Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clár Láimhscríbhinne (I Mainistir na mBráthar i gCill Áirne).
Title
Clár Láimhscríbhinne (I Mainistir na mBráthar i gCill Áirne).
Author(s)
Tóibín, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clár Láimhscríbhinne (I Mainistir na mBráthar i gCill Áirne). Ag seo síos Clár an Leabhair a dhéin Eoghan Tóibín a chur le chéile i mblian a 1818 (Bhí an leabhar da scrí' aige ar feadh sé bliana 1818-1824). Leathanach 1-193. - Foras Feasa ar Éirinn, le Seathrún Céitinn, D. D., 'seadh atá sa mhéid sin den leabhar. L. 194. - Do ghabhlughadh Chloinne Míleadh sonn. L. 195, 196, 197. - Craobhsgaoile sleachta Éibhir Fhinn Sonn., .i. Geinealach Mheic Cártha mhóir annso. L. 197-204. - Geinealaigh sleachta Dúna Goill; Geinealach Iarla Cloinne Chártha. Geinealach sleachta Dhiarmadha Thuatha Ó gCiabha; Geinealach Chlainne Cártha Thuatha na Dromann; Sliocht Eóghain Bhúird Mainge; Sliocht Mac Craith Mach Conchbhair Laghnuigh; Geinealach Mheic Amhlaoibh; Geinealach Uí Shúilleabháin mhóir; an fáth fá ngairmthear Síol Shúilleabháin do shliocht Eochaidh Mac Maoiliughra; Geinealach Sleachta Mhic Giolla Machoda, Geinealach Uí Shúilleabháin Bhéara; Geinealach Uí Choill; Geineal- ach Uí Dhonnchadha mhóir; Geinealach Uí Mhathamhna Fhinn; Geineal- aigh Uí Mhuircheartaigh, Uí Dhonabháin, Uí Choileáin Chairbrigh, etc. L. 204-205. - Craobhscaile sleachta Chormaic Cais Mac Oiliolla Óluim. L. 206. - Sliocht Céin Mac Oiliolla Óluim. L. 207-210 Sliocht Eiriomhóin. L. 211. - Sliocht Fiacha Mac Eachuigh Mhuighe-mheadhoin. L. 212. - Sliocht Samhairle Iarla Anntruim. L. 213-214. - Sliocht Dháil Riada Alban. L. 215. - Sliocht Ír mac Míleadh. L. 216. - Geinealach Uí Chonchubhair Chiarraidhe; Geinealach Mheic Cairteáin. L. 217-224. - Ó Beacháin, cct., Duain Craobhscaoilte Geineal- uigh sleachta Síol Shúilleabháin.
L. 224-226. - Marbhna Dhomhnaill Caid Uí Shúilleabháin .i. an chéad iarla a chuaidh don Spáinn, 1670. Eoghan Ó Cáinte, cct. L. 226-228. - Eoghan O Cáinte, cct. Ar bhás Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin .i. mac Oighreachta Uí Shúilleabháin mhóir. L. 228-229. - Domhnall Mac Cártha, cct. Air bhás Labhráis .i. mac Uí Shúilleabháin mhóir. L. 230-233. - Aindrias Mac Cruitín, cct, Do Dhómhnall, mac Eoghain Ruadh Uí Shúilleabháin, 1679. L. 233-236. - Eoghan Ó Ionncháinte, cct. Do Dhomhnaill, mac Eoghain Ruaidh Uí Shúílleabháin. L. 236-237. - Piaras Feiritéar, cct., do Mhac Finghín Duibh. L. 238. - Seisear cómhdhaltaí Eoghain Ruaidh, á chaoineadh, 1670. L. 239-243. - Mícheál Ó Longáin, cct. (?). Air Bhás Mhuir- ceartaigh óig Uí Shúilleabháin, 1738. L. 245-247. - Aodhagán Ua Raithille, cct. Maribhne Uí Chealla- cháin d'éag i mBaile na mBuailteóirí, 1724. L. 247-250. - Eóghan an Mhéirín, cct. Aisling an-fhada. L. 250. - Eoghan Tóibín, cct. (?). Eipitaph Chonchubhair Uí Chaoimh .i. mac Thaidhg Uí Chaoimh, Baile mac Cairt. L. 251-252. - Duain a thosnuigheas ar an gcuma so: - "Fuasgail solas ghort Chonaire a Rígh Chárrthaigh," (Is olc liom gan fios ainm ughdair an t-saothair dheadhaigheanta sin agam. - Eoghan Tóibín). L. 252-254. - D. Ó Bruadair, cct., don Iarla Lúchan .i. an Sáirséalach. (Do deineadh é seo a chur i gcló 'san Independent atá tamall ó choin ann). L. 254-256. - Dáibhídh Ó Bruadair, cct. Freagra Frichnimheach ar dhuine éigin do rinne dán blaidearachta don Diúic Urmhúimh- neach. L. 256. - D. Ó Bruadair, cct. ag éagcaoine anbhfuinne Éirionn fá ghéarghuais Gall san mbliain, 1638. L. 257-259. - D. Ó Bruadair cct. Guidhe Dhaibhídh Uí Bhruadair d'oifigíbh an Righ Séamus. L. 259-260. - D. Ó Bruadair, cct. Caithréim Thaidhg i gcal- aireacht. L. 261. - D. Ó Bruadair, cct. - iar dtógbháil a n-each agus a n-arm ó Ghallaibh - 26 lá d'Fheabhra, 1688 (9 ceathramhna).
L. 261. - D. ó Bruadair cct. le Sir Seán Mac Gearailt ar chródhacht a ghníomh i gcath Landain ag Brabant 1693 (3 ceathr.). L. 262. - D. Ó Bruadair cct. Freagra a thug sé ar Shir Seán Mac Gearailt; do chuir Sir Seán gearán chn Dáíbhidh i dtaobh nár lean meach dá chómhgus é ar ndul thar sáile dó, 1691. Do cuireadh an dán so i gcló san Independent, Eanair, '09 (7 ceathr.) L. 262. - Seafrúin Céitinn cct. ag caoine anfhórluinn Eirionn (7 ceathr.). L. 262. - Seafrúin Céitinn cct. do chrutaire cheóilbhinn dáir- ighthe dar b'ainm Tadhg Ó Cobhthaigh iar na chlos ag seinnim (5 ceathramhna): "Cia an saoí le seinntear an chrut.2 L. 263 - Seán Ó Murchadha cct., iar bhfagháil chúig mhairt ó mhnaoí uasail do Ghearaltachaibh do chionn chúig ranna do dhéan- amh do chúigear mac lé do marbhadh san gcogadh do bhí ar bun an tráith sin; 5 ceathramhna: "Oidhidh an chúigir nár chúithil anigidhe fann." L. 263. - Séamas Mac Coitir cct.; acrostic ar bhás Thaidhg Mhic Chonchubhair Uí Bhriain ó Choill na Cuira; 13 ceathramhna: "Tárladh gné dhaoldatha dfoiligh gach rian" L. 263-4 - Genethliacon .i. duan-leanbuigheachta do Donn- chadh Mhic Chonchubhair Uí Bhriain Choille na Curra. Séamas Mac Coitir cct.; 11 ceathramhna: "Failte om' chroidhe le báb na milse." L. 264. - Séamas Mac Coitir cctt. do Sheaghán mac Ristéird Coipinéar le linn dultha don Fhrainnc don mhacaomh óg san mbliain 1741; 6 ceathramhna: "Cúig athchuigne atá agam duit a Sheagháin chun siubhail." L. 265. - Mairbhne deighdhéanta do rinne duine éigin nách fuaras ainm leis ar bhás Chonchubhair mhic Thaidhg Uí Chaoimh; 14 ceathramhna: "Sin fút fear, a leac 'na luighe air feochadh." L. 265. - Tadhg Mac Dáire cctt. do Dhonnchadh Mhór Ó Briain, trí ceathramhna; an rann so: "Sinnsearacht ní ghabhann ceart I dtir do ghabhthar le neart Calmacht na bhfear is ceart ann 's ní sinnsearacht na bhfear n-anbhfann.
L. 266-270. - Tadhg Mac Dáire, cct., do Dhonchadh Ó Briain Bóirmhe (17 cedathramhna):- "Mór atá air theagasc flatha: aige atá teacht deagh-ratha; Cur righe an eagar mádh áil: leagadh tíre nó a togbháil." L. 266-270. - Cathán Ó Duinnín, cct. 124 ceathramhna) dán an-fhada a thosnaigheas:- "Eistidh le coimhneas bhur gdath A chlann oir-Mhuimhneach Eachach Go treorach a toir a tóir bhisigh Cóir eólach da innsinn." Céitinn is Cainte an fioe Is gasda an dá gheilfhine Is líonmhar a dtáinte fán dtír Uí Cáinte is Uí Céitín. L. 271. - Seaghán Clárach Mac Domhnaill, cct., do Sheón Dáson (11 ceathramhna):- "Taiscighidh, a chlocha fá coigilt a gcoimeád criadh." L. 271. - An Giota so: - "Ní d'aitheanntaibh na hEaglaise an fial más lag An t-eagnach más dealbh é, a bhriathra is leamh Gan airgiod nil maise air bith ná miann a neach 'S an fleascach tur más tairbheach, is ciall é ar fad." L. 271. - Cré Déin Swift:- "Is é mo chreidiomh-sa, creidiomh na nua-Ghall." L. 271. - Feart laoidhe Mhichil Uí Longáin:- "Le ciumhas na lice seo curta tá seimh fhear suairc Do bhí múinte milis glan soineanta saor gan ghruaim Ler dhubhach gac tuirinn dá dtigeach ar Éirinn uair Is guidhidh uile a dhul linne san Noamhbhrogh suas." L. 272. - Níl aon nídh scriobhtha air an leathanach so (Mícheál Óg, cct., Torna). L. 273-280. - Blodh d'Análaibh Inis Faithlion sonn. Do chíosa agus tuarasdail inseo síos (ocht leathanacha). L. 281-309. - Nil aon nídh scríobhtha ar na leathanachaibh seo. L. 310-314. - Aiste Sheaghain Uí Chonnail (Tuireamh na hÉireann (134 ceathramhna): - "An t-an smaoinighim air shaothibh na hÉirionn." L. 313. - An méid seo eólais i dtaobh a shliochta féín:-
L. 314. - An tAthair Diarmuid Ó Séagha, cct. (7 ceathramhna): "Mo theagasg dá nglacfá a chuirp nár cleachtadh leat srian." L. 315-317. - Himn Pháttraig Sonn. Le Naemh Seachlán mac Darearca (33 ceathramhna). L. 317. - Blogha do Tharangaireacht Mhic Amhaloibh (agus ceath- ramhna :- "Is léanmhar na scéalta-so gheibhim-se aniugh." L. 318. - Contaé Chorcaidhe mar aon le mór-chuaird na hÉireann go huile. Le hEoghan Ó Súilleabháin .i. file feallsamhan focalceart fáigheamhail foghlumtha fireólach. Aon de cheartbhreitheamhnaibh na saoith-éigse san gcontaé reamhráidhte agus Leithe Mogha mar an gcéadna. Barántas a thosnuigheas mar seo:- "Ag so faisnéis Dhiarmada Uí Fhoghludha dom láthair, etc." Tá an leathanach le chéile fé. L. 319-321. - Himn Phadraig sonn. Le Naomh Seachlan mac Darearca. Sé an dán céadna atá ar leathanachaibh a 315, 316, 317, acht amháin go bhfuil an uile líne dhe i mBéarla agus i nGaedhilg annso ar leathanachaibh 319, 321. L. 321. - Aindreas Mac Cruitín, cct., ar bhfeicsin an leabhair .i. Beatha Ruadháin Lothra i dtigh Uí Chinnéide i gContach Thoibread Árann (agus ceathramhna). L. 321. - An méid seo eólais fá dtaobh don tsórd aimsire a bhí ann i mbliain a 1715: "Do thuit an sneachta mór a nÉirinn i mbliain an tiarna 1715." L. 321. - An méid seo eólais fá dtaobh don tsórd aimsire a bhí ann i mbliain a 1715: "Do thuit an sneachta mór a nÉirinn i mbliain an tiarna 1715." L. 321. An méid seo do Stair na hAoise úd: "Do tháinig an Pretender go hAlbain an chéad uair annsa bhliaghain 1715. Do crochadh Séamas Mac Coitir a dtaobh éiginnithidhe Eilís sguib - 1720, May 7. An siuc mór do chreach na mílte pearsa annsa bhliaghain 1740, oidhche Nodlag." L. 321-324. - John O'Connell's Elegy on Ireland. Trans- lated from the original Irish language by Dr. Cantillon of Ballyheige in the County of Kerry, 1745. 50 ceathramhna: "Do bhí sé sealad a gcathair na Téibe Badh leis Atens igceart Féanuis Do chuaidh as sin go Lacedémon 'S do ghluais leis as, mórán Greágach"
L. 325-337. - Níl aon nídh scríobhtha ar na leathanachaibh seo. L. 338. - Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin cct.: 17 ceathramhna "Pé in Éirinn í" Tá Béarla le hais an uile bhéarsa dhe: Is atuirseach géar mo scéal forior I ganfhios don tsaoghal le tréimhse am' shnaoidhe Do shearg mo ghné 's níl spéir am ghnaoi Le taithniomh don bhé; pé in Éirinn í". A doleful tale I'll relate to thee Unknown to Fate I raise and grieve Love hath decayed my face and mien For my Curious dame, whoe'er she be. (A chríoch). Iar na sgriobhadh liom-sa, Eoghan Tóibín, a mBóthar na mBlárnan, a gCorcaigh, 1824. SEÁN TÓIBÍN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services