- ne chuirfimís fuirinn marguidheachta ar bun láithreach chum an óir d'oibriughadh, agus bhiadh bhreiseacht ag mórán daoine ar a gcuid airgid. Tiomáinimís na Bóraigh as a dtír, muna ngéillid bíodh ortha féin. Sin í an chaint. Cogarann duine éigin - "ná déin goid," acht tá teach imeartha i Lúnduin an Stock Exchange do ghairmthear i mBéarla gallda air agus is annamh do luadhthar an tsean-aithne sin annsúd. Beidh deireadh le h-oibreach- aibh an duine, ní beidh "aon nídh d'ár gcómharthaibh ann," acht mar chubhar ar abhainn, nó duilleabhar ar bárr crann, acht a rádh go rabhamar ann; acht mairfidh fuaim an ghutha úd agus cloisfear é go lá an Luain dá rádh gan sgíth, "ná déin goid." Thug an fínné deireannach fiadhnuiseacht i gcás Dhréafuis Diardaoin seo ghabh tharainn agus beidh fhios againn go gairid an bhfuil an fear cionntach nó neamh- chionntach. Do réir na fiadhnuiseacht bailigheadh mil- liún go leith púnt i Sasana agus i nAllmáin i gcóir cosduis le haghaidh aith-éisteacht do thabhairt do'n fhear so, agus meastar nách mar mhaithe le Dréafus amháin do bailigheadh an t-airgead úd acht le haghaidh buadhairt agus mearbhall do chur ar an Fhrainc. Ní fhuil aon tír eile lasmuich de'n Fhrainc go dtabharfadh an Riaghaltas cead chum a leithéid do chás d'aith- éisteacht. Bhí fear darab ainm Prómséas Roberts 'na chaptaen i nArm Shasana tamall maith ó shoin agus bhí easaontas éigin idir é féin agus ceannphort na cipe. I mBéal Feirsde do bhí an cipe suidhte an uair sin agus sgríobh Roberts litir chum duine mhunnteardha dhó ag cúl- chaint ar an gceannphort. Fuarthas amach gur sgríobh sé an litir agus do réir nách dleaghthach dhá leithéid an ceann fé do chur ar an bhfear ó a chionn, shuidh cúirt airm ar an mbeart, trí dhuine déag acu. Fuair móirsheisear cionntach é agus seisear neamh-chionntach agus i ngéilleadh do bharamhail na breiseachta briseadh láithreach an captaen. Dhiúltaigh an Bhainríoghan a séala do chur leis an mbreith acht do ghéill sí fá dhéireadh le heagla go mbiadh easaontas imeasg taoiseach an Airm 'na thaobh. Thug na feisirí - céad ceann acu - an bhreith fá chómhair an Riaghaltais, agus gidh go raibh fhios ag cách gur daoradh Roberts i n-éag- cóir, mar sin féin níor ghéill an Riaghaltas so na feisiribh le heagla go dtabharfadh sé sganaill do'n Arm, agus bhí an captaen bocht creachda ar feadh a shaoghail da dheasgaibh sin. Do smachtuigh an Riaghaltas taoisigh an Airm i gan fhios acht níor bhacadar an bhreith- am' shúil dá ndéarfainn leis gur feárr an dlighe tá sa bhFrainc ná i Sasana. Acht déarfadh é ar a shon sain. Tá gaige bheag darab ainm Guerin agus cuid dá
cháirdibh dúnta suas 'na thigh i bPáris. Bhítheas cum na dlíghe do chur air i dtaobh bagairt ar na Iúdachaibh agus gairm do chur amach go mbiadh eirghidh amach aige i gcoinnibh an Riaghaltais muna ndaorfaidhe Dréafus arís. Dhún sé suas go dlúth gach dorus agus fuinneóg le drol agus laiste. Ní leigeann an dlighe duine amach ná isteach sa tigh do ngéillfidh an fear buile seo. Ní fhuil aige anois acht beagán prátaidhe tur agus gan fiú an uisge. Dá mbadh mhaith leis an Riaghaltas é ba gheárr an mhoill uirri Guerin do ghabháil acht do chaith- fidhe an tigh do bhriseadh isteach air agus beirt no triúr do mharbhadh. Tabharfaidh tart agus ocras amach an duine bocht. Dá mbiadh dhá choileach ag cómhrac sa bhFrainc bhiadh na páipéir ag trácht air agus táim féin ag leanamhaint na droch-thaithighe. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services