Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conchubhairín agus Cornéilisín.
Title
Conchubhairín agus Cornéilisín.
Author(s)
Ó hArgáin, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conchubhairín agus Cornéilisín. Timcheall dachad bliadhain ó shoin do chomhnuigh, i bparóiste Thuath na nDromann, baintreabhach bhocht. Bhí aon mhac amháin aici dá'r bh'ainm Conchubhar. Conchubhairín a tugtí air, acht ní le droichmheas ná le n-a laighead a bhí ann de, acht le mórghrádh agus neart ceana. Do cuireadh ar scoil é chun béarla d'fhogh- luim, agus b'é b'fhada le n-a mháthair, an chéad lá dá ndeaghaidh sé ann, go dtáinig sé a-bhaile, féachaint cionnus ar éirigh leis. Tháinig sé a-bhaile. "Airiú! a Chonchubhairín," ar sise, "connus ar éirigh leat indiu? - nó cad dubhairt an máighistir leat?" "D'éirigh go seóidh liom, a mhamaí," ar seisean, "agus dubh- airt an máighistir liom gan aon charabhuais ná eagla bheith orm, acht teacht chun scoile gach lá, agus go múinfeadh sé féin mo dhóthain Béarla dhom, agus chun tosnuighthe dubhairt sé go gcaith- finn atharrughadh a dhéanamh ar m'ainm." "A thiarcais! a Chonchubhairín," ar sise, "cad chuige an t-atharrughadh? Ar ndóin ní fhéadfadh seisean ná éinne eile thú ath-bhaisteadh." "Bhíos chun é sin, díreach a rádh leis," arsa Conchubhairín,
"acht do scríbh sé m'ainm síos i leabhar mór a bhí aige, agus dubhairt, "Ní Conchubhairín t'ainm feasta, acht Cornéilisín"." "Mhuise, mo ghrádh mo gharsúinín!" ar sise. "Chuaidh sé ar scoil uaim n-a Chonchubhairín, agus tháinig sé a-bhaile chugham n-a Chornéilisín." B'in í an chéad cheacht do fuair Conchubhar bocht ar scoil Thuath na Dromann. PÁDRAIG Ó hARGÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services