Clár Láimhscríbhinne
(I Mainistir na mBráthar i gCill Áirne).
Ag seo síos Clár an Leabhair a dhéin Eoghan Tóibín a chur le
chéile i mblian a 1818
(Bhí an leabhar da scrí' aige ar feadh sé bliana 1818-1824).
Leathanach 1-193. - Foras Feasa ar Éirinn, le Seathrún Céitinn,
D. D., 'seadh atá sa mhéid sin den leabhar.
L. 194. - Do ghabhlughadh Chloinne Míleadh sonn.
L. 195, 196, 197. - Craobhsgaoile sleachta Éibhir Fhinn Sonn.,
.i. Geinealach Mheic Cártha mhóir annso.
L. 197-204. - Geinealaigh sleachta Dúna Goill; Geinealach
Iarla Cloinne Chártha. Geinealach sleachta Dhiarmadha Thuatha Ó
gCiabha; Geinealach Chlainne Cártha Thuatha na Dromann; Sliocht
Eóghain Bhúird Mainge; Sliocht Mac Craith Mach Conchbhair
Laghnuigh; Geinealach Mheic Amhlaoibh; Geinealach Uí Shúilleabháin
mhóir; an fáth fá ngairmthear Síol Shúilleabháin do shliocht Eochaidh
Mac Maoiliughra; Geinealach Sleachta Mhic Giolla Machoda,
Geinealach Uí Shúilleabháin Bhéara; Geinealach Uí Choill; Geineal-
ach Uí Dhonnchadha mhóir; Geinealach Uí Mhathamhna Fhinn; Geineal-
aigh Uí Mhuircheartaigh, Uí Dhonabháin, Uí Choileáin Chairbrigh, etc.
L. 204-205. - Craobhscaile sleachta Chormaic Cais Mac Oiliolla
Óluim.
L. 206. - Sliocht Céin Mac Oiliolla Óluim.
L. 207-210 Sliocht Eiriomhóin.
L. 211. - Sliocht Fiacha Mac Eachuigh Mhuighe-mheadhoin.
L. 212. - Sliocht Samhairle Iarla Anntruim.
L. 213-214. - Sliocht Dháil Riada Alban.
L. 215. - Sliocht Ír mac Míleadh.
L. 216. - Geinealach Uí Chonchubhair Chiarraidhe; Geinealach
Mheic Cairteáin.
L. 217-224. - Ó Beacháin, cct., Duain Craobhscaoilte Geineal-
uigh sleachta Síol Shúilleabháin.
L. 224-226. - Marbhna Dhomhnaill Caid Uí Shúilleabháin .i. an
chéad iarla a chuaidh don Spáinn, 1670. Eoghan Ó Cáinte, cct.
L. 226-228. - Eoghan O Cáinte, cct. Ar bhás Eoghain Ruaidh
Uí Shúilleabháin .i. mac Oighreachta Uí Shúilleabháin mhóir.
L. 228-229. - Domhnall Mac Cártha, cct. Air bhás Labhráis .i.
mac Uí Shúilleabháin mhóir.
L. 230-233. - Aindrias Mac Cruitín, cct, Do Dhómhnall,
mac Eoghain Ruadh Uí Shúilleabháin, 1679.
L. 233-236. - Eoghan Ó Ionncháinte, cct. Do Dhomhnaill, mac
Eoghain Ruaidh Uí Shúílleabháin.
L. 236-237. - Piaras Feiritéar, cct., do Mhac Finghín Duibh.
L. 238. - Seisear cómhdhaltaí Eoghain Ruaidh, á chaoineadh, 1670.
L. 239-243. - Mícheál Ó Longáin, cct. (?). Air Bhás Mhuir-
ceartaigh óig Uí Shúilleabháin, 1738.
L. 245-247. - Aodhagán Ua Raithille, cct. Maribhne Uí Chealla-
cháin d'éag i mBaile na mBuailteóirí, 1724.
L. 247-250. - Eóghan an Mhéirín, cct. Aisling an-fhada.
L. 250. - Eoghan Tóibín, cct. (?). Eipitaph Chonchubhair Uí
Chaoimh .i. mac Thaidhg Uí Chaoimh, Baile mac Cairt.
L. 251-252. - Duain a thosnuigheas ar an gcuma so: -
"Fuasgail solas ghort Chonaire a Rígh Chárrthaigh,"
(Is olc liom gan fios ainm ughdair an t-saothair dheadhaigheanta
sin agam. - Eoghan Tóibín).
L. 252-254. - D. Ó Bruadair, cct., don Iarla Lúchan .i. an
Sáirséalach. (Do deineadh é seo a chur i gcló 'san Independent
atá tamall ó choin ann).
L. 254-256. - Dáibhídh Ó Bruadair, cct. Freagra Frichnimheach
ar dhuine éigin do rinne dán blaidearachta don Diúic Urmhúimh-
neach.
L. 256. - D. Ó Bruadair, cct. ag éagcaoine anbhfuinne
Éirionn fá ghéarghuais Gall san mbliain, 1638.
L. 257-259. - D. Ó Bruadair cct. Guidhe Dhaibhídh Uí Bhruadair
d'oifigíbh an Righ Séamus.
L. 259-260. - D. Ó Bruadair, cct. Caithréim Thaidhg i gcal-
aireacht.
L. 261. - D. Ó Bruadair, cct. - iar dtógbháil a n-each agus
a n-arm ó Ghallaibh - 26 lá d'Fheabhra, 1688 (9 ceathramhna).
L. 261. - D. ó Bruadair cct. le Sir Seán Mac Gearailt ar
chródhacht a ghníomh i gcath Landain ag Brabant 1693 (3 ceathr.).
L. 262. - D. Ó Bruadair cct. Freagra a thug sé ar Shir Seán
Mac Gearailt; do chuir Sir Seán gearán chn Dáíbhidh i dtaobh
nár lean meach dá chómhgus é ar ndul thar sáile dó, 1691. Do
cuireadh an dán so i gcló san Independent, Eanair, '09 (7 ceathr.)
L. 262. - Seafrúin Céitinn cct. ag caoine anfhórluinn Eirionn
(7 ceathr.).
L. 262. - Seafrúin Céitinn cct. do chrutaire cheóilbhinn dáir-
ighthe dar b'ainm Tadhg Ó Cobhthaigh iar na chlos ag seinnim (5
ceathramhna):
"Cia an saoí le seinntear an chrut.2
L. 263 - Seán Ó Murchadha cct., iar bhfagháil chúig mhairt ó
mhnaoí uasail do Ghearaltachaibh do chionn chúig ranna do dhéan-
amh do chúigear mac lé do marbhadh san gcogadh do bhí ar bun an
tráith sin; 5 ceathramhna:
"Oidhidh an chúigir nár chúithil anigidhe fann."
L. 263. - Séamas Mac Coitir cct.; acrostic ar bhás Thaidhg
Mhic Chonchubhair Uí Bhriain ó Choill na Cuira; 13 ceathramhna:
"Tárladh gné dhaoldatha dfoiligh gach rian"
L. 263-4 - Genethliacon .i. duan-leanbuigheachta do Donn-
chadh Mhic Chonchubhair Uí Bhriain Choille na Curra. Séamas Mac
Coitir cct.; 11 ceathramhna:
"Failte om' chroidhe le báb na milse."
L. 264. - Séamas Mac Coitir cctt. do Sheaghán mac Ristéird
Coipinéar le linn dultha don Fhrainnc don mhacaomh óg san
mbliain 1741; 6 ceathramhna:
"Cúig athchuigne atá agam duit a Sheagháin chun siubhail."
L. 265. - Mairbhne deighdhéanta do rinne duine éigin nách
fuaras ainm leis ar bhás Chonchubhair mhic Thaidhg Uí Chaoimh; 14
ceathramhna:
"Sin fút fear, a leac 'na luighe air feochadh."
L. 265. - Tadhg Mac Dáire cctt. do Dhonnchadh Mhór Ó Briain,
trí ceathramhna; an rann so:
"Sinnsearacht ní ghabhann ceart
I dtir do ghabhthar le neart
Calmacht na bhfear is ceart ann
's ní sinnsearacht na bhfear n-anbhfann.
L. 266-270. - Tadhg Mac Dáire, cct., do Dhonchadh Ó Briain
Bóirmhe (17 cedathramhna):-
"Mór atá air theagasc flatha: aige atá teacht deagh-ratha;
Cur righe an eagar mádh áil: leagadh tíre nó a togbháil."
L. 266-270. - Cathán Ó Duinnín, cct. 124 ceathramhna) dán
an-fhada a thosnaigheas:-
"Eistidh le coimhneas bhur gdath
A chlann oir-Mhuimhneach Eachach
Go treorach a toir a tóir bhisigh
Cóir eólach da innsinn."
Céitinn is Cainte an fioe
Is gasda an dá gheilfhine
Is líonmhar a dtáinte fán dtír
Uí Cáinte is Uí Céitín.
L. 271. - Seaghán Clárach Mac Domhnaill, cct., do Sheón
Dáson (11 ceathramhna):-
"Taiscighidh, a chlocha fá coigilt a gcoimeád criadh."
L. 271. - An Giota so: -
"Ní d'aitheanntaibh na hEaglaise an fial más lag
An t-eagnach más dealbh é, a bhriathra is leamh
Gan airgiod nil maise air bith ná miann a neach
'S an fleascach tur más tairbheach, is ciall é ar fad."
L. 271. - Cré Déin Swift:-
"Is é mo chreidiomh-sa, creidiomh na nua-Ghall."
L. 271. - Feart laoidhe Mhichil Uí Longáin:-
"Le ciumhas na lice seo curta tá seimh fhear suairc
Do bhí múinte milis glan soineanta saor gan ghruaim
Ler dhubhach gac tuirinn dá dtigeach ar Éirinn uair
Is guidhidh uile a dhul linne san Noamhbhrogh suas."
L. 272. - Níl aon nídh scriobhtha air an leathanach so (Mícheál
Óg, cct., Torna).
L. 273-280. - Blodh d'Análaibh Inis Faithlion sonn. Do
chíosa agus tuarasdail inseo síos (ocht leathanacha).
L. 281-309. - Nil aon nídh scríobhtha ar na leathanachaibh seo.
L. 310-314. - Aiste Sheaghain Uí Chonnail (Tuireamh na
hÉireann (134 ceathramhna): -
"An t-an smaoinighim air shaothibh na hÉirionn."
L. 313. - An méid seo eólais i dtaobh a shliochta féín:-
L. 314. - An tAthair Diarmuid Ó Séagha, cct. (7 ceathramhna):
"Mo theagasg dá nglacfá a chuirp nár cleachtadh leat srian."
L. 315-317. - Himn Pháttraig Sonn. Le Naemh Seachlán mac
Darearca (33 ceathramhna).
L. 317. - Blogha do Tharangaireacht Mhic Amhaloibh (agus ceath-
ramhna :-
"Is léanmhar na scéalta-so gheibhim-se aniugh."
L. 318. - Contaé Chorcaidhe mar aon le mór-chuaird na
hÉireann go huile.
Le hEoghan Ó Súilleabháin .i. file feallsamhan focalceart
fáigheamhail foghlumtha fireólach. Aon de cheartbhreitheamhnaibh
na saoith-éigse san gcontaé reamhráidhte agus Leithe Mogha mar
an gcéadna. Barántas a thosnuigheas mar seo:-
"Ag so faisnéis Dhiarmada Uí Fhoghludha dom láthair, etc."
Tá an leathanach le chéile fé.
L. 319-321. - Himn Phadraig sonn. Le Naomh Seachlan mac
Darearca. Sé an dán céadna atá ar leathanachaibh a 315, 316,
317, acht amháin go bhfuil an uile líne dhe i mBéarla agus i
nGaedhilg annso ar leathanachaibh 319, 321.
L. 321. - Aindreas Mac Cruitín, cct., ar bhfeicsin an leabhair
.i. Beatha Ruadháin Lothra i dtigh Uí Chinnéide i gContach Thoibread
Árann (agus ceathramhna).
L. 321. - An méid seo eólais fá dtaobh don tsórd aimsire a
bhí ann i mbliain a 1715:
"Do thuit an sneachta mór a nÉirinn i mbliain an tiarna 1715."
L. 321. - An méid seo eólais fá dtaobh don tsórd aimsire a
bhí ann i mbliain a 1715:
"Do thuit an sneachta mór a nÉirinn i mbliain an tiarna 1715."
L. 321. An méid seo do Stair na hAoise úd:
"Do tháinig an Pretender go hAlbain an chéad uair annsa bhliaghain 1715.
Do crochadh Séamas Mac Coitir a dtaobh éiginnithidhe Eilís sguib - 1720, May 7.
An siuc mór do chreach na mílte pearsa annsa bhliaghain 1740, oidhche Nodlag."
L. 321-324. - John O'Connell's Elegy on Ireland. Trans-
lated from the original Irish language by Dr. Cantillon of
Ballyheige in the County of Kerry, 1745. 50 ceathramhna:
"Do bhí sé sealad a gcathair na Téibe
Badh leis Atens igceart Féanuis
Do chuaidh as sin go Lacedémon
'S do ghluais leis as, mórán Greágach"
L. 325-337. - Níl aon nídh scríobhtha ar na leathanachaibh seo.
L. 338. - Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin cct.: 17 ceathramhna
"Pé in Éirinn í"
Tá Béarla le hais an uile bhéarsa dhe:
Is atuirseach géar mo scéal forior
I ganfhios don tsaoghal le tréimhse am' shnaoidhe
Do shearg mo ghné 's níl spéir am ghnaoi
Le taithniomh don bhé; pé in Éirinn í".
A doleful tale I'll relate to thee
Unknown to Fate I raise and grieve
Love hath decayed my face and mien
For my Curious dame, whoe'er she be.
(A chríoch).
Iar na sgriobhadh liom-sa, Eoghan Tóibín,
a mBóthar na mBlárnan, a gCorcaigh,
1824.
SEÁN TÓIBÍN.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11