Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN.



DOCHUM "MÁIRE BHUIDHE": Gheobhair "Cois leasa is mé go huaigneach"
sa sémhadh cuid de "Chnuasachd Bheag Amhrán" an Athar Pádraig Breathnach.
Leabhrín pingne iseadh é, agus isiad Muinntir Bhrúin is Nualláin atá dá chur
amach. Tá tuairim is fiche amhrán le ceol ann, agus éinne a raghaidh go Béal
atha an Ghaorthaidh i mbliadhna cloisfidh iad dá muineadh is dá ngabháil
ann. Sa cheanntar soin iseadh fuarthas iad go léir, geall leis. Táid
"Araoir is mé go huaigneach," "An Cailín Deas Ruadh," "An Cnuicín Fraoigh,"
"Na Bearta Cruadha," etc., ann. Beir an leabhrín seo leat siar go dtí an
Colláiste, agus beidh ceol agat ag teacht abhaile as.



AN LÓCHRANN: Bíonn an t-anfháilte againn roimh an "Lóchrann" gach mí,
de bhrígh go dtugann chughainn andeas blas agus cumhracht na gaoithe a scuabann
de bharr na gCruacha Dubha is Sléibhe gCrot. Bíonn sé lán de scéilíní is de
sheanchus do piocad ósna daoinibh féin, agus maidir le sean-amhráin is sean-
streanncáin ní'l aon teora lena mbíonn díobh ann. Mar adubhairt an
seanfhile:



Mochen tra
A lóchrann líomtha ghonta,
annam thig do chiabh chordha
co Tórna.




L. 384a


Na Príomh-rudaí.



I. - Cló.



An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh
ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta
so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní
baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n
bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin.



Tá anois i dtigh clódóireacht cló miotaileach de
gach aon tsaghas.



Is mar soin dúinne. I n-ár monarcha tá na
clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir-
eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair
thar barr a cheap.



Mar soin níl agat le deanamh acht an obair sin atá
agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn
agus labhróchamuid mar gheall uirthi.



An Cló-Chumann, Teo.,



Sr. Mhór na Trágha 68-71, Baile Átha Cliath.



Guthán 1555.











19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services