Conchubhairín agus Cornéilisín.
Timcheall dachad bliadhain ó shoin do chomhnuigh, i bparóiste
Thuath na nDromann, baintreabhach bhocht. Bhí aon mhac amháin aici
dá'r bh'ainm Conchubhar. Conchubhairín a tugtí air, acht ní le
droichmheas ná le n-a laighead a bhí ann de, acht le mórghrádh
agus neart ceana. Do cuireadh ar scoil é chun béarla d'fhogh-
luim, agus b'é b'fhada le n-a mháthair, an chéad lá dá ndeaghaidh
sé ann, go dtáinig sé a-bhaile, féachaint cionnus ar éirigh leis.
Tháinig sé a-bhaile.
"Airiú! a Chonchubhairín," ar sise, "connus ar éirigh leat
indiu? - nó cad dubhairt an máighistir leat?"
"D'éirigh go seóidh liom, a mhamaí," ar seisean, "agus dubh-
airt an máighistir liom gan aon charabhuais ná eagla bheith orm,
acht teacht chun scoile gach lá, agus go múinfeadh sé féin mo
dhóthain Béarla dhom, agus chun tosnuighthe dubhairt sé go gcaith-
finn atharrughadh a dhéanamh ar m'ainm."
"A thiarcais! a Chonchubhairín," ar sise, "cad chuige an
t-atharrughadh? Ar ndóin ní fhéadfadh seisean ná éinne eile thú
ath-bhaisteadh."
"Bhíos chun é sin, díreach a rádh leis," arsa Conchubhairín,
"acht do scríbh sé m'ainm síos i leabhar mór a bhí aige, agus
dubhairt, "Ní Conchubhairín t'ainm feasta, acht Cornéilisín"."
"Mhuise, mo ghrádh mo gharsúinín!" ar sise. "Chuaidh sé ar
scoil uaim n-a Chonchubhairín, agus tháinig sé a-bhaile chugham n-a
Chornéilisín."
B'in í an chéad cheacht do fuair Conchubhar bocht ar scoil
Thuath na Dromann.
PÁDRAIG Ó hARGÁIN.