Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Ní dócha gur maith le haon duine bás d'fhághail. Ní
fheacas féin go háirighthe aon duine riamh go raibh
deabhadh nó deifir air ag fágaint an tsaoghail seo dá
olcas an saoghal. Do réir mar thuigim is é an bás
obann an bás is measa - go saoraidh Dia sinn air.



Is iomdha bás obann i slíghe an chríostaidhe bhoicht ar
muir agus tír agus ní dóich liom go bhfuil cuma báis
is mo do chuirfeadh crith-eagla orm 'ná sleamnughadh le
haghaidh faille cnoic. Ar feadh an tsamhraidh is annamh
do ghabhann seachtmhain tharainn ná tuiteann taisteal
mí-ádhmharach éigin tar splínc ar shléibhtibh móra na
hAlp. Do básgadh triúr acu an seachtmhadh lá de'n
tseacht mhí seo agus atá ceathrar eile amúdha, gan
fios cá'r ghabhadar. Tá mórán de na taistealaibh seo
do théidheann ar bárr cnoc gan gnó, gan fáth, acht go
mbiadh sé le rádh acu go rabhadar ann. Dá mhéid
duaidh dul i gcoinnibh an fhaobhair, dá chontabhairtighe na
mullaighe is é is mó do mhaoidheann na taistealaí as a
gcuid sodar, agus is iongnadh liom ná marbhuighthear a
thuilleadh acu. Mar sin féin ní ceart do chách gan
bheith truaghmhéileach do'n té do basgthar, mar is
creatach an bás a leithéid. Seasaimh ar fíor-imeall
faille chnoic agus féach síos, smuainigh leat féin dá
mbeadhthá ag sleamhnughadh le fánaidh ar do chliabh, fréamha
an fhraoich ag briseadh leat, spallaí cloch ag bogadh fád'
chosaibh, agus an splínc Dia shíos díot. Do thabharfá
a raibh agus a dtáinig ar ghreim docht ar chraoibh righin
cuilinn.



Deir daoine go bhfuil Kruger ag déanamh go tiugh ar
splínc agus go mbeidh sé ar fhaobhar na faille i gcionn
coigthigise ó 'ndiu, acht measann seisean ná tuitfidh sé
féin le fánaidh agus go bhfuil sé i ndán dó tuisleadh
bhaint as Seaghan Bhuidhe do bhrisfidh cnámha an bhuachalla
sain. Is mór an misneach é, acht ceapaim dá thréineacht
Pól nách féidir do Seaghán do leagadh an cor so.
Bhaidh aithis go bráth tabhartha do Sheaghan dá gcuirfeadh
Pól an rith air mar tá a thrí oiread daoine i gcathair
Bh'l'Át' Chliath agus atá de Bhórachaibh ins an Transbhaal,
agus tá fhios ag Seaghan go mbiadh an saoghal ag
steallaibh magaidh faoi dá leigfeadh sé do lán doirn
daoine mar iad súd buadhachtan air. Do mheas a lán
gurab é an fáth go raibh Seaghán ag cur isteach ar Phól
mar ná tabharfadh fé cead guthuigheacht do na Sasanaigh
atá na gcomhnuidhe ins an Transbhaal, acht ní chreideann
éinneach an ráiméis sin anois acht baothán éigin, no fear
bréaghach do leigeann air é. Teastuigheann an tír
uainn, tá ór go flúirseach fá thalamh innte, tá fir na
sparán bhfada agus dream ocrach na sparán bhfollamh
go cíocrach ag faireadh uirri. Cad do bhéarfadh go
mbiadh an tír bhreágh úd ag Bóraigh gránda, ní fhuil siad
ag baint aon mhaitheas aisde, acht dá mbiadh sí againn-
ne chuirfimís fuirinn marguidheachta ar bun láithreach
chum an óir d'oibriughadh, agus bhiadh bhreiseacht ag mórán
daoine ar a gcuid airgid. Tiomáinimís na Bóraigh as
a dtír, muna ngéillid bíodh ortha féin. Sin í an chaint.
Cogarann duine éigin - "ná déin goid," acht tá teach
imeartha i Lúnduin an Stock Exchange do ghairmthear
i mBéarla gallda air agus is annamh do luadhthar an
tsean-aithne sin annsúd. Beidh deireadh le h-oibreach-
aibh an duine, ní beidh "aon nídh d'ár gcómharthaibh ann,"
acht mar chubhar ar abhainn, nó duilleabhar ar bárr crann,
acht a rádh go rabhamar ann; acht mairfidh fuaim an
ghutha úd agus cloisfear é go lá an Luain dá rádh gan
sgíth, "ná déin goid."



Thug an fínné deireannach fiadhnuiseacht i gcás
Dhréafuis Diardaoin seo ghabh tharainn agus beidh fhios
againn go gairid an bhfuil an fear cionntach nó neamh-
chionntach. Do réir na fiadhnuiseacht bailigheadh mil-
liún go leith púnt i Sasana agus i nAllmáin i gcóir
cosduis le haghaidh aith-éisteacht do thabhairt do'n
fhear so, agus meastar nách mar mhaithe le Dréafus
amháin do bailigheadh an t-airgead úd acht le haghaidh
buadhairt agus mearbhall do chur ar an Fhrainc. Ní
fhuil aon tír eile lasmuich de'n Fhrainc go dtabharfadh
an Riaghaltas cead chum a leithéid do chás d'aith-
éisteacht.



Bhí fear darab ainm Prómséas Roberts 'na chaptaen
i nArm Shasana tamall maith ó shoin agus bhí easaontas
éigin idir é féin agus ceannphort na cipe. I mBéal
Feirsde do bhí an cipe suidhte an uair sin agus sgríobh
Roberts litir chum duine mhunnteardha dhó ag cúl-
chaint ar an gceannphort. Fuarthas amach gur sgríobh
sé an litir agus do réir nách dleaghthach dhá leithéid
an ceann fé do chur ar an bhfear ó a chionn, shuidh
cúirt airm ar an mbeart, trí dhuine déag acu. Fuair
móirsheisear cionntach é agus seisear neamh-chionntach
agus i ngéilleadh do bharamhail na breiseachta briseadh
láithreach an captaen. Dhiúltaigh an Bhainríoghan a
séala do chur leis an mbreith acht do ghéill sí fá
dhéireadh le heagla go mbiadh easaontas imeasg
taoiseach an Airm 'na thaobh. Thug na feisirí - céad
ceann acu - an bhreith fá chómhair an Riaghaltais, agus
gidh go raibh fhios ag cách gur daoradh Roberts i n-éag-
cóir, mar sin féin níor ghéill an Riaghaltas so na
feisiribh le heagla go dtabharfadh sé sganaill do'n
Arm, agus bhí an captaen bocht creachda ar feadh a
shaoghail da dheasgaibh sin. Do smachtuigh an Riaghaltas
taoisigh an Airm i gan fhios acht níor bhacadar an bhreith-
am' shúil dá ndéarfainn leis gur feárr an dlighe tá sa
bhFrainc ná i Sasana. Acht déarfadh é ar a shon sain.
Tá gaige bheag darab ainm Guerin agus cuid dá


L. 419


cháirdibh dúnta suas 'na thigh i bPáris. Bhítheas cum na
dlíghe do chur air i dtaobh bagairt ar na Iúdachaibh agus
gairm do chur amach go mbiadh eirghidh amach aige i
gcoinnibh an Riaghaltais muna ndaorfaidhe Dréafus
arís. Dhún sé suas go dlúth gach dorus agus fuinneóg
le drol agus laiste. Ní leigeann an dlighe duine amach
ná isteach sa tigh do ngéillfidh an fear buile seo.
Ní fhuil aige anois acht beagán prátaidhe tur agus gan
fiú an uisge. Dá mbadh mhaith leis an Riaghaltas é ba
gheárr an mhoill uirri Guerin do ghabháil acht do chaith-
fidhe an tigh do bhriseadh isteach air agus beirt no
triúr do mharbhadh. Tabharfaidh tart agus ocras amach
an duine bocht. Dá mbiadh dhá choileach ag cómhrac sa
bhFrainc bhiadh na páipéir ag trácht air agus táim féin
ag leanamhaint na droch-thaithighe.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services