Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aghaidh gach droichséil.
Title
Aghaidh gach droichséil.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AGHAIDH GACH DROICHSCÉIL. 1. Aghaidh gach droichscéil amach, Ní chuala mé cath ba mhó 'Ná a bhfuil iar n-éag ris an ngrádh, Is iongnadh dhúinn mar atáim beó! 2. Taom grádh do mhnaoi fá'n ngréin Ní thugas féin, feirrde liom, 'S nocha dtiubhar go dtí an bhráth; Ní beag liom cách ina ghioll. 3. Na fir seo ag dul d'éag den ghrádh, Fúigfid siad mná dá n-éis; Is urus dúinne dul n-a ndáil Muna mbe beo acht sinn féin. 4. Na fir shuairce seo ag dul d'éag, Smé an t-aon do chéad gan dul leó A Chríost créad fá bhfaghainn bás, 'S go bhfaghthar mná is anmhain beó? 5. An lucht so uaibh i bpéin, Má's fíor dóibh féin, i riocht mhairbh, Léigid míle cnead is uch, A Dhé go dtigh an guth fón ngairm. 6. Na daoithe dona chaill a gciall, Uch abhantais na gcuach gcleachtach, Mairg duitse bhíos dá mbreódh - Bíodh gur cuma a mbeó nó a marbh. 7. A Mhic Mhuire, an ait dúinn Iad ag seargadh súil re bás; Mo thruagh daoithe nduadh, 'S nach aithnid dóibh fuath ná grádh. 8. Daoine ag magadh fútha féin, Dá rádh go mbíd i bpéin bháis, Dá bhagairt go rachaid d'éag: Iongnadh an gléis mealltar ar mhnáibh. 9. Créad fá gcreidfinn duine féin Dá rádh riom go dtéid d'éag 'S nach tig claochlódh ar a chruth Fear, a Chríost, ar lucht na mbréag.
Tagra. Dhá láimhscríbhinn a bhí againn ag socrughadh an dána soin - má's féidir socrughadh a thabhairt air - (a) Láimhscríbhinn atá ar iasacht againn ó Shéamus Ó Casaide (Ó C.), agus (b) an láimhscríbhinn 23M16 (leathanach 93) sa Acadaimh. Iarsmaí de shaothar filidheachta Chois Máighe nó Thuadhmhumhan iad-san araon. Ní ghabhann aon cheann aca - i dtaobh scríbhneoireacht - níos sia siar 'na bliadhain a 1750, acht is follus gur ceapadh an dán thuas abhfad roimhe sin. Ní'l ainm ughdair i n-aon leabhar aca, acht deir M. :"File eigin ni fheadar ce he cc." Rann. l. 1. 2. cath .i. buidhean nó sluagh daoine. 3. 'na a bhfuil: na bhfuil, MSS. 4. atám .i. atáimíd. 2. 3. nocha dtiubhar .i. ní thabharfad. 4. na gheall, MSS. 3. 3. n-a ndáil .i. i ndálaibh na mban. 4. be, sé láithreach an mhodha chonnrathaigh. 4. 2. do chéad, .i. de chomhacht (?). 5. 4. guth, guith, Ó C. 6. 2. sic MSS. An "a bhean tais" is córa ann? Tá an cheathramha so truaillighthe sa dá leabhar; agus ní ghabhaid "gcleachtach" is "marbh" le chéile. 7. 3. daoithe nduadh, .i. brealláin bhuartha. 8. 4. gléis, sic MSS. (?) gléas .i. cuma, caoi. 9. 2. dtéid, .i. go dtéigheann sé. 4. Fear, déin truagh nó trócaire go tiugh; cf. fearthainn. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services