Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aghaidh gach droichséil.

Title
Aghaidh gach droichséil.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AGHAIDH GACH DROICHSCÉIL.



1. Aghaidh gach droichscéil amach,
Ní chuala mé cath ba mhó
'Ná a bhfuil iar n-éag ris an ngrádh,
Is iongnadh dhúinn mar atáim beó!



2. Taom grádh do mhnaoi fá'n ngréin
Ní thugas féin, feirrde liom,
'S nocha dtiubhar go dtí an bhráth;
Ní beag liom cách ina ghioll.



3. Na fir seo ag dul d'éag den ghrádh,
Fúigfid siad mná dá n-éis;
Is urus dúinne dul n-a ndáil
Muna mbe beo acht sinn féin.



4. Na fir shuairce seo ag dul d'éag,
Smé an t-aon do chéad gan dul leó
A Chríost créad fá bhfaghainn bás,
'S go bhfaghthar mná is anmhain beó?



5. An lucht so uaibh i bpéin,
Má's fíor dóibh féin, i riocht mhairbh,
Léigid míle cnead is uch,
A Dhé go dtigh an guth fón ngairm.



6. Na daoithe dona chaill a gciall,
Uch abhantais na gcuach gcleachtach,
Mairg duitse bhíos dá mbreódh -
Bíodh gur cuma a mbeó nó a marbh.



7. A Mhic Mhuire, an ait dúinn
Iad ag seargadh súil re bás;
Mo thruagh daoithe nduadh,
'S nach aithnid dóibh fuath ná grádh.



8. Daoine ag magadh fútha féin,
Dá rádh go mbíd i bpéin bháis,
Dá bhagairt go rachaid d'éag:
Iongnadh an gléis mealltar ar mhnáibh.



9. Créad fá gcreidfinn duine féin
Dá rádh riom go dtéid d'éag
'S nach tig claochlódh ar a chruth
Fear, a Chríost, ar lucht na mbréag.


L. 331


Tagra.



Dhá láimhscríbhinn a bhí againn ag socrughadh an dána soin - má's féidir
socrughadh a thabhairt air - (a) Láimhscríbhinn atá ar iasacht againn ó Shéamus
Ó Casaide (Ó C.), agus (b) an láimhscríbhinn 23M16 (leathanach 93) sa Acadaimh.
Iarsmaí de shaothar filidheachta Chois Máighe nó Thuadhmhumhan iad-san araon. Ní
ghabhann aon cheann aca - i dtaobh scríbhneoireacht - níos sia siar 'na bliadhain a
1750, acht is follus gur ceapadh an dán thuas abhfad roimhe sin. Ní'l ainm
ughdair i n-aon leabhar aca, acht deir M. :"File eigin ni fheadar ce he cc."



Rann. l.
1. 2. cath .i. buidhean nó sluagh daoine.
3. 'na a bhfuil: na bhfuil, MSS.
4. atám .i. atáimíd.
2. 3. nocha dtiubhar .i. ní thabharfad.
4. na gheall, MSS.
3. 3. n-a ndáil .i. i ndálaibh na mban.
4. be, sé láithreach an mhodha chonnrathaigh.
4. 2. do chéad, .i. de chomhacht (?).
5. 4. guth, guith, Ó C.
6. 2. sic MSS. An "a bhean tais" is córa ann? Tá an cheathramha so
truaillighthe sa dá leabhar; agus ní ghabhaid "gcleachtach" is
"marbh" le chéile.
7. 3. daoithe nduadh, .i. brealláin bhuartha.
8. 4. gléis, sic MSS. (?) gléas .i. cuma, caoi.
9. 2. dtéid, .i. go dtéigheann sé.
4. Fear, déin truagh nó trócaire go tiugh; cf. fearthainn.



Tórna.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services