Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN. DOCHUM "MÁIRE BHUIDHE": Gheobhair "Cois leasa is mé go huaigneach" sa sémhadh cuid de "Chnuasachd Bheag Amhrán" an Athar Pádraig Breathnach. Leabhrín pingne iseadh é, agus isiad Muinntir Bhrúin is Nualláin atá dá chur amach. Tá tuairim is fiche amhrán le ceol ann, agus éinne a raghaidh go Béal atha an Ghaorthaidh i mbliadhna cloisfidh iad dá muineadh is dá ngabháil ann. Sa cheanntar soin iseadh fuarthas iad go léir, geall leis. Táid "Araoir is mé go huaigneach," "An Cailín Deas Ruadh," "An Cnuicín Fraoigh," "Na Bearta Cruadha," etc., ann. Beir an leabhrín seo leat siar go dtí an Colláiste, agus beidh ceol agat ag teacht abhaile as. AN LÓCHRANN: Bíonn an t-anfháilte againn roimh an "Lóchrann" gach mí, de bhrígh go dtugann chughainn andeas blas agus cumhracht na gaoithe a scuabann de bharr na gCruacha Dubha is Sléibhe gCrot. Bíonn sé lán de scéilíní is de sheanchus do piocad ósna daoinibh féin, agus maidir le sean-amhráin is sean- streanncáin ní'l aon teora lena mbíonn díobh ann. Mar adubhairt an seanfhile: Mochen tra A lóchrann líomtha ghonta, annam thig do chiabh chordha co Tórna.
Na Príomh-rudaí. I. - Cló. An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin. Tá anois i dtigh clódóireacht cló miotaileach de gach aon tsaghas. Is mar soin dúinne. I n-ár monarcha tá na clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir- eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair thar barr a cheap. Mar soin níl agat le deanamh acht an obair sin atá agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn agus labhróchamuid mar gheall uirthi. An Cló-Chumann, Teo., Sr. Mhór na Trágha 68-71, Baile Átha Cliath. Guthán 1555.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services